Cuma na maitheasa ar Chorcaigh agus ar Fhear Manach

Ag imirt inniu tá Corcaigh agus Cill Dara i Staid Semple agus Fear Manach agus An Iarmhí i bPáirc Breffni

Munster GAA Football Senior Championship Semi-Final, Pairc Ui Rinn, Cork 14/6/2015 Cork vs Clare Cork’s Mark Collins Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Mark Collins. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Corcaigh v Cill Dara, Staid Semple, 7i.n.

Is í an cheist is mó atá le cur i dtaobh an chluiche seo ná an raibh a ndóthain ama ag Corcaigh chun teacht chucu féin i ndiaidh na cailliúna úd seachtain ó shin.

Ní hionann is géilleadh na bliana seo in aghaidh Chiarraí agus ceann na bliana anuraidh. Déanadh scrios ar fhoireann Brian Cuthbert i 2014 agus rinne an bainisteoir iarracht stíl imeartha iomlán nua a thabhairt isteach don chluiche cáilithe in aghaidh Shligigh. Níl an athchóiriú chéanna ag teastáil an uair seo.

Sa chluiche a chríochnaigh ar comhscór trí seachtaine ó shin, ní raibh ach cúpla soicind idir Corcaigh agus Craobh na Mumhan a bhuachan agus is é an rud is tábhachtaí anois ná an díomá sin a chur taobh thiar díobh agus díriú ar Chill Dara. Tá fréamhacha an chórais sin ón mbliain seo caite le feiceáil fós agus Mark Collins agus Paul Kerrigan ag imirt timpeall ar lár na páirce, ach is léir gur fearr an tuiscint atá anois ag imreoirí Chorcaí ar conas an córas a chur i gcrích.

Is aisteach, más fíor, go bhfuil Brian Hurley fágtha ar an mbínse tráthnóna. Chríochnaigh fear Ghleann Bearcháin gan scór sa dá chluiche in aghaidh Chiarraí, ach d’fhéadfadh tionchar a bheith aige fós ar chluiche an lae inniu.

Tá Cill Dara féin ag dul ó neart go neart sna babhtaí cáilithe. Nuair a thug Baile Átha Cliath i greadadh dóibh gcluiche leathcheannais Chúige Laighean, dhealraigh sé go raibh foireann Jason Ryan in iomaire na haimiléise ar fad. Bhí siad go holc i rith na sraithe freisin agus ísliú céime faighte acu don dara bliain as a chéile.

Bhreathnaigh sé go raibh Ryan agus a chriú ar an dé deiridh ach níl eatarthu anois agus na cluichí ceathrú ceannais agus aon bhua amháin. Is fíor go raibh an t-ádh leo nuair a rinneadh an tarraingt dá gcluichí – níorbh iad Uíbh Fhailí agus An Longfort na foirne is fearr a bhí sa phota – ach rinne siad an beart.

Ar bhealach, d’fheil na cluichí céanna go mór dóibh. Bhí bua i gcluiche crua acu in aghaidh Uíbh Fhaillí agus rinne siad scrios ar An Longfort, torthaí a thabharfadh beagán muiníne do na himreoirí arís, rud a bhí ag teastáil go géar uathu.

Ar a shon sin is uile, tá Corcaigh ar leibhéal eile arís agus bheadh duine ag súil go mbeidh siad róláidir do Chill Dara. Casadh na foirne seo ar a chéile i 2008 agus 2012, blianta a raibh Cill Dara i bhfad níos láidre ná mar atá anois, agus b’iad na Muimhnigh a tháinig slán. An duais do bhuateoirí an lae inniu? Cluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chéad bhabhta eile, ach sin scéal thairis.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Ray Connellan. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Ray Connellan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fear Manach v An Iarmhí, Páirc Breffni, 5i.n.

Dá mbeifeá ag tabhairt buille faoi thuairim faoi cén 12 foireann a bheadh fós san iomaíocht ag deireadh mhí Iúil, is ar éigean go mbeadh an dá fhoireann seo ar an liosta agat.

Nuair a chaill Fear Manach in aghaidh Mhuineacháin i gcluiche leathcheannais Chúige Uladh, dúirt a mbainisteoir, Pete McGrath, go mbeadh fós san iomaíocht i mí Lúnasa agus má bhíonn an bua inniu acu tiocfaidh an tuar faoin a thairngreacht.

Bhí bua maith acu in aghaidh Ros Comáin i mBabhta 3. Bhí na hUltaigh cúig phointe chun deiridh gan ach cúig nóiméad fágtha ach d’éirigh leo teacht ar ais le cabhair Sean Quigley agus Tomas Corrigan agus beidh siad anois ag iarraidh a dhéanamh cinnte gurbh fhiú an tairbhe an tríoblóid.

Ar an gcaoi chéanna, tá a fhios ag an Iarmhí nach scaoth breac agus nárbh fhiú mórán dáiríre a mbua stairiúil in aghaidh na Mí má chliseann orthu anseo.

Tá drochscéal faighte ag Tom Cribbin agus is cosúil nach mbeidh fáil ar réalt na foirne, John Heslin, don choimhlint seo.

Bhí gortú sáile ag cur as do Heslin i gcluiche ceannais Laighean agus cé gur imir sé le cabhair ó instealladh, is léir go ndearna sé níos mó damáiste dó féin. Is í an cheist a chaithfidh Cribbin a chur air féin ná an bhfuil sé ag iarraidh Heslin a chur i mbaol arís nó scíth a thabhairt dó le súil go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim don chluiche ceathrú ceannais, má éiríonn leis an Iarmhí dul chomh fada leis.

Ceist shuimiúil eile ná cén stíl imeartha a bheidh ag na Laighnigh. Bhí rath orthu agus iad ag imirt peil chosantach in aghaidh Bhaile Átha Cliath, sa chéad leath ar aon nós, ach rinne siad scrios ar an Mhí nuair a tharraing siad stíl níos oscailte chucu féin.

Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche cháilithe dhá bhliain ó shin agus ní raibh ach pointe eatarthu, 3-10 in aghaidh 1-15 le Fear Manach. Breathnaíonn sé go mbeidh iomaíocht chomh géar céanna sa chluiche seo, ach má tá Heslin as an áireamh, ba cheart go mbeadh a ndóthain ag Fear Manach leis an lá a thabhairt leo.

Rogha Tuairisc.ie: Fear Manach

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Chorcaigh agus ar Fhear Manach'