‘Tá daoine nár sheas in oifig poist le na blianta ag síniú aighneachtaí ar a son anois’ – an tAire Pobail agus Tuaithe

Faoi phobal na tuaithe atá sé a chinntiú nach ndúnfar oifigí poist agus ba chóir do mhuintir na tuaithe úsáid níos mó a bhaint as na hoifigí más áil leo go leanfaidís i mbun gnó, a deir an tAire Michael Ring

‘Tá daoine nár sheas in oifig poist le na blianta ag síniú aighneachtaí ar a son anois’ – an tAire Pobail agus Tuaithe

Faoi phobal na tuaithe atá sé a gcuid oifigí poist a choinneáil beo agus caithfidh siad leas a bhaint as na seirbhísí sin nó beidh siad dá n-uireasa.

B’in é an teachtaireacht a bhí sa gcaint a rinne an tAire Gnóthaí Pobail agus Tuaithe, Michael Ring, agus é ar chuairt ar an gClochán i gConamara an tseachtain seo chun seoladh oifigiúil a dhéanamh ar Sheó Chumann Chapaillíní Chonamara na bliana seo.

“Ná leagtar fiacail air. Níl na daoine ag baint leasa as seirbhísí na n-oifigí poist anois agus sin é an t-údar is mo go bhfuiltear dá ndúnadh.

“Breathnaigh, tá An Post ag iarraidh oifigí a choinneáil oscailte ach ní féidir leanacht ar aghaidh in áiteacha nach fiú trácht ar an méid gnó atá dá dhéanamh iontu,” a dúirt an tAire Ring.

In agallamh sa gClochán, dúirt an tAire Ring go bhfuil cuid mhaith daoine ag dul chuig cruinnithe poiblí agus ag síniú cáipéisí ag tacú anois le seirbhísí poist a choinneáil faoin tuath, ach nár thaobhaigh cuid mhaith de na daoine céanna sin Oifig an Phoist iad féin le fada an lá, ná ariamh i gcásanna áirithe.

Dúirt an tAire Ring go bhfuil os cionn 80% de thiománaithe na tíre seo ag íoc as a gcáin bhóthair ar líne anois agus nach bhfuil seirbhísí an phoist á n-úsáid. Dúirt sé freisin go bhfuil eolas aige ar bhaile ina dtéann leath na ndaoine chuig oifig poist i mbaile mór eile ag tógáil an phinsin nó ag fáil íocaíochtaí eile.

Dúirt sé gur léir go bhfuil go leor daoine ag fáil a gcuid íocaíochtaí tríd an mbanc.

Níl aon cháineadh le déanamh ar na máistrí poist a bhfuil fúthu glacadh le pacáiste iomarcaíochta An Post agus éirí as uilig, a dúirt an tAire.

Ba léir, a dúirt sé, nach raibh an oiread teacht isteach acu agus gurbh fhiú dóibh coinneáil orthu ag obair.

Dúirt an tAire Pobail agus Tuaithe go bhfuil sé féin ag iarraidh go mbeadh an oiread oifigí poist agus is féidir i gceantair tuaithe ach nach mairfidh na seirbhísí sin mura mbainfidh daoine leas astu.  Ní bheidh, a deir sé, aon duine níos faide ná 15 ciliméadar ó oifig an phoist i gceantar tuaithe de bharr na socruithe is deireanaí atá ag An Post.

Cháin Ring go láidir bainc na tíre.

“Níl na bancanna ag obair ar nós gnáthbhancanna ar chor ar bith sa tír seo anois agus tá pobal na tuaithe thíos leis sin,” a dúirt sé. Tá an chosúlacht ann, a dúirt sé, nach mbíonn go leor bancanna sásta déileáil dhíreach a dhéanamh leis an bpobal.

“Ag iarraidh go ndéanfadh daoine a ngnó ar an idirlíon atá na bancanna agus ní aontaím leis sin beag ná mór.” Thug sé le fios go dtacódh an Rialtas le plean go mbunófaí Bancanna Pobail, ach dúirt sé nach mbeadh pingin ar bith as ciste an Stáit ag dul isteach iontu.  Dúirt sé go raibh Séamus Ó Beoláin ón eagraíocht Irish Rural Link ag réiteach moltaí faoin gcaoi a dtosófaí gluaiseacht bancanna pobail.  Níor thagair an tAire Ring ina chuid cainte do ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa.

Bhí sé an-mholtach ar choiste Sheó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara agus ar an obair atá ar bun le 95 bliain ag an gCumann. Bhí eireabaill na gcapall dea-bheathaithe ag dul in aer agus fuadar faoina gcosa ar Pháirc an tSeó sa gClochán, agus dúirt an tAire Gnóthaí Pobail agus Tuaithe go raibh neart foráis faoi cheantair tuaithe i gcónaí.  “Tá dream an éadóchais ann agus tá dream an fhuarchaoineacháin ann, ach tá pictiúr eile faoin tuath.  Feicim teacht aniar agus teacht i láthair i bpobail tuaithe ar fud na hÉireann agus is sampla dó sin é an Seó seo,” a dúirt Ring.

Dúirt an tAire “gur iomaí sin bac agus gur iomaí sin tuisle” a bhí sa saol ó bunaíodh Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara 95 bliain ó shin.

“Ach gan aon bhuíochas de sin uilig coinníodh an Seó ag imeacht.  Sin sampla den mhianach atá i bpobal na tuaithe agus is eiseamláir é an Seó.

“Níl aon ghnó againn a bheith ag súil go bhfanfaidh an saol mar a bhí faoin tuath; saol eile anois é agus caithfidh muid a bheith ag breathnú chun cinn agus tá an rud céanna amhlaidh faoi chás na n-oifigí poist.”

Fág freagra ar '‘Tá daoine nár sheas in oifig poist le na blianta ag síniú aighneachtaí ar a son anois’ – an tAire Pobail agus Tuaithe'

  • murchadh

    Tá an ceart ar fad ag Ring.