Tá an Ghaeilge i measc na n-acmhainní is tábhachtaí againn – Catherine Martin

Agus Cairt Teanga nua á sheoladh ag an gComhaontas Glas ag a gcomhdháil ag an deireadh seachtaine, labhair a leascheannaire agus Aire na Gaeltachta faoina mianta i leith na teanga. Seo an méid a bhí le rá aici…

Tá an Ghaeilge i measc na n-acmhainní is tábhachtaí againn – Catherine Martin

Mar Theachta Dála le ceithre bliana anuas déanaim iarracht i gcónaí solas a lasadh ar an nGaeilge leis an méid a deirim ar urlár na Dála agus leis an méid a déanaim sa saol poiblí. Bhí grá agam i gcónaí don Ghaeilge – d’fhoghlaim mé ar scoil i gcontae Muineacháin í, agus chaith mé bliain i gColáiste na Rinne sna Déise agus mé óg, chomh maith le cúpla samhradh álainn i Ros Muc. Táim fíordhílis dár dteanga agus bródúil as a hoidhreacht shaibhir, agus déanaim iarracht an grá céanna a mhúscailt i mo chlann féin.

Rinne mé iarracht i gcónaí an Ghaeilge a úsáid i mo chuid óráidí Ard-Fheise mar leascheannaire sna naoi mbliana roimhe seo, ach is é seo an chéad bhliain dom páirt a ghlacadh inár nArd-Fheis mar Aire Rialtais le cúram do chultúr agus do Ghaeltacht na hÉireann.

Is onóir as cuimse domsa bheith ceaptha mar Aire Sinsir na Gaeltachta, i dteannta leis an Aire Stáit Jack Chambers – agus leanfaidh mé ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge gach aon lá, i mo roinn féin agus ag bord an Rialtais.

Le linn na gcainteanna rialtais bhí mé féin agus an fhoireann ag obair le Peter Kavanagh [urlabhraí Gaeilge]  chun na gealltanais dhearfacha atá sa Chlár Rialtais a bhuachan don Chomhaontas Glas. Agus an domhan mór trína chéile, cosúil le gach gné eile den saol, tá éiginnteacht ann faoi mhaoiniú do bhearta riachtanacha. Ach mar Aire atá freagrach as na bearta atá tábhachtach chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn, geallaim daoibh go bhfuil mé ag troid, agus go mbeidh mé ag troid do gach pingin rua gur féidir liom a fháil sa bhuiséad atá amach romhainn.

Faoi láthair, mar aon leis an mbuiséad, táim tiomanta don ghealltanas sa chlár rialtais chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana, agus leanann an obair ar aghaidh air sin i mo roinnse.

In am an ghátair, le buairt, bróin, deacrachtaí agus éiginnteacht, bíonn na rudaí a tharraingíonn le chéile muid – pobal agus oidhreacht – chomh tábhachtach sin, agus tá an Ghaeilge lárnach sa nasc pobail agus san oidhreacht sin.

Mar a dúirt mé cheana , is onóir mhór domsa bheith ceaptha mar Aire na Gaeltachta, agus ba mhian liom ár dteanga dhúchais a chur chun chinn, a neartú agus a fhás; ní hamháin sa Ghaeltacht, ach ar fud ár n-oileáin.

Mar Ghlasaigh, tá traidisiún láidir againn maidir leis an nGaeilge. Ag an leibhéal náisiúnta, téann an traidisiúin siar go dtí ár gcéad cheannaire, Trevor Sargent, a raibh sé de nós aige nach mór gach ráiteas Dála a oscailt leis an gcúpla focal.

Tá sé go hiontach chomh maith go bhfuil Gaeil dhílse dhíograiseacha inár measc sa pháirtí parlaiminte – cosúil le Marc [Ó Cathasaigh, Teachta Dála] anseo – agus tá sé tábhachtach go dtacaíonn an páirtí lenár n-ionadaithe ag gach leibhéal chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Tá ríméad orm go bhfuil gealltanais ann sa Chairt Teanga maidir le stocaireacht agus canbhásáil i nGaeilge  – is sinne páirtí na feachtasaíochta.

