Sraith nua spriocanna agus scéimeanna romhainn i bplean nua tithíochta ach tá foighid an phobail nach mór ídithe

Tuigtear go mbeidh sé mar sprioc ag an rialtas breis is 50,000 teach sa mbliain a thógáil idir seo agus 2030 ach tá teipthe go leanúnach spriocanna a leagadh amach roimhe seo a chomhlíonadh

Sraith nua spriocanna agus scéimeanna romhainn i bplean nua tithíochta ach tá foighid an phobail nach mór ídithe

Foilseofar leagan nua de Thithíocht do Chách an mhí seo chugainn. Leagan nua de phlean atá i bhfeidhm ó 2021, plean nach bhfuil baol air a bheith inniúil ar an ngéarchéim thithíochta a leigheas. Sraith nua spriocanna, tuilleadh scéimeanna agus athruithe eile ar chúrsaí pleanála atá i ndán dúinn is dóigh le cur leis an iliomad scéim eile atá fógartha le míonna agus blianta anuas.

Níl mórán lá anois nach bhfaigheann muid liosta nua figiúirí a bhaineann le tithíocht, an fhadhb agus na hiarrachtaí lena leigheas. Más fíor na tuairiscí, tá an tAire James Browne le sprioc nua a fhógairt mar chuid den pholasaí leasaithe, go dtógfaí 303,000 teach idir seo agus 2030 rud a chiallaíonn go mbeadh 50,500 ar an meán á dtógáil in aghaidh na bliana. Tá an sprioc seo luaite cheana ag ceannairí an rialtas ach ní miste an cheist a chur – cén fáth go mbeadh an rialtas ag fógairt sraith eile spriocanna ó thaobh tógála nuair atá teipthe orthu go leanúnach na spriocanna a leag siad amach go dtí seo a chomhlíonadh?

Ceann de na nithe is mó a chuir fearg ar an bpobal le leathbhliain ó toghadh an rialtas seo ná an chaoi gur cuireadh figiúirí a bhain le tógáil tithe faoi cheilt le linn an fheachtais olltoghcháin – bhí sprioc 40,000 leagtha amach do 2024 agus níor éirigh linn ach ar éigean 30,000 a thosú. Níos measa ná sin, níor cuireadh ar an eolas an pobal faoin easnamh sin go dtí go raibh an t-olltoghchán thart. Go deimhin, lean na polaiteoirí leo ag maíomh go mbainfí amach an sprioc.

Tá an rialtas beagán le cois leathbhliana in oifig anois agus tá uimhreacha na ndaoine atá i lóistín éigeandála níos airde ná riamh. Tá sraith beart fógartha ag an rialtas idir leathnú ar chriosanna brú cíosa agus athrú ar mhéid árasáin agus geallann an rialtas go mbeidh an córas tithíochta trí chéile níos éasca nuair a fhoilseofar an leasú ar a bplean tithíochta an mhí seo chugainn. An mbeidh na pobal sásta éisteacht leo an babhta seo?

Níl teach le fáil ar cíos ó cheann ceann na tíre, níl lánúineacha atá ag saothrú os cionn €100,000 in aghaidh na bliana in acmhainn teach trí sheomra codlata a cheannach agus tá an tuairim i measc an phobail nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag James Browne ó ceapadh in aire é. Seo í géarchéim mhór ár linne ach ainneoin iarrachtaí Shinn Féin a chur ina luí ar an bpobal go bhfuil an leigheas acusan uirthi, chuir na vótóirí muinín in athuair sna seanpháirtithe traidisiúnta, Fianna Fáil agus Fine Gael. Cén fhad eile a bheidh an pobal sin nach bhfuil áit chodlata acu féin ná ag a gclann san oíche sásta a bheith foighneach le deacrachtaí na bpolaiteoirí dul i ngleic leis an easpa lóistín sa tír?

Fág freagra ar 'Sraith nua spriocanna agus scéimeanna romhainn i bplean nua tithíochta ach tá foighid an phobail nach mór ídithe'