Tá an scéal is déanaí agam ó ‘Barrscéalta’, ach ná fiafraigh díom céard atá ag tarlú thiar nó theas

LÉIRMHEAS: Caithfidh sé go gcuireann sé crua ar chraoltóirí agus ar léiritheoirí RnaG ábhar áitiúil spreagúil a aimsiú lá i ndiaidh lae

Tá an scéal is déanaí agam ó ‘Barrscéalta’, ach ná fiafraigh díom céard atá ag tarlú thiar nó theas

Barrscéalta, Raidió na Gaeltachta.

Léiríonn Barrscéalta buanna agus díomuanna RnaG in aon iarraidh amháin. Clár beomhar irise ó na Doirí Beaga, Co Dhún na nGall, atá ann, á chur i láthair go cumasach ag Áine Ní Churráin le fada an lá. Tá mise ag éisteacht leis le tamall mór fada; sula raibh iomrá ar raidió digiteach fiú. Baineann Barrscéalta leis an taobh tíre lena mbainim féin, is é sin, fearann sin m’fhoghlama, mo laethanta saoire agus mo chuid oibre.

Sea, is maith liom ligean orm féin anois agus arís gur fíor-iriseoir mé; cuirim cluas le héisteacht orm féin le fáil amach cad é atá ag titim amach i nGaeltacht Dhún na nGall ar eagla scéal ar bith a fháil a líonfadh craos ocrach an nuachtáin. Thairis sin, ní dhéanann sé dochar ar bith d’iriseoir ar bith bheith ina shuí agus seal tamaill a chaitheamh ag éisteacht le daoine eile.

Ní hiontas é go mbíonn ceist an Bhreatimeachta á plé. Tá na Conallaigh ina gcónaí pluc le pluc leis an Teorainn agus tuigeann siad mar a chuirfeadh teorainn chrua leis na fadhbanna atá acu cheana féin. Ach ní ar Bhreatimeacht amháin a mhaireann Barrscéalta. Bíonn scéalta eile nuachta faoi chaibidil agus an tionchar a bhíonn acu sin ar an phobal áitiúil, mar aon le cúrsaí cultúir, siamsaíochta agus eile ann. I mbeagán focal, bíonn bun agus barr an scéil acu.

(Go raibh maith agat. Fáilte. I mbun grinn anseo gach aon seachtain a bheas mé.)

Ait mar a thagann rudaí chugat. Tamall ó shin a chuala mé faoi choinbhinsiún toghchánaíochta de chuid Fhine Gael sa réigiún. Ní raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh mórán daoine ag briseadh na gcos lena n-ainmneacha a chur chun cinn don pháirtí. Tugann an méid sin féin léargas luachmhar logánta duit ar imeachtaí páirtí, nach dtugann? An bhfuil gach aon rud chomh sona i Leolann agus a léifeadh duine, abair, ar nuachtáin Bhaile Átha Cliath?

Meascán mearaí a bhíonn ar an chlár agus ní thógfadh sin orthu. Is é an ‘nuachtán’ áitiúil don cheantar é agus, oiread chéanna le gach aon nuachtán, caithfidh siad amharc ar gach aon ghné den tsaol ann. Bíonn ábhar deas éadrom ann – seanlánúin ag ceiliúradh saol fada pósta – agus ábhar i bhfad níos conspóidí – cúrsaí coiriúlachta agus comhairle don phobal bheith san airdeall ar dhaoine amhrasacha sa cheantar. Léiríonn an t-ábhar féin an t-athrú atá anois ann. An dtuigeann lucht cathrach an imní a bhíonn ar phobal na tuaithe roimh ghadaithe anois?

(An lá a raibh mé ag éisteacht le Barrscéalta faoi ghadaíocht i nDún na nGall, robáladh an siopa áitiúil i mo cheantar féin, ceantar chomh ciúin agus a shamhlófá. Is túisce go bhfeicfeá piongain ná póilín ann.)

Agus bean chróga amháin atá ar chúl an mhic, í ag léim léi ó ábhar go hábhar, ag mealladh cainte as daoine; daoine, in amanna, nach mbíonn deisbhéalach. Cad é mar a mheallann tú caint as duine atá cúthail nó eaglach nó, go díreach, ar bheagán Gaeilge? Agus é sin a dhéanamh le múineadh, cineáltas agus ciall? Ní thiocfadh le mórán againn é a dhéanamh ach éiríonn le Ní Churráin.

Mar sin féin, mura bhfuil spéis agat i nDún na nGall, an gcuirfeá cluas le héisteacht ort féin? Sin an laige a bhaineann le RnaG – agus, sea, glacaim leis go mb’fhéidir nach é sin an focal ceart. Arbh fhearr ‘dúshlán’? Murab ionann agus, abair, na stáisiúin náisiúnta Bhéarla, ní dhéanann cláir irise RnaG ar maidin iarracht mhór freastal a dhéanamh ar phobal náisiúnta. Is dírithe ar an phobal áitiúil atá siad. Tá sin intuigthe, inchosanta agus, seans mór, inmholta. Tuigeann tú a gcás; tuigeann tú an riachtanas atá ann le glór a thabhairt do phobal gach aon cheantair.

Ach caithfidh sé go gcuireann sé crua ar na craoltóirí agus ar na léiritheoirí ábhar áitiúil spreagúil a aimsiú lá i ndiaidh lae, i ndiaidh míosa, i ndiaidh bliana?

Tá buille maith faoi thuairim agam cad é atá ag titim amach i nGaeltacht Dhún na nGall de bharr go n-éistim le Barrscéalta. Níl a fhios agam cad é atá ag tarlú i gConamara ná i gCiarraí mar nach mbím ag éisteacht leis na cláir irise réigiúnacha sin chomh minic céanna.

An bhfuil an locht ormsa mar éisteoir nó an bhfuil an locht ar an sceideal?

Fág freagra ar 'Tá an scéal is déanaí agam ó ‘Barrscéalta’, ach ná fiafraigh díom céard atá ag tarlú thiar nó theas'

  • Máiread

    Tá an locht ortsa. Bim ag eisteacht ar RnaG ar fead an lae agus tá claracha iontacht a baineann le gach rud aitiuil agus idirnaisiunta.