Stampaí nua ‘Bród’ eisithe ag An Post

Tá na focail ‘Bród’ agus ‘Pride’ ar stampaí nua An Post chun mí an Bhróid, mí an Mheithimh, a cheiliúradh

Stampaí nua ‘Bród’ eisithe ag An Post

Tá stampaí nua eisithe ag An Post ar a bhfuil bratach mhórtais an bhogha ceatha agus na focail ‘Bród’ agus ‘Pride’ chun mí an Bhróid, mí an Mheithimh, a cheiliúradh.

“Tá an-áthas orainn Bród agus gluaiseacht Bród na hÉireann a cheiliúradh lenár bhfoireann agus ár gcustaiméirí,” a dúirt Príomhfheidhmeannach An Post, David McRedmond.

Dúirt An Post gur oibrigh siad leis an bpobal LGBT+ agus iad ag pleanáil na stampaí seo, a dhear comhlacht as Baile Átha Cliath, Unthink.

“D’oibrigh An Post go dlúth le hionadaithe LGBT+ agus muid ag pleanáil na stampaí nua ildaite siombalacha seo a bhfuil oiread sin gean ag Gaeil orthu sa bhaile agus ar fud na cruinne,” a dúirt David McRedmond.

Is féidir na stampaí nua a cheannach i bpríomhoifigí poist na tíre nó ar líne ag anpost.com/brod mar a bhfuil leabhrán cúig stampa le ceannach ar €6.40, ceithre stampa ráta ‘N’ don phostas intíre agus stampa amháin ráta ‘W’ a sheolfaidh litir ar fud na cruinne.

Tá táirgí eile Bród ar díol ar an suíomh idirlín chomh maith – t-léinte, biorán ar dhearadh an stampa nua agus an dá stampa nua i bhfráma. Chun leasa BeLonG To agus LGBT Ireland a rachaidh aon bhrabús ó na táirgí seo.

Fág freagra ar 'Stampaí nua ‘Bród’ eisithe ag An Post'

  • An Teanga Bheo

    Bród ainm ar mhada san áras é.