Súil siar ar 2015 le… Caitlín Nic Aoidh

Labhair Tuairisc.ie leis an láithreoir aimsire ó Tg4 Caitlín Nic Aoidh faoi na cuimhní is mó atá aici ar 2015

image-1

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2015?

Is é an chuimhne is mó atá agam do 2015 nó gur chaill muid an madadh a bhí againn ó bhí muid óg, Rocky. Bhí sé againn ar feadh seacht mbliana déag. Go minic, rachainn go teach mo charad ar feadh an lae agus d’fhanfadh sé taobh amuigh ag fanacht liom. Nuair a smaoiním anois air, creidim go mbeadh ocras nó tart air go minic ach níor smaoinigh mise air sin ag an am. Bhí sé mar dhuine den teaghlach. Bhris sé mo chroí nuair a fuair sé bás. Bhí sé chomh dílis don teaghlach go léir.

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2015?

Is mór an chúis aiféala é nach raibh orm geansaí Dhún na nGall a cheannacht i mbliana  le dul go Páirc an Chrócaigh, ach tá sé ar mo liosta do 2016!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2015?

Is é an chúis áthais is mó a bhí agam i mbliana ná gur rugadh nia úr dom, Eoghan. Ba mise an babaí i dteaghlach s’againne go dtí go dtáinig sé sin. Tá mé i m’aintín anois agus tá mé ar bís faoi. Níl sé bliain fiú agus tá mé ar teaghrán aige.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2015?

Is é an scéal is mó a chuir brón orm i mbliana ná na mílte ag fágáil a mbaile dúchais agus ag teitheadh on gcogadh sa tSiria agus níl cuma go bhfuil aon réiteach ar an scéal.

Céard é an rud is mo a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2015?

D’fhoghlaim mé i mbliana go bhfuil seit preabsheolán an-úsáideach le bheith sa charr leat, go háirithe má bhíonn do charr ina luí ansin gan úsáid ar feadh seachtaine.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2015?

Bhí sé ar mo liosta an sacsafón a fhoghlaim i mbliana; níor éirigh liom sin a dhéanamh ach má chluineann sibh torann iontach ag teacht as cúlsheomra na nuachta an bhliain seo chugainn, sin mise agus mé ag cleachtadh an tsacsafóin.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2015 le… Caitlín Nic Aoidh'