Stop curtha le forbairt chéibh nua Ros an Mhíl ar chomhairle dlí

Céibh dhomhainmhara a bhfuil costas €30 milliún curtha uirthi a bhí á tógáil i Ros an Mhíl sular stopadh an obair nuair a d'éirigh le hachomharc a rinneadh in aghaidh síneadh a cuireadh leis an gcead forbartha

Stop curtha le forbairt chéibh nua Ros an Mhíl ar chomhairle dlí

Tá stop curtha leis an obair ar fad ar fhorbairt chéibh nua Ros an Mhíl i gConamara.

Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta agus Mara an tseachtain seo gurbh éigean an obair ar fad a bhí ar siúl ag an láthair i Ros an Mhíl “a stopadh láithreach bonn” ar chomhairle dlí.

Céibh dhomhainmhara a bhfuil costas €30 milliún curtha uirthi a bhí á tógáil i Ros an Mhíl sular stopadh an obair  nuair a d’éirigh le hachomharc a rinneadh in aghaidh síneadh a cuireadh leis an gcead pleanála anuraidh.

Thart ar thrí cheathrú cuid den obair atá déanta.

Tá calafort Ros an Mhíl aitheanta mar mhol nó lárionad ar an gcósta thiar d’earnáil fuinneamh gaoithe na mara, earnáil a d’fhéadfadh 900 post a chur ar fáil. Mí Feabhra 2022 a d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue, an tionscnamh seo.

Shínigh an Roinn conradh arbh fhiú €30 milliún é leis na tógálaithe Ward & Burke Construction Ltd ar an 22 Nollaig 2022 chun céibh dhomhainmhara a thógáil.

Is fada é Calafort Ros an Mhíl ina ábhar cur, cúitimh agus conspóide sa saol polaitiúil ach tá borradh ar leith curtha faoin gcaint ina thaobh ó d’fhógair comhlacht ollmhór idirnáisiúnta go bhfuil siad leagtha ar a dhul i mbun forbartha ar fheilm mhór ghaoithe i limistéar charraigeacha na Sceirde naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.

Bunaithe ar thuarascáil a rinneadh d’Údarás na Gaeltachta d’fhéadfaí cuid mhaith do 900 post a chur ar fáil de bharr na forbartha i Ros an Mhíl agus tá an tÚdarás den tuairim go scaipfeadh buntáistí na cé nua ar fud Chonamara.

In 2018 thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le haghaidh na n-oibreacha a bhí molta i Ros an Mhíl agus chuaigh an cead sin in éag in 2023.

Mí na Bealtaine anuraidh a cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe síneadh cúig bliana ar an gcead forbartha sin ag an gcéibh ach thug Peter Sweetman ón gcomhlacht Wild Ireland Defence, a bhfuil seoladh aige sna hAilichí i Leithinis Bhéarra, dúshlán chinneadh na Comhairle faoin síneadh sin.

Coinníonn Sweetman súil ghéar ar chúrsaí pleanála agus déanann achomhairc go rialta.

Dúirt Sweetman le nuachtán an Irish Independent go raibh an síneadh ama a cuireadh leis an gcead forbartha neamhdhleathach agus gur cuma go raibh an fhorbairt beagnach críochnaithe.

“Níl an obair déanta. B’fhéidir go mbeadh orthu an méid atá déanta a thabhairt chun bealaigh arís. Sin é dlí na hEorpa,” a dúirt Sweetman.

“Bhí an rud a bhí ar siúl acu neamhdhleathach. Níor chuir an Chomhairle aon chosaint ar fáil don chúirt dá gcinneadh. Cuireadh síneadh ama leis an gcead pleanála agus rinneadh sin go neamhdhleathach. Rinne siad neamhaird ar an Treoir maidir le Gnáthóga. Bhí siad ag iarraidh an dlí a sheachaint.”

Bhí an t-athbhreithniú breithiúnach faoi bhráid na cúirte go deireadh coicís ó shin, an 14 Bealtaine. D’iarr an chúirt ar an gComhairle a cás féin a chur ar fáil i scríbhinn taobh istigh de sheachtain. Dheimhnigh Comhairle Chontae na Gaillimhe nach raibh rún aici na himeachtaí a chosaint.

Deir na húdaráis sa Roinn Talmhaíochta agus Mara gur dócha go mbeidh cead eile ag teastáil chun an obair ar an gcéibh a chríochnú agus go dtabharfar faoi “na céimeanna a bheidh riachtanach chuige sin chomh sciobtha agus is féidir”.

Dúirt an Seanadóir Lisa Chambers, atá ag seasamh do pháirtí Fhianna Fáil i dtoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt i dtoghcháin na hEorpa, go raibh an scéal seo “amaideach”. “Tá sé riachtanach go ndéanfaí forbairt ar ár gcéanna agus ár gcalafoirt, ní hamháin chun déileáil leis an athrú aeráide agus chun tairbhe a bhaint as fuinneamh inathnuaite na gaoithe amach ón gcósta, ach mar infreastruchtúr tábhachtach dár bpobail cois cósta,” a dúirt Chambers.

Dúirt an Teachta Dála áitiúil le Fianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur “le dea-intinn” a rinneadh dearmad agus an síneadh pleanála á cheadú.

“Sílim go bhfuil sé seafóideach go bhfuil céibh againn atá trí cheathrú críochnaithe.

“Ba cheart go mbeadh cothromaíocht ann i gcónaí agus feictear domsa go bhfuil an chothromaíocht uilig ag gabháil sa treo eile agus go bhfuiltear i bhfostú i gciseach mhaorlathais cheart chríochnaithe.”

Fág freagra ar 'Stop curtha le forbairt chéibh nua Ros an Mhíl ar chomhairle dlí'