Domsa, is cuid lárnach den Ghlasachas í an oidhreacht, agus is cuid lárnach den oidhreacht é an Glasachas. Tá caomhnú agus cosaint ár n-acmhainní nádúrtha ríthábhachtach don ghluaiseacht Ghlas, agus tá an Ghaeilge i measc na n-acmhainní is tábhachtaí atá againn.

Is éard is teanga ann ná fuaim; fuaim anama. Ní aithníonn fuaim ársa an oileáin seo teorainn nó reiligiún. Ní dhéanann fuaim Cheilteach an oileáin seo idirdhealú idir an am atá caite, an tréimhse ina mairimid agus an t-am atá le teacht.

Bíodh Gaeilge nó Béarla againn ón gcliabhán, maireann fréamhacha na fuaime seo go smior inár gcnámh, inár gcuislí agus inár gcroí istigh, i ngan fhios dúinn féin. Is léir don saol le fada go bhfuil Béarla na tíre seo múnlaithe ag taibhse na Gaeilge.

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Ní chóir go bhfágfaí muintir na Gaeltachta ar thaobh amháin den bhóthar agus muidne, muintir na Galltachta, agus Gaeilgeoirí inár measc, ar an taobh eile. Ní neart go cur le chéile. Baineann an fhuaim Cheilteach le gach duine idir óg agus aosta ar an oileán seo, agus tugann sí san áireamh gach treibh agus ionsaitheoir a tháinig trasna na dtonnta chugainn –a Lochlannaigh, Francaigh agus Sasanaigh. Ní nach ionadh gur roghnaigh Banríon na Breataine Móire, Éilis II, labhairt as Gaeilge nuair a bheannaigh sí d’Uachtarán na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2011. Agus an freagra, is dócha, a thabharfadh an Ghaeilge ar an mbanríon, ná ‘Mise Éire: Sine mé ná an Chailleach Bhéarra’.

Tá súil agam bheith ag obair le Peter Kavanagh, leis an gCoiste Feidhmeannach nua, agus leis na hionadaithe agus baill ar fad chun ról na Gaeilge sa pháirtí a neartú, agus mar Aire chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a fhás ar fud an sochaí ar fad.

Tá an-áthas orm an Chairt Teanga leasaithe agus uasdátaithe seo a sheoladh.

Bímis Gaelach, bímis glórach, bímis Glas.

Fág freagra ar 'Tá an Ghaeilge i measc na n-acmhainní is tábhachtaí againn – Catherine Martin'

  • Pól Ó Braoin

    Níl aon chíos ar an gcaint… creidfidh mé é nuair a fheicfeas mé é.

  • Gabriel Rosenstock

    Cathain a shíneoidh an rialtas seo An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh?

  • Críostóir Ó Faoláin

    I leith cén teanga Gabriel? Ní bhaineann an cairt sin le cás na Gaeilge in Éirinn (ó dheas).

  • Seán Mag Leannáin

    Tá cuma na dáiríreachta ar an gcaint seo, sórt rosc catha ar son na Gaeilge ón Aire nua más fíor. Tugaimis sochar an amhrais di agus í ag tosú amach ar aon nós.

    “Leanfaidh mé ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge gach aon lá, i mo roinn féin agus ag bord an Rialtais. Le linn na gcainteanna rialtais bhí mé féin agus an fhoireann ag obair le Peter Kavanagh [urlabhraí Gaeilge] chun na gealltanais dhearfacha atá sa Chlár Rialtais a bhuachan don Chomhaontas Glas…

    Faoi láthair, mar aon leis an mbuiséad, táim tiomanta don ghealltanas sa chlár rialtais chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana. In am an ghátair, le buairt, bróin, deacrachtaí agus éiginnteacht, bíonn na rudaí a tharraingíonn le chéile muid – pobal agus oidhreacht – chomh tábhachtach sin, agus tá an Ghaeilge lárnach sa nasc pobail agus san oidhreacht sin.

    Domsa, is cuid lárnach den Ghlasachas í an oidhreacht, agus is cuid lárnach den oidhreacht é an Glasachas. Tá caomhnú agus cosaint ár n-acmhainní nádúrtha ríthábhachtach don ghluaiseacht Ghlas, agus tá an Ghaeilge i measc na n-acmhainní is tábhachtaí atá againn.”