‘Tá dualgas ar an Rialtas deireadh a chur le coraintín do phaisinéirí’

‘Níl an samhradh ó rath go fóill,’ a dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu, ach tá tuilleadh brú á chur ar an Rialtas maidir le ceist an choraintín do phaisnéirí

‘Tá dualgas ar an Rialtas deireadh a chur le coraintín do phaisinéirí’

Tá ráite ag Aer Lingus gur cheart don Rialtas deireadh a chur leis an treoir do phaisinéirí a thagann isteach go dtí an tír a bheith ar coraintín ar feadh coicíse.

Faoi láthair, tugtar treoir do dhaoine a thagann chun na tíre seo ó aon tír eile 14 lá a chaitheamh ar coraintín, ach deir Aer Lingus nach bhfuil gá leis sin in aon chor.

Ag labhairt dó ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt Donal Moriarty, Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáide Aer Lingus, go raibh siad ag iarraidh ar an Rialtas deireadh a chur leis an riachtanas.

”Ní dóigh linn go bhfuil gá leis in aon chor. Sna tíortha eile san Aontas Eorpach, tá tionscal na turasóireachta ag oscailt arís, nó tá cinnteacht acu i dtaobh an dáta nuair a bheidh siad in ann oscailt,” a dúirt sé.

“Mar shampla sa Spáinn, beidh siad ag oscailt arís ar an 1 Iúil. Ní bheidh aon choraintín acu. Tá siad ag iarraidh turasóirí a mhealladh isteach sa tír.”

Dúirt Moriarty go léiríonn na staitisticí is déanaí go bhfuil ag éirí go maith leis an tír seo scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois agus nach gá an coraintín níos mó.

“Tá dualgas, dar linn, ar an Rialtas an chomhairle sin a athrú agus deireadh a chur leis an gcoraintín. Ní dóigh linn go bhfuil gá leis a thuilleadh.”

Dúirt Moriarty go raibh súil ag Aer Lingus tús a chur le heitiltí chun na Mór-Roinne an mhí seo chugainn ach nach raibh aon chinneadh déanta fós maidir leis na cathracha a mbeadh siad ag freastal orthu.

Mhínigh sé go raibh roinnt beartas le cur i bhfeidhm ag an aerlíne chun a chinntiú go mbeadh a bpaisinéirí sábháilte agus iad ag taisteal.

“Caithfidh gach duine masc aghaidhe a chaitheamh ar bhord an eitleáin agus moltar iad a chaitheamh san aerfort chomh maith,” arsa Moriarty.

I measc na mbeartas eile a luaigh Moriarty, dúirt sé nach mbeadh aon bhia ná deoch ar fáil le ceannach ar eitiltí gearraistir, go mbeadh ar gach duine úsáid a bhaint as pas bordála leictreonach agus go mbeadh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm don phróiséas bordála.

Dúirt Moriarty go raibh na beartais uile atá le cur i bhfeidhm bunaithe ar chomhairle ón Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitilíochta agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc.

Tá cáineadh géar déanta cheana ag úinéir Ryanair Michael O’Leary ar pholasaí coraintín an Rialtais agus é den tuairim nach bhfuil aon bhunús eolaíochta ag baint leis, rud atá séanta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET).

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu go bhfuil súil aige go gcuirfear tús athuair leis an aerthaisteal idirnáisiúnta le ‘droichid aeir’, is é sin eitiltí idir Éirinn agus tíortha eile ina bhfuil cás an ghalair mórán mar a chéile léi. Bheadh “roinnt seachtainí” ann sula dtarlódh a leithéid, a dúirt sé.

“Níl an samhradh ó rath go fóill,’ arsa an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Tá dualgas ar an Rialtas deireadh a chur le coraintín do phaisinéirí’'