Tá margadh dubh ar chúl an tí, margadh álainn trína chéile…

Tá tírín nua tagtha chun cinn ar chúl an tí ó tógadh an teach spraoi ann…

Tá margadh dubh ar chúl an tí, margadh álainn trína chéile…

Tá faitíos orm go bhfuil baile seantán neamhspleách tagtha chun cinn ar chúl an tí ó thóg muid an teach spraoi. Ní hamháin go bhfuil baile seantán ann, ach is cosúil go bhfuil tírín nua tagtha chun cinn, mórán thar oíche.

Mura mbeadh a fhios agat a mhalairt, agus níl a fhios, déarfá go bhfuil a dteanga féin acu, mar aon le teorainneacha crua agus, thar aon ní eile, geilleagar neamhspleách.

Caithfidh mé a admháil gur baineadh siar asam an lá a ndeachaigh mé amach ag cur éadaí ar an líne is go bhfaca mé comhartha scríofa le marcóir dubh ar dhoras an teaichín spraoi, “Kidz only, no groan ups owled!”

Meas tú an é seo a bhí i gceist ag Seán Ó Ríordáin nuair a scríobh sé faoi Thír na nÓg? Cheap mé riamh gur meafar don tsoineantacht, nó tagairt d’áilleacht na hóige a bhí i gceist aige.

Ach anois, tá tuiscint eile agam ar dhán Uí Ríordáin.

Is de réir a chéile a thosaigh an t-athrú. Ar dtús, d’imigh na cathaoireacha beaga amach, ansin an lego. Níl a fhios agam céard eile atá imithe amach ann, ach tá cuma sórt lom ‘Scandi’ ar an décor anois.

‘Cá bhfuil an bainne uilig imithe agus an builín, an bhfuil a fhios ag aon duine?’ a d’fhiafraigh mé agus mé trína chéile maidin amháin ag iarraidh bricfeasta a réiteach. Níor fhreagair éinne mé. D’éirigh siad ciúin ar dtús agus ansin thosaigh siad ag sioscadh eatarthu féin i dteanga nár thuig mé.

Feicim anois go bhfuil trádáil trasna an chlaí tosaithe leis na leadsaí atá ina gcónaí béal dorais. Ach oiread le dream Wall Street nó an FTSE 100, ní léir don té a bheadh ag breathnú isteach ón taobh amuigh cén chaoi go díreach a bhfuil an córas ar fad á bhainistiú.

Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil borradh mór faoi chúrsaí eacnamaíochta i dTír na nÓg.

Córas casta babhtála atá ann. Is cosúil go dtosaíonn idirbheartaíocht nuair a chaitear ‘táirge’ de chineál éicint anonn trasna an chlaí. Níl aon teorainn ar na rudaí gur féidir a úsáid mar airgeadra sa gcóras eacnamaíochta seo: liathróidí, deilbhíní sárlaochra, greamáin, cácaí beaga. Agus tá a bpraghas féin ar gach ceann acu.

B’fhéidir go gceannódh deilbhín Paw Patrol uair an chloig sa teach spraoi duit, nó dá gcaithfeá balún agus mála beag milseán trasna freisin, gheofá do rogha clár ar an teilifís agus deis ar na walkie-talkies ar feadh leathuair an chloig.

Ar an taobh eile den chlaí, áit a bhfuil an geilleagar, de réir mar a thuigimse é, bunaithe ar an linn lapadaíola agus cream crackers, cheannófá uair an chloig sa linn agus ar an sleamhnán ach gunna uisce mór a chaitheamh thar an gclaí.

Cuir dhá ghreamán Spider Man leis is gheobhaidh tú craicear agus im air freisin.

Agus, is fiú a rá, bíonn gach margadh ina mhargadh críochnaitheach. No backsies…

Fág freagra ar 'Tá margadh dubh ar chúl an tí, margadh álainn trína chéile…'