Deir Cathaoirleach nua COGG gur chóir go mbeadh bunú gaelcholáistí mar chuid lárnach d’aon pholasaí nua don ghaeloideachas.
Ina chéad agallamh ó ceapadh é ina chathaoirleach ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, dúirt Cathnia Ó Muircheartaigh le Tuairisc.ie, gur chóir go mbeadh rogha an oideachais lánGhaeilge ar fáil do gach páiste.
“Creidim gur chóir go mbeadh an deis ar oideachas lán-Ghaeilge ag gach dalta sa tír. Is ceart é sin. Tá mé ag caint ar oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Ba chóir na bearnaí atá ann a líonadh.”
“Mo thuairim phearsanta féin ná gur fearr gaelcholáiste a bhunú más féidir in aon chor.”
Tá Cathnia Ó Muircheartaigh, arb as Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne dó ó dhúchas, tagtha i gcomharbhacht ar Dhónal Ó hAiniféin a bhí ina chathaoirleach ar an eagraíocht le hos cionn seacht mbliana anuas. Is é Ó Muircheartaigh a bhí ina leaschathaoirleach ar COGG ó 2019.
Is iaruachtarán é ar an Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (2016-2017) agus bhí sé ina uachtarán ar an eagraíocht Gaelscoileanna (Gaeloideachas anois) idir 2014-2016.
Deir Ó Muircheartaigh chomh maith gur chóir go mbeadh “polasaí cinnte” ann i dtaobh na n-aonad Gaeilge a bhíonn i scoileanna Béarla.
“Cinnte tá gá le polasaí i gcomhair na n-aonad. Cad is aonad ann? Tá laige mhór ansin mar níl a fhios ag éinne cad is aonad ann.”
Tá Ó Muircheartaigh ina phríomhoide ar Choláiste Pobail Osraí, an t-aon ghaelcholáiste i gCill Chainnigh.
Aonad a bhí sa scoil i dtús ama nuair a bunaíodh í in 1991 agus cé go ndearnadh Gaelcholáiste neamhspleách di, deir Ó Muircheartaigh nach cur chuige é sin a mholfadh sé féin.
“Thosaíomar féin mar aonad anseo i gCill Chainnigh agus deineadh gaelcholáiste dínn sa bhliain 2007.
“Bhí an toil ann agus bhí an riachtanas ann. Dhúbail na huimhreacha a luaithe is a bunaíodh an gaelcholáiste.”
Sa chás go mbeadh aonad á bhunú, deir Ó Muircheartaigh gur chóir go mbeadh “an bóthar leagtha síos” ón tús chun go bhféadfaí scoil neamhspleách a dhéanamh di ina dhiaidh sin.
Tréimhse ceithre bliana atá ag Ó Muircheartaigh mar chathaoirleach ar COGG agus beidh “obair mhór” le déanamh ag an eagraíocht le linn na tréimhse sin i dtaobh áiseanna agus leabhair Ghaeilge a fhorbairt, a deir sé.
“De réir mar a thagann na sonraíochtaí nua don Ardteist isteach beidh gá le leabhair agus áiseanna nua. Chonac é seo nuair a bhí na sonraíochtaí nua ag teacht isteach ag an tSraith Shóisearach, bhí an-bhrú ó thaobh áiseanna a chur ar fáil,” a dúirt sé.
Maidir le ceist chonspóideach na díolúine, deir Ó Muircheartaigh go bhfuil gá aghaidh a thabhairt uirthi.
“Tá an-chuid díolúintí á dtabhairt amach agus is cinnte go bhfuil sé ag cur an-chuid brú ar phríomhoidí ag an iarbhunleibhéal,” a dúirt sé.
Deir Ó Muircheartaigh go bhfuil “go leor dúshlán” le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta faoi láthair ach go bhfuil buntáistí móra ag baint leis an ghaeloideachas i gcónaí.
“Tá géarchéim ann ó thaobh soláthar múinteoirí. Is ceist i bhfad níos leithne í seo ach cinnte tá fadhb mhór ann sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus tá gá le breis daoine a bhfuil ardchumas Gaeilge acu a earcú.
Deir sé gur gá a bheith “cruthaitheach agus obair le chéile” chun na fadhbanna a bhaineann le cás na Gaeilge sa chóras oideachais a réiteach.
“Tá ag éirí go han-mhaith leis an ríomh-mhol mar shampla, atá mar chuid den pholasaí oideachais don Ghaeltacht, córas faoina ndéantar an teagasc in ábhar ar leith ar líne agus go mbíonn múinteoirí ag múineadh daltaí ó scoileanna Gaeltachta éagsúla,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Muircheartaigh go gcreideann sé “go láidir” san obair atá ar siúl ag COGG.
“Creidim go láidir sa teanga, creidim go láidir sa Ghaelscolaíocht i gcoitinne.
“Creidim go láidir san obair atá ar siúl ag COGG chun tacú leis na scoileanna sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht agus chun tacú le pobal na scoileanna an teanga a neartú.”
Fág freagra ar '‘Tá ceart ag cách ar an ngaeloideachas’ – Cathaoirleach nua COGG'