Súil siar ar 2015 le… Máirín de Buitléir

Labhair Tuairisc.ie leis an aisteoir ó Ros na Rún Máirín de Buitléir faoi na cuimhní is mó atá aici ar 2015

Mairin de Buitleir

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2015?

Is é an chuimhne is mó ó 2015 atá agam ná ag fáil an scéil go bhfuair mé post ag aisteoireacht le Ros ná Rún. Bhí mé ar bís ról Dee Daly a ghlacadh ar chlár a raibh mé ag coimhéad air ar feadh na mblianta. Mar bharr ar an méid sin, tá d’ádh orm go bhfuil mo chara is fearr ar domhan, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, i mo theannta ar Ros na Rún agus í ina déirfiúr liom ann, Katy Daly.

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2015?

Níl. Thiocfadh le duine uaireanta, laethanta, nó míonna fiú a chaitheamh ar amharc siar ag samhlú an tsaoil mar seo is mar siúd da ndéanfainn cinntí difriúla, ach b’fhearr i bhfad an fuinneamh sin a chaitheamh ag samhú na todhchaí ba mhaith liom a bheith agam in 2016.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2015?

An scéal is athásí ó 2015 ná an reifreann pósadh a bhí againn! Bhí sé galánta ag léamh na scéalta ag ceiliúradh comhionannais agus grá.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2015?

Is é an scéal is mó a chuir brón orm ná an t-ionsaí a tharla i bParás le gairid. Is tragóid mhillteannach a bhí ann agus maraíodh go leor daoine mar gheall ar sceimhlitheoirí gan mhaith.

Céard é an rud is mo a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2015?

Tá go leor rudaí foghlamtha agam ó thús deireadh 2015. Chaith mé an bhliain ag cur mo mháistreachta sa chumarsáid i gcrích in Acadamh ná hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua. Chuidigh an cúrsa liom a thuigbheáil gur de réir a chéile a thógtar na cáisleáin.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2015?

D’éirigh liom cloí leis na rúin a rinne mé ag tús 2015 agus níos mó uisce a ól. Is rud beag simplí é ach deanann sé difear mór.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2015 le… Máirín de Buitléir'