‘Tá dóthain Gaeilgeoirí sa Dáil le leas na teanga a dhéanamh ach an cur chuige ceart a bheith ann’

Deir iar-aire Gaeltachta gur gá cur chuige straitéiseach ó thaobh cur chun cinn na teanga agus nár cheart do bhaill an Oireachtais géilleadh don chathú a bheith ‘mar urlabhraithe ag chuile bhrúghrúpa Gaeilge beo’

‘Tá dóthain Gaeilgeoirí sa Dáil le leas na teanga a dhéanamh ach an cur chuige ceart a bheith ann’

Tá dóthain Gaeilgeoirí i dTithe an Oireachtais le leas na teanga a dhéanamh le linn an téarma Dála nua ach cur chuige straitéiseach a bheith ann agus gan a bheith ag iarraidh feidhmiú mar “urlabhraithe chuile bhrúghrúpa Gaeilge beo”.

Sin a bhí le rá ag an bpolaiteoir is mó a bhfuil cáil na Gaeilge air i dTeach Laighean, Éamon Ó Cuív, agus tús curtha an tseachtain seo le téarma nua na Dála.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta gur mionlach iad Gaeilgeoirí na Dála ach gur mionlaigh a shocraíonn cuid mhór den phlé i dTeach Laighean.

Dar le Ó Cuív gur cheart do lucht na Gaeilge sa Dáil a n-aird a dhíriú an téarma seo ar achtú an bhille teanga agus ar stádas na Gaeilge sa chóras pleanála, sa chóras oideachais agus i gcúrsaí craoltóireachta.

Chaithfí a bheith cúramach, a dúirt sé, gan “a bheith ag dul ó mhionphointe go mionphointe” ná géilleadh don chathú a bheith “mar urlabhraithe ag chuile bhrúghrúpa Gaeilge beo”.

“Bíonn mianta éagsúla agus cur chuige éagsúil ag daoine ach dá ndíreodh na Gaeilgeoirí sa Dáil agus ar Choiste Oireachtais na Gaeilge ar spriocanna straitéiseacha sílim go n-éireodh linn. Is mionlach sinn ach an tslí a n-oibríonn an Dáil anois is mionlaigh a shocraíonn céard iad na rudaí a phléitear agus a ndéantar gníomh ina leith.

“Bímis macánta faoi, tá go leor daoine i ngach páirtí nach gcaillfidh codladh na hoíche mar gheall ar an nGaeilge ach ciallaíonn sin freisin nach gcuirfidh siad inár n-aghaidh má bhíonn an cur chuige straitéiseach ceart againn.”

Dar le Ó Cuív gurb é an chéad rud a chaithfear a dhéanamh an téarma seo ná “brú ar aghaidh leis an mbille teanga” agus é a achtú a luaithe agus is féidir.

“Caithfear an bille teanga a achtú thar aon rud eile. Má dhéantar é sin bunaithe ar na leasuithe atá foilsithe, beidh rud suntasach déanta, beidh beart suntasach curtha i gcrích agus taispeánfar céard is féidir a dhéanamh le próiseas maith reachtaíochta agus Aire [An tAire Stáit Jack Chambers] atá sásta éisteacht,” a deir Ó Cuív.

Dar le Ó Cuív gur cheart díriú chomh maith ar na riachtanais reachtaíochta eile ó thaobh na Gaeilge. Chuige sin, ba chóir, dar leis, tuarascálacha coiste a réiteach le moltaí infheidhmithe.

Agus an Dáil fillte an tseachtain seo, deir Ó Cuív gur cheart féachaint go háirithe ar chúrsaí pleanála, cúrsaí oideachais agus cúrsaí craoltóireachta.

“Ba cheart breathnú ar an Acht Craolacháin agus córas maoinithe cothrom don chraoladh trí Ghaeilge a thabhairt isteach agus fáil amach an bhfuil an reachtaíocht sách láidir maidir le dualgas a leagan ar RTÉ i leith na Gaeilge. I gcúrsaí pleanála caithfear cosaint cheart a thabhairt don teanga sa Ghaeltacht, go háirithe ó eastáit tithíochta.

“I réimse an oideachais, ba chóir breathnú ar an acht oideachais agus an Ghaeilge ag an tríú leibhéal a mhaoiniú i gceart agus athbhreithniú a dhéanamh ar an seasamh reachtúil atá ag COGG. B’fhiú ceist a chur freisin ar cheart go mbeadh ETB [bord oideachais agus oiliúna] ar leith ann do scoileanna ETB lán-Ghaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht”.

Fág freagra ar '‘Tá dóthain Gaeilgeoirí sa Dáil le leas na teanga a dhéanamh ach an cur chuige ceart a bheith ann’'