Tá brainse de ghluaiseacht rúnda i chuile theach sa tír – an SSM (Seas Suas Mamaí)

Cén ‘ollaidhm’ atá ag an SSM – smacht iomlán a ghlacadh ar gach gné den saol agus den tsochaí?

Tá brainse de ghluaiseacht rúnda i chuile theach sa tír – an SSM (Seas Suas Mamaí)

Is dóigh go bhfuil sé roinnt blianta anois ó thosaigh mé i mbun mo staidéar fadtéarmach ar an ngluaiseacht cearta sibhialta ar a dtugaim ‘Seas Suas Mamaí’. 

Eagraíocht rúnda atá ina bun agus, ní hé go bhfuil mé ag iarraidh imní a chur ort, ach bhí sé chomh maith agam é a rá amach, tá gníomhairí acu i mbeagnach chuile theach in hÉireann. 

Seans go bhfuil duine nó beirt acu i do theach féin. Déarfainn leat suí síos agus an scéal seo á léamh agat, ach sa gcás is go bhfuil duine d’fheidhmeannaigh Seas Suas Mamaí i ngar duit, tá a fhios agam nach mbeidh aon chead agat suí síos. Fiú le cupán tae a ól ar do shuaimhneas, glaoch gutháin a dhéanamh, nó le breathnú uait ag déanamh imní cár leag tú uait do phas taistil go deireadh. 

Seans go raibh a n-aird dírithe ortsa uair nó dhó i do shaol i ngan fhios duit.

Deirim gur ‘Seas Suas Mamaí’ atá ar an eagraíocht, ach dáiríre, tá dhá bhrainse ag feidhmiú acu ag an am céanna. Scoiltghrúpaí, más maith leat. ‘Seas Suas Daidí’ an t-ainm atá ar an ngrúpa eile, agus tá siad an-ghníomhach na laethanta seo agus iad ag iarraidh a gcuspóirí uaisle a chur chun cinn. 

An bhfuil tú i do sheasamh suas? 

Beir ar fhráma an dorais, mar tá rún eile agam duit. Ní ar an oileán seo amháin atá na feidhmeannaigh ag na SSMí, nó na Seasaithe, mar a thugtar orthu, nó mar a thugaimse orthu. Má tá mo chuid taighde cruinn, agus ní do mo mholadh féin atá mé, ach sílim go bhfuil, tá cruthúnas agam go bhfuil gníomhairí acu i dtithe ar fud an domhain. 

Tá na Seasaithe chomh rúnda sin, nach bhfuil mé in ann aon cháipéis ná treoirleabhar traenála a aimsiú a chruthódh go bhfuil siad ag feidhmiú ar chor ar bith, ainneoin mo chuid iarrachtaí uilig. 

Ach is léir go bhfuil stiúradh lárnach éigin á dhéanamh orthu, tá modus operandi mar an gcéanna acu ar fad. Chomh luath is a fheiceann siad pé príomhchúramóir atá acu ag stopadh den obair, aimsíonn siad jab éigin dóibh. 

Rudaí beaga fánacha iad go hiondúil, ach ar chúis éigin tá na rudaí beaga fánacha seo an-phráinneach go deo. Seans go bhfiafróidh siad ort gloine bainne a fháil, na barriallacha ar na bróga a cheangal, nó céard é 63 roinnte ar chúig agus méadaithe faoi thrí. 

Cén aidhm atá acu? Níl mé cinnte cén ‘oll-aidhm’ atá acu… cumhacht iomlán a ghlacadh ar gach gné den saol agus den tsochaí? Seans. Deireadh a chur le cruinnithe ar Zoom? An bonn a bhaint de chóisirí fíorúla? B’fhéidir. 

Cheap mé tráth go raibh aidhm mhímhacánta mhailíseach éigin ag na Seasaithe. Go raibh siad ag iarraidh sclábhaí a dhéanamh asam agus gach nóiméad de mo shaol a sciobadh uaim is a stiúradh. 

Ach tagann tuiscint de réir a chéile. Tuigim anois gur sólás atá uathu agus an saol curtha bunoscionn faoi láthair. Tuigim go bhfuil beagán níos mó aire ag teastáil na laethanta seo ná mar a bhíonn go hiondúil. Is dóigh go bhfuil sé chomh maith agam seasamh leo, beidh mé i mo shuí síos sách fada. 

Fág freagra ar 'Tá brainse de ghluaiseacht rúnda i chuile theach sa tír – an SSM (Seas Suas Mamaí)'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith 7 cliste ciallmhar mar is iondúil :-). Maith thú féin, a Bhríde.