Tá ceacht le foghlaim i gcónaí againn ó na Cúbaigh faoi chúrsaí sláinte

Níl rud ab fhearr a d’fhéadfadh an Roinn Sláinte seo againne a dhéanamh láithreach ná toscaireacht eolaithe a chur go Cúba le tuiscint a fháil ar an gcóras éifeachtach sláinte atá acu

Tá ceacht le foghlaim i gcónaí againn ó na Cúbaigh faoi chúrsaí sláinte

Beidh Sláintecare go hard ar an liosta ag an rialtas nua – má bhíonn. Ní mórán dlúis a chuir an rialtas deireanach leis go deimhin.

Is é an bunús a bheadh leis gur córas poiblí sláinte a bheadh againn feasta. Ina theannta sin chuirfí cóireáil gar do bhaile ar othair seachas a bheith á bpacáil isteach in ospidéil.

Níl rud ab fhearr a d’fhéadfadh an Roinn Sláinte seo againne a dhéanamh láithreach ná toscaireacht eolaithe a chur go Cúba le tuiscint a fháil ar an gcóras éifeachtach sláinte atá acu sa tír sin.

Tá na Cúbaigh á chruthú aríst ó thosaigh Covid-19 ag leathadh ar fud an domhain.

Is í an aidhm a bhíonn acu i gCúba i gcónaí teacht roimh an ngalar seachas a bheith ag iarraidh an galar a leigheas. Sin é an fáth a bhfuil líonra clinicí nó mionospidéil acu ar fud na tíre.

Ina theannta sin tá neart dochtúirí agus altraí acu. Tá níos mó dochtúirí in aghaidh an mhíle duine i gCúba ná i dtír ar bith eile sa domhan.

Ciallaíonn sé sin go mbíonn aithne mhaith ag an dochtúir ar na hothair agus go ndéanann an dochtúir iarracht i gcónaí baol galair a thabhairt faoi deara in am.

Ar ndóigh ní fhéadfaidís an Covid-19 a sheachaint ach oiread le dream ar bith eile ach chuaigh siad ag obair as éadan leis an víreas a throid.

Rinneadh cur síos an lá faoi dheireadh ar dhochtúir teaghlaigh darbh ainm Liz Caballero a théann trí cheantar i Havana chuile mhaidin féachaint an dtabharfadh sí faoi deara daoine a mbeadh an baol ann go mbuailfeadh Covid-19 iad.

Ag siúl ó theach go teach a bhíonn sí. Bíonn 328 teaghlach faoina cúram.

Maidir le masc a chaitheamh tá sé ina dhlí i gCúba go gcaithfear é a chaitheamh i measc an phobail. Fíneáil nó príosún a bheadh i ndán don té a mbéarfaí air nó uirthi dá uireasa.

Nuair a thugtar duine faoi deara a tholg an víreas, cuirtear an duine sin in “ionad leithlise” stáit ar feadh cheithre lá dhéag. Ní bhíonn glacadh le cuibhriú sa mbaile.

San Aibreán seo caite d’fhág múinteoir Havana le dhul go dtína chathair dhúchais Trinidad. Stopadh é féin agus a theaghlach ag seicphointe míleata. Cuireadh chuig ceann de na hionaid seo é.

Villa saoire nach raibh turasóirí ann ag an am a bhí san ionad. Ní ligtí amach as sin iad. D’fhágtaí bia taobh amuigh den doras acu agus chuireadh dochtúir scrúdú orthu ní uair amháin sa lá ach trí huaire sa lá.

Tar éis trí lá frítheadh amach nach raibh an víreas orthu agus ligeadh bóthar leo.

Ní hé amháin go bhfuil neart dochtúirí agus altraí i gCúba ach tá 10,000 dochtúirí Cúbacha ag obair ar fud an domhain freisin. Tabhair faoi deara gur chuir Cúba dochtúirí go dtí an Iodáil nuair a thosaigh an víreas ag scaipeadh ansin.

Á gcáineadh a bhí rialtas Mheiriceá agus rialtais eile atá ina maidríní lathaí ag Meiriceá. Propaganda atá ar bun ag rialtas Chúba, a dúirt siadsan.

Shílfeá gur chiallmhaire an beart é ná a bheith ag onnmhairiú gunnaí agus armlón agus ag marú daoine as dróin.

Nuair a thosaigh an ghéarchéim sláinte, rinne an tUachtarán Trump beag is fiú di agus dúirt sé gur cosúil an víreas leis an bhfliú.

Dúirt Uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, nach raibh ann ach “fliú éadrom”.

Chuaigh rialtas Chúba i muinín na heolaíochta. D’éist siad leis an gcomhairle a bhí lianna comhairleacha ar fud an domhain a chur agus bhí an toil pholaitiúil acu leis na bearta crua a bhí riachtanach a chur i bhfeidhm.

Tugann sé seo ar fad ar ais muid go dtí Sláintecare in Éirinn. Agus mé á scríobh seo tá urlabhraí as ceann de na páirtithe móra ag caint ar “a move towards Sláintecare”. Bhraithfeá nach driopás ach moilleadóireacht atá i bhfolach sa gcaint sin.

Nuair a tharla an réabhlóid i gCúba d’imigh leath na ndochtúirí go Meiriceá. Imeacht ghé an oileáin orthu, a dúirt Fidel Castro agus a chairde: fán fada orthu.

Tá neart lianna in Éirinn atá ag déanamh go maith as an gcóras príobháideach sláinte faoi láthair.

An mbeidh orthusan imeacht iad féin amach anseo nó an gcuirfidh siad Sláintecare ó rath roimhe sin?

Is críonna an té a déarfadh.

Fág freagra ar 'Tá ceacht le foghlaim i gcónaí againn ó na Cúbaigh faoi chúrsaí sláinte'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Alt maith ach oibrionn na doctúirí igCúba ar tuarastáil iseal rud nách ndéanfaidh na doctuirí in Éirinn.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá an ceart ansin agat.

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil Gaeilge ar Masc, ???.
    Cad faoi Púicín. ???

  • Roibeard

    Is í an fhadhb is mó atá ag Cúba agus muintir Cúba ná go bhfuil baghcat ar siúl le breis is seasca bliain agus go gcuirtear i gcónard leis na Stáit Aontaithe nó leis an Eoraip í i gcónaí i gcónaí, cé go mba chóra is ba chirte go mór is go fada í a chur i gcomparáid le tír ar nós Háítí. Má deintear é sin, chítear go bhfuil saol i bhfad “Cúba” níos fearr agesna Cúbaigh ná mar atá ag a lán lán daoine eile i Meiriceá Theas. Ní hamháin ó thaobh cúrsaí sláinte dhe. Tá a fhios san ag formhór mór na ndochtúirí Cúbacha toisc go bhfuaireadar tógaint, oiliúint agus móráltacht réabhlóideach. Rud ná tuigeann an gnáthmhac léinn san Eoraip agus gan bac lena mhacasamhail i Meiriceá Thuaidh. Tá a dtuarastal dá réir sin.

    Cad is dóigh leat a tharlódh, má thagann an neoliobrálachas isteach…? Saoirse an liobrálachais? Ní dóigh liom.