SRAITH PICTIÚR: Bronntanas Costasach

 Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta. Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).    Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in […]

SRAITH PICTIÚR: Bronntanas Costasach

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.
  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoin uair a bhfuair tú féin bronntanas a bhí an-chostasach.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Déan cur síos ar an mbronntanas é féin, tabhair míbhuntáistí/buntáistí, cad a cheap daoine eile faoi, cuir tuairim in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Bronntanas costasach

(Téacs an fhíseáin)

1) Bhí breithlá Mháire ann ar an gcúigiú lá de mhí Bealtaine.
Tháinig a muintir aniar aduaidh uirthi ar maidin agus bhéic siad “Lá breithe sona duit” in ard a gcinn is a ngutha.
Fuair sí iFón mar bhronntanas óna tuismitheoirí.
Bhí áthas an domhain uirthi agus ghabh sí buíochas ó chroí leo.

2) Bhí Máire ag tnúth go mór lena hiFón nua a úsáid.
Bhí ceann ag a cairde ar fad.
Bhí sí ar an bhfón ó mhaidin go hoíche ag béadán agus ag insint scéalta.
Níor smaoinigh sí ar an gcostas ar chor ar bith.

3) Cúpla seachtain ina dhiaidh sin bhí sí fós gafa leis an bhfón nua.
Níl a fhios ag Dia ná duine cé mhéad ama a chaith sí ar an bhfón.
Bhíodh sí ag caint faoi shiopadóireacht, faoi bhuachaillí agus faoin dioscó.
Bhí sí ar mhuin na muice.

4) Ar an dara lá déag de mhí an Mheithimh tháinig an bille fóin.
Ba dhóbair nár thit Máire i laige nuair a chonaic sí an bille.
Céad fiche a cúig euro agus tríocha a cúig cent a bhí ann.
Ní raibh pingin rua aici.
Ní fhéadfadh sí bille mar sin a íoc.
Bhí sí in umar na haimléise.

5) Nuair a chuala a tuismitheoirí an scéal bhí siad le ceangal.
Ní fhéadfadh a hathair a chreidiúint nár smaoinigh Máire ar an gcostas.
Dúirt a deirfiúr léi go dtabharfadh sí iasacht di.
Mhol a dheartháir di téacsanna a sheoladh seachas a bheith ag glaoch ar dhaoine.
Theastaigh óna máthair teacht ar réiteach na faidhbe.

6) Ghlac Máire le comhairle a muintire.
Níor chaith sí an oiread céanna ama ar an bhfón agus sheol sí téacsanna seachas glaonna a chur ar dhaoine.
Chuir comhairle a muintire ar bhóthar a leasa í.
Ní raibh ach fiche a cúig euro sa bhille a fuair sí i mí Lúnasa.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Ar lean Máire leis an dea-nós?
2) Cé mhéad a bhí sa chéad bhille eile, meas tú?
3) Cé leis a bhí sí ag caint ar an bhfón, meas tú?
4) An raibh an bille i mí an Mheithimh an-ard, meas tú?
5) An raibh na tuismitheoirí sásta i mí Lúnasa, meas tú?