Stormont díbheo – an bhfuil aon aiséirí i ndán dó?

Tá toghchán ar na bacáin ó thuaidh, ach ní léir céard ab fhiú é

Stormont díbheo – an bhfuil aon aiséirí i ndán dó?

Stormont díbheo. Níl Tionól ann. Níl Feidhmeannas ann. Tá an chumhacht theoranta a bhí ag an gcomhaireacht shealadach cealaithe ón Aoine seo caite. Státseirbhísigh i bhfeighil ghnóthaí Thuaisceart Éireann.

B’fhéidir go bhfuil toghchán nua ar na bacáin ach ní léir céard ab fhiú é.

Tá an dá b’fhéidir ann áfach agus mearbhall faoi chur chuige rialtas na Breataine.

Tá éiginnteacht agus amhras forleathan, ceistiú go coitianta ar fiú Stormont a athnuachan.

Tá paraimíleataigh na ndílseoirí ag maíomh go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta marbh agus iad ag bagairt ‘iarmhairtí tubaisteacha’ mura gcuirfear an prótacal iar-Bhreatimeachta ar neamhní.

De réir dlí tá sé de dhualgas ar an Státrúnaí, ionadaí rialtas na Breataine toghchán a ghairm agus vótáil a rith taobh istigh de thrí mhí. Thug an Státrúnaí reatha, Chris Heaton-Harris, foláireamh arís agus arís eile go bhfógródh sé an toghchán ar an toirt mura mbeadh an Feidhmeannas athbhunaithe faoi nóiméad i ndiaidh an mheán oíche Dé hAoine 28 Deireadh Fómhair. Níor shíl éinne ach an Státrúnaí agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Liz Truss go ngéillfeadh an DUP don mbrú. Níor ghéill.

Mar atá a fhios ag an saol, loic Heaton Harris nuair a tháinig an sprioc ar an Aoine. Bheadh toghchán ann, ar sé, ar dháta éigin. Ba bheag nach mbeadh trua agat dó, a neamhchinnteacht faoi phlean ar bith follasach. Más é an Príomh-Aire Rishi Sunak a thug ordú dó a chúrsa a athrú nó má baineadh siar as gur theip air brú a chur ar an DUP, chuir an tsiléig leis an nguagacht pholaitiúil.

Níor theastaigh toghchán i mbéal na Nollag ó aon dream cé is moite de na hairí Heaton-Harris agus Steve Baker in Oifig Thuaisceart Éireann ach d’fhéadfaí toghchán ar an 15 Nollaig a fhógairt chomh deireanach leis an 8 Samhain, Dé Máirt seo chugainn.

Ba é tuairim na coitiantachta, rialtas na hÉireann san áireamh, go ngéaródh feachtas toghcháin ar an teannas agus nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid dá mbeadh páirtí amháin, arís eile, in ann feidhmiú Stormont a chosc ina dhiaidh.

Measadh gur léirigh ráiteas Heaton-Harris oíche Dé Domhnaigh gur aithin sé gur bheag seans go n-athbhunófaí na hinstitiúidí go luath. D’fhógair sé go labhródh sé leis na páirtithe agus le Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha an tseachtain seo faoi na chéad céimeanna eile. Bheadh buiséad, seirbhísí poiblí agus pá na dTeachtaí Tionóil á scrúdú, ar sé. Cén fáth a mbeadh pá na dTeachtaí á chiorrú má tá toghchán beartaithe? Rinneadh laghdú aon trian ar phá cheana in 2018 nuair a bhí Stormont díomhaoin agus táthar ag caint le bliain air ach bheadh sé fíor-aisteach é a dhéanamh nuair atá toghchán buailte linn. Teastaíonn soiléire go géar faoi phlean rialtas na Breataine, más ann dá leithéid.

Níl a fhios cén dearcadh atá ag an bpríomh-aire Sunak ar chúrsaí Stormont ach tá a fhios go dtugann sé cluas le héisteacht don iar-státrúnaí, Julian Smith. Más é Sunak a chuir laincis ar Heaton-Harris – cén fáth? Mar gur theastaigh dul chun cinn sna cainteanna leis an Aontas Eorpach faoin bprótacal iarBhreatimeachta uaidh roimh vótáil?

Ionas nach saothar in aisce a bheadh san toghchán – ar chostas £6.5 milliún punt ar a laghad? I bhfianaise na guagachta i measc na gCaomhach agus na fadhbanna a chruthaigh athcheapadh Suella Braverman mar Státrúnaí i rialtas Sunak, seans go bhfuil iomarca trioblóidí ag Uimhir 10 Sráid Downing cheana féin gan brachán Stormont a chur sa gcorcán freisin.

Tá gá le hobair chuimsitheach chun Stormont a chur ar bhonn seasmhach más athbhreithniú iomlán faoi cheannas rialtas na Breataine agus rialtas na hÉireann é roimh thoghchán nó ina dhiaidh. Tá sé thar am a dhul i ngleic leis an mífheidhm.

Idir an dá linn tá bagairtí á n-eisiúint ag Comhairle na bPobal Dílseach [LCC], an scáthghrúpa a labhraíonn thar ceann pharaimíleataigh an UVF, UDA agus Red Hand Commando. Tuairiscíodh go raibh ionsaí ar bhunáit rialtais sa Phoblacht ar tí tarlú an tseachtain seo caite go dtí gur eisigh Oifig Thuaisceart Éireann ráiteas nach mbeadh comhúdarás (idir an rialtas i Londain agus an rialtas i mBaile Átha Cliath) i bhfeidhm tar éis titim Stormont. Bíodh sin fíor nó bréagach tá teannas á choipeadh, Breatimeacht agus an prótacal iarBhreatimeachta ag cothú nimhe nach bhfuil Stormont in ann aige.

Fág freagra ar 'Stormont díbheo – an bhfuil aon aiséirí i ndán dó?'