‘Tá drochsmál curtha ar m’ainm’ – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ

Ag cruinniú coiste i dTeach Laighean, chuir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire glan in aghaidh ráitis a rinne RTÉ faoi chonspóid na n-íocaíochtaí

‘Tá drochsmál curtha ar m’ainm’ – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ

Dhein an láithreoir aitheanta Ryan Tubridy ionsaí fíochmhar ar maidin ar RTÉ as é a chur i gcroílár scannail náisiúnta a dúirt sé a tharraing siad orthu féin.

Dúirt Ryan Tubridy ag Coiste um Chuntais Phoiblí go raibh seacht rud nach raibh fíor ráite faoi i dtaobh scannal na n-íocaíochtaí a rinne RTÉ leis, íocaíochtaí a ndearna RTÉ iarracht iad a cheilt.

Mhaígh Noel Kelly, gníomhaire Tubridy, go raibh na figiúirí nua a chuir RTÉ amach an mhí seo maidir le pá Tubridy do 2020-21 míchruinn agus gur íocadh níos lú leis an láithreoir ná mar a tugadh le fios. Bhí sé “an-aisteach” go mbeadh figiúirí míchruinne fós á gcur amach ag RTÉ, arsa Kelly.

Ar an bhfianaise a thug Tubridy agus Kelly don choiste bhí ríomhphost a thugann le fios gur shocraigh RTÉ frithghealladh a dhéanamh ar íocaíochtaí a rinne Renault le Tubridy i bhfad níos luaithe ná mar a thug RTÉ le fios.

Ina ráiteas ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí, dúirt Tubridy gurb iad na trí seachtaine seo caite an tréimhse ba mheasa ina shaol “ar bhonn pearsanta agus gairmiúil”.

Dúirt sé go raibh géillte ag RTÉ go raibh baint acu le cleachtais arbh í an aidhm a bhí leo dallamullóg a chur ar dhaoine agus gur ceileadh na cleachtais sin air féin.

“An toradh? Ba mise íomhá scannail náisiúnta; líomhnaíodh go raibh mé comhpháirteach ann, go raibh mé lúbach agus mímhacánta…Ceileadh an fhírinne iomlán,” arsa Ryan Tubridy.

Dúirt Tubridy go raibh sé gonta go dona ag an gconspóid, go raibh sé trína chéile agus go raibh sé “deacair an teach a fhágáil”.

Bhí súil aige filleadh ar a chlár raidió go luath, a dúirt sé.

Dúirt Noel Kelly, gníomhaire an láithreora, go raibh drochíde faighte aige féin, ag Tubridy, ag a muintir agus a gcairde de thoradh na conspóide.

“Ba é Ryan Tubridy an t-aon duine sa scéal go n-aithneofaí é. Ba é an buachaill ar an bpóstaer fad is a bhain sé leis an scannal seo agus ní féidir glacadh leis sin. Ní scannal faoi Ryan Tubridy é seo. Is scannal faoi RTÉ é,” a dúirt Noel Kelly.

Nuair a cuireadh ceist air ar inis RTÉ bréaga faoin scéal, dúirt Kelly, “Bhí go leor bréag ann, bíodh sin d’aon ghnó nó ná bíodh, níl a fhios agam.”

Chuir Kelly an milleán ar fad ar RTÉ faoin scéala gur íocadh €345,000 níos mó le Tubridy idir 2017-2022 ná mar a tuairiscíodh go poiblí.

“Bhí muinín againn as RTÉ. Ní gnó nua-thionscanta é a bhfuil doiléiriú ag baint lena mhaoiniú nó a bhí thíos seal thuas seal nó a raibh an cháil air as margaí cama airgeadais. Institiúid náisiúnta í atá 100 bliain d’aois a bhfuil láimhdeachas níos mó ná €350,000,000 aige,” arsa Kelly.

Ina ráiteas chuig an gCoiste um Chuntais Phoiblí inniu, dúirt Tubridy nach bhfuil sé fíor nár ghlac sé le ciorrú pá. Mhaígh sé gur ghlac sé le ciorrú pá 20% i dtaca lena chonradh do 2020-2025. Ba é an dara rud nach raibh fíor, a dúirt sé, ná an maíomh go raibh baint ag scéal na n-íocaíochtaí lena chinneadh éirí as The Late Late Show. Ní raibh ceangal dá laghad idir an dá rud, arsa Tubridy.

