Tá an euro go deas do na laethanta saoire ach go hainnis don gheilleagar

Is dócha go gcuireann an chuid is mó againn fáilte roimh an euro, mar airgeadra an stáit. Cinnte, tá sé níos éasca ag dul ar saoire gan gá a bheith le hairgeadra a mhalartú, agus níos éasca go háirithe praghsanna thar lear a thuiscint. Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist i […]

Tá an euro go deas do na laethanta saoire ach go hainnis don gheilleagar

Is dócha go gcuireann an chuid is mó againn fáilte roimh an euro, mar airgeadra an stáit. Cinnte, tá sé níos éasca ag dul ar saoire gan gá a bheith le hairgeadra a mhalartú, agus níos éasca go háirithe praghsanna thar lear a thuiscint.

Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist i ndáiríre. Go bunúsach is córas airgeadra é an euro nach bhfuil aon smacht againn air, córas a ndéanann eachtrannaigh na cinntí is tábhachtaí faoi.

Is é Banc Ceannas na hEorpa seachas Banc Ceannas na hÉireann a chinneann rátaí úis, agus i gcomhar leis an margadh domhanda na rátaí malartaithe le hairgeadraí eile, cinntí a bhfuil tionchar mór acu ar chúrsaí trádála idirnáisiúnta ach cinntí nach bhfuil aon tionchar againne orthu, ach ar éigean.

Uaireanta, oireann na cinntí seo dúinn agus do staid na heacnamaíochta in Éirinn, ach uaireanta ní oireann.

Mar shampla, nuair a bhí praghsanna tithe ag dul ó smacht ag tús na mílaoise seo, bhí rátaí úis íseal againn, rud a chabhraigh le praghas tithe a bhrú in airde. Séard a d’oirfeadh dúinn an tráth sin ná rátaí úis níos airde le praghsanna a bhrú síos.

Ansin nuair a thosaigh géarchéim na baincéireachta, fágadh daoine le cothromas diúltach is chaill an-chuid a gcuid tithe sa gcúlú eacnamaíochta.

Má bhreathnaíonn muid ar stair an euro, feiceann muid go bhfuil an céatadán den olltáirgeacht intíre [GDP] san Eoraip a théann le tuarastail tite ó 64% go 20%. Idir 1970 agus 2020, mhéadaigh an céatadán a théann le brabús ó 24% go 34% [figiúirí Eurostat].

Is soiléir cé a bhain buntáiste as sin.

Ansin bhrúigh Banc Ceannais na hEorpa an tréimhse déine orainne, ar an gCipir is níos mó ná aon áit eile, ar an nGréig.

Agus é sin ar fad ar mhaithe le geilleagar na Gearmáine a chosaint.

Ansin faoi réimeas Draghi thosaigh an Banc ar airgead a chur i gcló. Is cosúil nach raibh aon chrann airgid ann nuair a bhí na gnáthdhaoine i sáinn, ach bíonn ceann ann i gcónaí nuair atá na geilleagair is mó agus is tábhachtaí le sábháil.

Anois tá géarchéim nua fiacha san Eoraip, ach arís tá leisce ar stáit tuaisceart na hEorpa – an Ghearmáin, an Ísiltír agus na tíortha Lochlannacha, teacht i gcabhair ar na stáit ó dheas – an Iodáil go háirithe.

Ar fud na hEorpa tá sé ag éirí níos deacra iasachtaí a fháil, ach níl aon sparán mór airgid ann an uair seo le cabhrú le daoine atá buailte ag an mboilsciú ar chostais fuinnimh, bia is leasachán a spreag na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise.

Caithfear rátaí úis a ardú, a deirtear, chun boilsciú a cheansú. Baineann ardú úis airgead as an gcóras ach ní toisc go bhfuil an iomarca airgid i gcúrsaíocht atá an boilsciú anois ann, ach toisc go bhfuil smacht ar ola is gás is eile ón Rúis.

Ní chabhróidh an t-ardú ar an ráta úis leis na costais seo a mhaolú, agus ní bheidh de thoradh air ach deacrachtaí breise a chothú sa gcostas maireachtála.

Is céard a dhéanann an rialtas seo againn faoi seo? Tada.

Is céard a deir siad faoi? Tada, ach go gcaithfimid glacadh leis toisc gur ball den Chlub muid.

Ach is léir nach ionann na tosaíochtaí atá ag stáit thuaisceart na hEorpa agus stáit dheisceart na hEorpa. Cé chomh fada eile a mhairfidh an euro agus an deighilt leasa seo ag éirí níos measa in aghaidh an lae?

Go deimhin, tá an Eoraip á tachtadh féin ag iarraidh cloí le polasaithe Mheiriceá i gcoinne na Rúise agus, anois, i gcoinne na Síne, díreach nuair atá níos mó stát ag éirí imníoch faoin dollar agus ag scrúdú airgeadra nua, mar tá molta ag na BRICS [an Bhrasaíl, an India, an tSín, an Afraic Theas agus an Rúis].  

Sa mBrasaíl tá Lula, duine d’údair BRICS, ar ais ina Uachtarán is cheana féin tá sé ag caint leis an Airgintín faoi theacht isteach.

Tá sé sin tarraingteach toisc go bhfuil sé léirithe ag SAM go bhfuil na Meiriceánaigh sásta a n-infheistítear ina n-airgeadra a ghoid má bhítear i gcoimhlint le polasaithe Mheiriceá.

Fágann na rudaí seo go léir an euro i sáinn, agus is sa gcomhthéacs sin go bhfuil sé ag éirí níos deacra a fheiceáil cén réiteach atá i ndán ar an deighilt leasa idir thuaisceart agus deisceart na hEorpa.

Is cá bhfágann sé sin muid? Ag dul go tóin poill, mo léan.

Fág freagra ar 'Tá an euro go deas do na laethanta saoire ach go hainnis don gheilleagar'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Sula ndeachaigh an tír seo leis an Aontas Eorpach is punt Shasana a bhí againn faoi chló Éireannach agus na rátaí úis nua á gcur in iúl do Rialtas na hÉireann ag Banc Shasana ionad nach raibh guth ag Éirinn. Ba thír bhocht sinn an uair sin.
    Anois tá ionadaíocht againn ar Bhord an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar comhchéim le gach tír eile sa limistéar euro. Níl easpa airgid ar an tír seo ach é roinnte rò-éagothrom.

  • Brendan Keane

    In Éirinn, i bhfad níos mó ná tíortha eile, tá cóimheas arracht againn idir fiachas seachtrach agus ár nolltáirgeacht intíre OTI. Tá sé ag 609% faoi láthair. Níl ach 104% an cóimheas seo ag na Stáit Aontaithe.

  • Ciarán Ó hAgáin

    Casadh san fhírinne, ag an tUasal Eoin Ó Murchú, aon uair amháin eile.
    Tharla Géarchéim fhioscach na Ríochta Aontaithe mí ó shin.
    https://ga.wikipedia.org/wiki/G%C3%A9arch%C3%A9im_fhioscach_na_R%C3%ADochta_Aontaithe,_2022
    Beidh íocaíochtaí morgáiste an-ard go deo
    Fonn ar éinne dul le sterling ?!