Súil chun cinn ar 2025: bíodh ‘Togra 2025’ den scoth agaibh!

Agus an domhan ag téamh suas agus tús á chur ag Donald Trump le tréimhse nua sa Teach Bán, breathnaíonn ár gcolúnaí chun cinn ar an mbliain atá amach romhainn.

Súil chun cinn ar 2025: bíodh ‘Togra 2025’ den scoth agaibh!

Ar chuala sibh faoi ‘Project 2025’ go fóill?

Togra é sin a bhfuil sé mar aidhm aige polasaithe radacacha de chuid na heite deise a chur chun cinn sna Stáit Aontaithe, atheagar a chur ar rialtas feidearálach na tíre sin, agus cumhacht an uachtaráin a neartú. Agus cé go bhfuil sé séanta ag Donald Trump go bhfuil baint aige féin leis an togra céanna, is cinnte go mbeidh cuid de na daoine a thug vóta dó breá sásta má chuireann sé cuid de na moltaí atá ann i bhfeidhm.

Dé Luain an 20 Eanáir a dhéanfar Donald Trump a insealbhú den dara huair, agus d’fhéadfaí a mhaíomh gur ar an lá sin a thosóidh an bhliain úr dáiríre, óir is cinnte go mbeidh tionchar mór millteach ag an athrú cumhachta in Washington DC ar chúrsaí, ní hamháin sna Stáit ach ar fud na cruinne.

Tógaimis an dá mhórchoimhlint a bhfuil greim acu ar na ceannlínte le bliain nó dhó (nó trí) anuas, mar shampla: an cogadh san Úcráin agus an cogadh sa Mheánoirthear.

Ceann de na pointí lárnacha i bpolasaithe Trump ná nach dteastaíonn uaidh go mbeadh ar Mheiriceá airgead a chaitheamh chun cogaí a throid nach bhfuil baint dhíreach ag Meiriceá leo.

Ar ndóigh is méiteanna de chineál iad Donald Trump agus Vladimir Putin (nó sin é a cheapann an Trumpach), ach an ngabhfaidh an rialtas nua in Washington chomh fada le stop a chur thar oíche leis an tacaíocht a thugann Meiriceá don Úcráin? Ceist den chineál céanna (anuas ar an gcás cúirte ina choinne maidir le caimiléireacht) a bheidh ag déanamh imní do Benjamin Netanyahu in Iarúsailéim.

Castacht gan choinne sa dá scéal, áfach, an méid a tharla sa tSiria i dtús mhí na Nollag 2024. Méit eile de chuid Vladimir Putin a bhí in Bashar al-Assad ach ó thit a réimeas siúd agus ó theith sé go Moscó, tá ceann de na comhghuaillithe idirnáisiúnta ba straitéisí dá raibh ag an Rúis caillte aici. Lena chois sin tá an Iaráin lagaithe go mór de bharr na n-athruithe sa tSiria, agus tá a gcumhacht sa Mheánoirthear á méadú ar luas lasrach ag Iosrael agus an Tuirc.

Tá leagan amach éagsúil, deirimis, ar an mbord fichille idirnáisiúnta ná mar a bhí thiar i mí na Samhna, nuair a atoghadh Trump.

Gan dabht beidh tionchar láidir ag an Trumpach ar chúrsaí aeráide, leis. Gheall sé dá chuid vótóirí go neartódh sé tionscal ola agus gáis Mheiriceá, agus tá tuairimíocht láidir ann go dtarraingeoidh sé siar as conradh aeráide Pháras arís, mar a rinne sé cheana le linn a chéad téarma.

Idir an dá linn, tá an domhan ag téamh leis, agus má théann rudaí ar aghaidh mar atá le blianta beaga anuas, beidh 2025 ar an mbliain is teo ó cuireadh tús leis an taifead, díreach mar a bhí 2024 agus 2023.

Díol spéise an cás atá á thabhairt sa Chúirt Idirnáisiúnta sa Háig ag Vanuatú, tír agus oileánra san Aigéan Ciúin atá faoi bhagairt mhór ón athrú aeráide, ó ardú leibhéal na farraige go háirithe. Teastaíonn ó Vanuatú a fháil amach céard iad na himpleachtaí dlí a bheidh ann do thíortha nach ndéanfaidh a ndóthain chun srian a chur le téamh an domhain. Tá súil le cinneadh na cúirte am éigin le linn 2025 agus d’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag an gcinneadh sin ar pholasaithe idirnáisiúnta aeráide amach anseo.

Cá bhfios nach mbeidh freagra na Cúirte Idirnáisiúnta ar fáil roimh COP30, an chomhdháil bhliantúil faoin athrú aeráide, a bheidh ar siúl in Belém na Brasaíle i dtreo dheireadh na bliana, áit a mbeidh súil ag an tír óstach, a buaileadh go dona ag imeachtaí adhaimsire le blianta beaga anuas, níos mó dul chun cinn a dhéanamh ná mar a rinneadh ag COP29 san Asarbaiseáin.

San Eoraip, is ar an nGearmáin a bheidh na súile i mí Feabhra. An éireoidh leis an eite dheis bua mór a bhaint amach san olltoghchán? Beidh olltoghcháin, leis, san Airgintín agus sa tSile, san Astráil agus sna hOileáin Fhilipíneacha, agus beidh toghchán uachtaránachta sa Pholainn.

Sa Téalainn, i mí Eanáir, ceadófar an pósadh comhghnéis, agus leis sin beidh an tír sin ar an dara tír san Áise ina mbeidh comhionannas pósta (tá sé ar fáil cheana sa Téaváin.)

Ceann de na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin le linn na bliana seo caite ná a choitianta is a d’éirigh ChatGPT, an fearas intleachta saorga a scríobhfaidh aiste duit ar an bpointe boise faoi cheist ar bith a bheadh ar d’aigne. Tugaim faoi deara gur túisce a rachaidh cuid mhaith daoine timpeall orm i muinín ChatGPT anois ná i muinín Google, agus níl dabht ar bith orm ach go méadóidh an tionchar a bheidh ag an Intleacht Shaorga orainn tuilleadh fós sa bhliain atá amach romhainn.

Gan dabht, rith sé liom agus an t-alt seo á scríobh agam go bhféadfainn iarraidh ar ChatGPT roinnt tairngreachtaí a dhéanamh dom faoi 2025 agus a bheith réidh leis – ach rith sé liom ina dhiaidh sin gur dhóichí ná a mhalairt nach mbeadh ann ach drochnuacht, agus gurb é a theastaíonn uainn dáiríre, an t-am seo den bhliain, ná ábhar misnigh agus dóchais.

Agus dá gcuirfeadh gach duine againn tús le Togra 2025 dá chuid féin?

Dá ndéanfaimis ar fad iarracht an saol timpeall orainn a dhéanamh rud beag níos glaine, níos inmharthana, níos cothroime agus níos síochánta?

Gach rath ar Thogra 2025 chuile dhuine agaibh.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2025: bíodh ‘Togra 2025’ den scoth agaibh!'