Súil ar chluichí leathcheannais na sraithe an deireadh seachtaine seo

Tá na babhtaí leathcheannais den tSraith Peile Allianz ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo. Tá Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath ag casadh ar Mhuineacháin chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach

Tabharfaidh Corcaigh agus Colm O’Neill aghaidh ar Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2012. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Tabharfaidh Corcaigh agus Colm O’Neill aghaidh ar Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2012. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

gur iomaí cineál cinniúint a d’fhéadfadh bheith i ndán d’fhoirne na gcluichí sraithe an deireadh seachtaine seo caite, tá leagan amach i bhfad níos simplí ar an scéal an Domhnach seo. Buaigh, agus seo leat go dtí cluiche ceannais na sraithe; caill agus tá críochnaithe. Mar a dúirt mé, simplí.

Is iad Corcaigh agus Dún na nGall a thabharfaidh aghaidh ar a chéile ar dtús i bPáirc an Chrócaigh agus is cluiche dian a bhí anseo le cúpla bliain anuas. Chas na foirne seo ar a chéile trí huaire ó 2012 agus ní raibh níos mó trí phointe eatarthu in aon cheann acu.

I gcluiche sraithe na bliana seo, is é an farasbarr is lú a bhí idir na foirne agus Dún na nGall ag críochnú pointe chun cinn, 0-12 in aghaidh 1-8. Bhí gaoth láidir ann an lá sin i mBéal Átha Seanaidh ach throid Corcaigh ar ais dá hainneoin sin sa dara leath. Sa deireadh, áfach, tháinig an fhoireann baile slán.

Cháiligh na foirne seo do na cluichí leathcheannais i mbealaí an-difriúla. Chríochnaigh Corcaigh ag barr na sraithe agus ba iad, gan amhras, an fhoireann ab fhearr a bhí i Roinn 1 i mbliana. Ar an lámh eile, níor bhain Dún na nGall áit amach sna babhtaí seo ach ar dhifríocht scórála. Murar aimsigh Darren McCurry pointe sa nóiméad deireanach do Thír Eoghain, ba iad Ciarraí a bheadh ag imirt i gcoinne a gcomharsan i bPáirc an Chrócaigh.

Agus é sa chéad bhliain mar bhainisteoir ar Dhún na nGall, is cinnte go bhfuil Rory Gallagher sásta cluiche iomaíoch eile a fháil ach gan ach trí seachtaine idir cluiche ceannais na sraithe agus a chéad chluiche craoibhe i gcoinne Thír Eoghain, ní fios an bhfuil an oiread suime ag Gallagher an cluiche seo a bhuachan.

Bhí Paul Flynn (sa lár) ar a sháimhín só ag aimsiú scóranna i gcoinne Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Bhí Paul Flynn (sa lár) ar a sháimhín só ag aimsiú scóranna i gcoinne Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Sa chluiche leathcheannais eile, is athimirt den chluiche i gCluain Eois an Domhnach seo caite atá ann. Bhí farasbarr 11 chúilín ag Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, an dara bua mór a thug siad do Mhuineacháin le dhá chluiche anuas. I gCraobh na bliana seo caite, chas na foirne ar a chéile sa chluiche ceathrú ceannais i bPáirc an Chrócaigh, agus ba le foireann na príomhchathrach an lá, iad ag buachan 2-22 in aghaidh 0-11.

Tar éis an achrainn a tharraing cluiche Bhaile Átha Cliath i gcoinne Dhoire coicís ó shin, ní raibh mórán cúis gearáin ag daoine faoi stíl imeartha fhoireann Jim Gavin an uair seo; d’éirigh le 11 imreoir scóranna a aimsiú dóibh.

a chúram ag luí go trom ar bhainisteoir Mhuineacháin, Malachy O’Rourke, sa chluiche seo. Cé go gcaithfidh sé a bheith sásta leis an gcaoi ar imir a fhoireann i rith na sraithe, dá gcríochonóidís an t-earrach le dhá chailleadh throma, dhéanfadh sé an-damáiste do mhuinín a chuid imreoirí.

Níl ort ach breathnú siar ar an méid a tharla do Dhoire tar éis chluiche ceannais na sraithe anuraidh chun an méid sin a thuiscint.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh agus Baile Átha Cliath

Dé Sathairn, 11 Aibreán

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Cáilithe/Dícháilithe Roinn 1B

Aontroim v Ciarraí, Páirc Parnell, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Cáilithe/Dícháilithe Roinn 2B

Dún na nGall v Tír Eoghain, An Abhainn Bheag (Doire), 5i.n.

Dé Domhnaigh, 12 Aibreán

Sraith Peile Allianz – Cluichí Leathcheannais Roinn 1

Corcaigh v Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Baile Átha Cliath v Muineachán, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Fág freagra ar 'Súil ar chluichí leathcheannais na sraithe an deireadh seachtaine seo'