Súil ar Chorn an Domhain 2018 le cabhair ocht seanfhocal Gaeilge

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar Chorn an Domhain, atá ag tosú amárach sa Rúis

Súil ar Chorn an Domhain 2018 le cabhair ocht seanfhocal Gaeilge

Is maith le Dia féin cúnamh

Beidh Lionel Messi 31 bliain d’aois faoin am a dtiocfaidh deireadh leis an gcomórtas sa Rúis, rud a fhágann gurb é seo an Corn an Domhain deireanach a bheidh aige agus é i mbarr a mhaitheasa. Cé gurb é Messi an t-imreoir is fearr a chonacthas le blianta fada anuas, tá daoine áirithe san Airgintín den tuairim nár imir sé chomh maith dóibh agus a d’imir sé i ngeansaí Barcelona.

Spreag Messi an Airgintín chomh fada leis an gcluiche ceannais ceithre bliana ó shin, cé nach raibh sé 100% aclaí, ach chlis orthu i gcoinne na Gearmáine. Beidh siad siúd ann a déarfaidh nach mbeidh sé chomh maith le Maradona go dtí go mbuafaidh sé Corn an Domhain ach is maol gualainn gan deartháir.


Is beo duine tar éis a bhuailte ach ní beo é tar éis a cháinte

Ó theip ar bhuachaillí bána Shasana ag na comórtais mhóra sacair idir 2000 agus 2010, bíonn meáin Shasana beagáinín níos réalaíche faoina seansanna ar Chorn an Domhain nó Craobh na hEorpa a bhuachan.

Rinneadh ceap magaidh den fhoireann nuair a chliseadar i gcoinne na hÍoslainne ag EURO 2016, ach tá moladh tugtha dá bhfoireann óg ó shin. Mar sin féin mura dtiocfaidh siad slán ón ngrúpa an turas seo, rud nach ndearna siad ag Corn an Domhain ceithre bliana ó shin, déanfar scrios orthu.

Is san iomaíocht leis an mBeilg, Panama agus An Túinéis a bheidh siad i nGrúpa G agus ba cheart go dtiocfaidís slán as sin. Ach bí cinnte nuair a theipfidh faoi dheireadh orthu go ndéanfar ceap milleáin d’imreoir éigin. Ar cheann Raheem Sterling a thit an cáineadh in 2016. Cé a bheidh ann i mbliana?


Níor chaill fear an mhisnigh riamh é

Is é seo an chéad uair ó 1998 nach mbeidh Miroslav Klose ag glacadh páirt i gCorn an Domhain. Níor scóráil aon duine níos mó cúl ná é i gCorn an Domhain agus tá sé cinn déag aimsithe aige sa chomórtas. D’éirigh Klose as an imirt leis an nGearmáin i ndiaidh Chorn an Domhain 2014, áfach, agus fágann sin deis ag naoscaire eile a éacht a shárú.

Agus príomhscórálaithe chomórtas na bliana seo á dtuar, is léir gurb é Neymar na Brasaíle rogha na coitiantachta faoi láthair. Tá Antoine Griezmann san iomaíocht chomh maith, mar atá Lionel Messi. Má bhíonn an Ghearmáin ag déanamh go maith sa chomórtas, ní bheidh Timo Werner, an fear atá tagtha isteach in áit Klose, i bhfad as marc ach an oiread.


Ní dhéanfadh an saol capall rása d’asal

Nuair nár éirigh leis An Afraic Theas teacht slán óna ngrúpa ag Corn an Domhain 2010, ba é sin an chéad uair ar díbríodh an fhoireann baile i mBabhta na nGrúpaí. D’fhéadfadh an rud céanna tarlú don Rúis i mbliana.

Is í seo an fhoireann is laige a bhí ag na Rúisigh le fada an lá agus An Nua-Shéalainn an t-aon fhoireann idirnáisiúnta a bhuail siad le trí bliana anuas.

Tá an t-ádh orthu go bhfuil siad sa ghrúpa is laige sa chomórtas agus cé go mbeadh Uragua níos fearr ná iad, d’fhéadfaidís an Éigipt, go háirithe agus iad d’uireasa Mo Salah, agus an Araib Shádach a bhualadh.


Is iad na muca ciúine a itheann an mhin

Is iad An Bhrasaíl, An Ghearmáin agus An Spáinn rogha na n-údar chun Corn an Domhain a bhuachan ach cé hiad na foirne a d’fhéadfadh gaisce gan choinne a dhéanamh? Agus an oiread sin imreoirí mór le rá acu, ní bua gan choinne amach is amach a bheadh ann dá n-éireodh leis an mBeilg sa Rúis ach níl an oiread sin cainte á déanamh fúthu. Tá imreoirí den scoth acu, Kevin de Bruyne, Eden Hazard, Dries Mertens agus a thuilleadh nach iad, agus tá neart taithí acu uile ar chluichí móra a imirt.

Dhá fhoireann iad An Pholainn agus An Chróit a mbeidh súil acu dul níos faide sa chomórtas ná mar a shíleann daoine a dhéanfaidh siad. Tá réalta móra ag an dá fhoireann, Robert Lewandowski agus Luka Modric go háirithe, agus tá fios ag imreoirí an dá fhoireann nach fada eile a bheidh siad ag imirt le chéile.


Sciurdann éan as gach ealta

Déantar réaltaí d’imreoirí nua ag Corn an Domhain i gcónaí, mar a tharla do James Rodriguez ag Corn an Domhain 2014. Ba é fear na Colóime príomhscórálaí an chomórtais ceithre bliana ó shin agus cheannaigh Real Madrid é sula raibh an samhradh sin thart.

Fear amháin, atá luaite cheana againn, a d’fhéadfadh cur lena cháil ná Timo Werner na Gearmáine. Tá luas iontach sa tosach seo a imríonn do RB Leibzig sa Bundesliga agus tá súil á choinneáil ag cuid de na foirne is mó san Eoraip air faoi láthair.

Níl an clú céanna bainte amach ag Alireza Jahanbakhsh na hIaráine ach má éiríonn go maith leis sa Rúis, is beag seans gur ag imirt do AZ Alkmaar san Ísiltír a bheidh sé an bhliain seo chugainn. Is i lár páirce a imríonn Jahanbakhsh ach tá sé breá ábalta cúil a scóráil agus a chruthú. Ní haon ghrúpa éasca atá ag An agus beidh siad ag brath ar Jahanbakhsh an mianach atá ann a léiriú.

Imreoir eile a d’fhéadfadh comórtas maith a bheith aige ná Gonçalo Guedes na Portaingéile, atá i nGrúpa B leis an Iaráin. Thug Paris Saint-Germain €30 milliún ar Guedes mí Eanáir 2017, rud a léiríonn an meas atá air, ach níor imir sé mórán sa Fhrainc agus ar iasacht ag Valencia a bhí sé an séasúr seo caite. Má éiríonn go maith le Guedes sa Rúis, ní dócha go mbeidh sé sásta fanacht ar an mbinse i bPáras agus bheadh brú ar Paris Saint-Germain áit a fháil dó ar an bpáirc nó é a dhíol.


©INPHO/Donall Farmer

Is maith an t-iománaí an té a bhíonn ar an gclaí

Cé go mbeidh bainisteoir agus leasbhainisteoir fhoireann na hÉireann i mbun anailíse ar an aicsean sa Rúis, ní ar RTÉ a bheidh siad ach ar ITV. Seans go bhfuil an fhoireann anailíse is láidre ag an stáisiún sin agus Gary Neville faighte freisin acu don samhradh.

Beidh deartháir Gary, Phil Neville, ar fhoireann an BBC. Is iad Alan Shearer, Rio Ferdinand agus Frank Lampard na hanailísithe mór le rá a bheidh acu agus cuirfidh Didier Drogba agus Jurgen Klinsmann blas idirnáisiúnta ar an bplé.

Is iad Eamon Dunphy agus Liam Brady a bheidh ina gcrann taca ag RTÉ agus beidh an stáisiún ag craoladh gach cluiche ón Rúis. Beidh duine nua ar an bpainéal leo an turas seo, iarchúl báire Mheiriceá, Hope Solo, agus beidh cúl báire eile ina teannta sa stiúideo, Shay Given. Beidh Didi Hamann, Damien Duff agus daoine nach iad i mbun anailíse chomh maith.


Ní bhuailfeadh an saol an óige

Scór bliain tar éis dóibh an comórtas a bhuachan, meastar go bhfuil an-seans ag an bhFrainc Corn an Domhain a thabhairt leo sa Rúis. Agus imreoirí leithéidí Antoine Griezmann, N’Golo Kante, Raphael Varane agus Kylian Mbappe acu, ní bréag a rá go bhfuil scuad den scoth acu, más óg féin iad. Is iad imreoirí na Nigéire an t-aon scuad atá níos óige ná fir na Fraince ag an gcomórtas. Ní raibh Mbappe tagtha ar an saol fiú nuair a bhuadar Corn an Domhain i 1998.

Fág freagra ar 'Súil ar Chorn an Domhain 2018 le cabhair ocht seanfhocal Gaeilge'