Ryan Tubridy agus Noel Kelly

Dúirt sé nach raibh sé fíor ach oiread go bhfuair sé íocaíochtaí breise ó RTÉ go rúnda.

“Glacaim leis go hiomlán go n-íoctar go maith mé ach bhí an méid a íocadh liom ag teacht go hiomlán le mo chonradh, conradh a ndearna mo ghníomhaire idirbheartaíocht ina leith go hoscailte, go macánta agus le dea-intinn,” arsa Tubridy.

Dúirt sé nach raibh aon íocaíochtaí breise i gceist agus gurbh amhlaidh go raibh an méid pá a thuairiscigh RTÉ níos lú ná mar a bhí ceart.

Dúirt sé nach raibh sé fíor ach oiread a rá go raibh a fhios aige go raibh RTÉ ag iarraidh íocaíochtaí a deineadh leis a cheilt ná go raibh iarracht déanta aige socrú rúnda le Renault a cheilt.

Mhaígh an láithreoir chomh maith nach aon rún a bhí i gcinneadh RTÉ frithghealladh a dhéanamh ar na híocaíochtaí a bhí le fáil aige ó Renault. Dúirt sé féin agus a ghníomhaire, Noel Kelly, gur thug RTÉ gealltanas i mí Feabhra 2020 go ndéanfaí socrú maidir le frithghealladh na n-íocaíochtaí.

Chuir Tubridy agus Kelly ar fáil don choiste ríomhphost a sheol iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, Breda O’Keefe, chuig Kelly, inar tagraíodh don socrú sin.

Cuireadh cóip den ríomhphost sin chuig iar-ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, agus an ceannasaí ábhair Jim Jennings.

Maidir le cinneadh RTÉ na híocaíochtaí ó Renault a fhrithghealladh, dúirt Noel Kelly gur gealladh an méid sin “luath san idirbheartaíocht” faoi chonradh Tubridy.

Dúirt sé go bhfuil an méid sin soiléir i ríomhphost dar dáta an 20 Feabhra 2020 ó Breda O’Keeffe.

Agus an margadh le Renault d’íocaíochtaí €75,000 sa bhliain á phlé ag Kelly, dúirt sé i ríomhphost chuig Breda O’Keefe “go dteastódh litir thánaisteach uainn chomh maith mar chomhaontú ó RTÉ barántas a thabhairt i leith na táille seo agus í a fhrithghealladh ar feadh tréimhse an chonartha agus ina dhiaidh”.

Mar fhreagra air sin, dúirt Breda O’Keeffe: “Rinneamar dul chun cinn maith faoin gcuma a bheadh ar an socrú tráchtála…agus is féidir linn litir thánaisteach a chur ar fáil duit chun an táille a fhrithghealladh do thréimhse an chonartha.”

De réir an chuntais a thug feidhmeannaigh ó RTÉ do choistí Oireachtais, ba í an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes a thug a beannacht do na socruithe agus gur aontaigh sí ó bhéal i gcruinniú físe ar an 7 Bealtaine go seasfadh RTÉ an costas a bhainfeadh leis na híocaíochtaí a bhí le déanamh ag an gcomhlacht tráchtála.

I ráiteas a chuir RTÉ amach inniu dúirt siad nár ghlac siad le léamh Tubridy agus Kelly ar an socrú. Sheas RTÉ, a dúirt siad, leis an míniú a bhí tugtha cheana acu ar chúrsaí, is é sin nár deineadh aon socrú maidir leis na híocaíochtaí a fhrithghealladh go dtí gealltanas ó bhéal Dee Forbes i mí na Bealtaine.

Dúirt Tubridy gurb é an seachtú rud a dúradh faoi nach raibh fíor ná nár chuir sé aon cheist ar RTÉ faoin tuairisciú míchruinn a rinne siad ar an méid a íocadh leis. Ghlac sé leis áfach gur cheart go mbeadh a thuilleadh ceisteanna curtha aige faoi na figiúirí maidir lena phá a scaoileadh amach in 2021 do na blianta 2017, 2018 agus 2019.

Fág freagra ar '‘Tá drochsmál curtha ar m’ainm’ – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ'