Straitéis seolta le dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh ban, ach céard a dhéanfar?

Tá cuma fhiúntach ar phlean nua an PSNI dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní ach b’údar imní fógra eile ón PSNI a tháinig sna sála ar sheoladh na straitéise

Straitéis seolta le dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh ban, ach céard a dhéanfar?

D’fhógair an PSNI le déanaí go ndéanfadh siad tóraíocht gan staonadh ar dhaoine a bhaineann leas as foréigean in aghaidh ban agus cailíní. Beidh an cur chuige céanna acu i dtaca le mí-iompar a gcuid comhaltaí féin.

Cor cinniúnach sa phóilíneacht a thug an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne ar an bplean gnímh nua.

Mhaithfeá don té a d’fhiafródh cén fáth nach raibh an cleachtas seo i bhfeidhm le fada. Is mithid. Thug bean cuntas ar an raidió faoi iarracht a rinne a fear céile í a mharú. Nocht an PSNI gur ghearr an chúirt bliain go leith ar promhadh ar an bhfear in 2018 agus gur gearradh 10 mí príosúin air in 2020 as páirtnéir nua a ionsaí. Ní scéal neamhghnách é. Maidir leis na póilíní féin dearbhaíodh go raibh 26 comhalta ar fionraí i ngeall ar líomhaintí mí-iompar gnéis.

Mar atá ráite go minic sa cholún seo maraíodh líon mór ban abhus le blianta beaga anuas, mná ab ea formhór mór na ndaoine a d’fhulaing ionsaithe gnéis agus foréigean baile. Maraíodh dháréag ban le linn na dianghlasála i rith na paindéime Covid-19. De réir an staidrimh ón PSNI mharaigh fir 34 ban nó cailín idir 2017 agus 2021 go Márta seo caite. Mná ab ea 78% de na daoine ar deineadh ionsaithe gnéis orthu, 68% díobh sin a d’fhulaing foréigean teaghlaigh, 64% a ndearnadh ciapadh orthu agus 95% a d’fhulaing stalcaireacht. Gach seans go bhfuil líon na gcoireanna níos measa ná sin mar gur minic nach ndéantar tuairisciú de bharr imeaglaithe nó d’uireasa muinín i riar na córa.

Ba í an teachtaireacht ón bPríomh-Chonstábla ag seoladh na straitéise nach gcuirfear suas leis an iompar sin níos mó. “Má tá tú ag déanamh dochar do mhná agus cailíní beimid sa tóir ort go seasta,” ar sé. Gheall sé go mbainfí leas as ‘gach cumhacht’ chun stop a chur leis an bplá seo a bhaineann le gach aicme agus gach aoisghrúpa. Gheobhaidh póilíní oiliúint speisialta agus déanfar grinnfhiosrú ar iarrthóirí nua ar phoist. D’achainigh sé ar an bpobal tacú lena bhfeachtas, é cinnte de nach féidir leis na póilíní amháin an smál a ghlanadh.

Beidh plean gnímh an PSNI ag teacht le straitéis náisiúnta na Ríochta Aontaithe, bunaithe ar thrí chéim.

1. Cothú muiníne gur féidir brath ar na póilíní chun a dhul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban.

2. Tóraíocht gan staonadh ar chiontóirí agus tacaíocht do na híobartaigh.

3. Timpeallacht shábháilte do mhná agus do chailíní a thógáil trí bhearta coisctheacha, comhoibriú le saineolaithe agus eagraíochtaí cabhracha agus idirghabháil go luath.

Tá cuma fhiúntach ar an bplean agus géarghá leis ach b’údar imní fógra eile ón PSNI a tháinig sna sála ar sheoladh na straitéise. Tá stad á chur ar earcaíocht chuig an tSeirbhís Phóilíneachta ceal buiséid. Is cosúil go bhfuil poll £59 milliún i mbuiséad na bpóilíní agus nach mbeifí in inmhe costais bhreise a sheasamh mura ndéanfar Stormont a athnuachan. Ní léir go fóill cé na ciallachais a bheidh aige sin don bplean gnímh – gnó don ghrúpa comhairleach atá á bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise san dá bhliain seo chugainn. Náire shaolta a bheadh ann mura gcuirfí an plean i gcrích d’uireasa buiséid.

Fág freagra ar 'Straitéis seolta le dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh ban, ach céard a dhéanfar?'