Dánaíocht agus misneach ag teastáil go géar i dTionól Stormont

Má théann lucht Stomont i ngleic le beagán de na mórfhadhbanna gan mhoill beidh seans acu polaitíocht bhisiúil a sholáthar

Dánaíocht agus misneach ag teastáil go géar i dTionól Stormont

Loch nEathach chóir a bheith marbh, córas uisce poiblí i ndroch-chaoi, liostaí feithimh sláinte ina sceith bhéil, straitéis in aghaidh an bhochtanais nach fiú an páipéar ar a bhfuil sí scríofa í, fadhb thithíochta ag géarú…

Blaiseadh é sin de na dúshláin ar liosta oibre Stormont tar éis shaoire an tsamhraidh.

An gcruthóidh siad níos fearr ag an ngnó ná mar a chruthaigh ó athbhunaíodh an feidhmeannas díláraithe agus an Tionól bliain go leith ó shin?

Sin í an cheist. Ní áibhéil é a rá go bhfuil muinín an phobail feoite.

Is fíor go raibh cuma níos seasmhaí ar Stormont ó d’fhill na páirtithe anuraidh, gan ceachtar den dá mhórpháirtí ag bagairt go siúlfaidís amach. Is fíor freisin gur aontaíodh buiséad agus clár rialtais, fiú má thóg an obair sin achar i bhfad rófhada.

Labhair le duine ar an tsráid, áfach agus ní moladh maidir le seasmhacht a chloisfidh tú. ‘Céard atá athraithe ar mhaithe liomsa, mo mhuintir nó mo chomharsana?’ an port is coitianta. Tá údar acu.

Ar éigean is gá a rá nach leor Stormont a bheith ann. Amanta, mhaithfeá don té a mhaíonn gurb in amháin atá á sholáthar. Toisc go bhfuil greim scóige ag na príomhpháirtithe ar a chéile, tá sé níos furasta sraith fhada tosaíochtaí a liostáil ná margadh a dhéanamh faoi dhornán aidhmeanna agus na hacmhainní riachtanacha a cheadú dóibh sin. Éilíonn ord tosaíochta den tsórt sin go ngéillfeadh ceannaire anois is arís gur tábhachtaí scéim éicint ná mianta leithleacha a pháirtí. Is annamh a chítear a leithéid, liodáin sa chlár rialtais in ionad trí nó ceithre cinn de phríomhchuspóirí a mbeadh dóthain sa bhuiséad lena n-aghaidh.

‘Gheall an Feidhmeannas mórán ach go dtí seo sheachain siad na roghanna deacra faoi pholasaithe, maoiniú agus tosaíochtaí atá riachtanach.’

Ba é sin breithiúnas Pivotal, meitheal machnaimh faoi pholasaí poiblí i dTuaisceart Éireann i dtuarascáil a foilsíodh Dé Luain. Níor chuir siad fiacail ina léirmheas san athbhreithniú séasúrach ar Stormont. Mhaígh siad nach bhfacthas feabhas ar bith ar liostaí feithimh, rochtain ar dhochtúirí teaghlaigh, tithíocht inacmhainne, póilíneacht ná feachtas frithbhochtanais. Is amhlaidh atá cúrsaí imithe in olcas in go leor de na réimsí sin le bliain go leith, dar leo.

Mhaígh Pivotal nach raibh aon phlean déanta chun déileáil le dúshláin fhadtéarmacha – an bochtanas, an táirgiúlacht agus an córas fuíolluisce ina measc.

Anuas air sin dúradar gur chosúil nár aithin an Feidhmeannas go raibh athrú ó bhonn riachtanach; dá leanfaí leis an gcur chuige nó polasaithe reatha ní fhéadfaí meath níos measa fós a sheachaint.

Léiriú ar easpa éifeachtachta an Fheidhmeannais is ea go mbeadh foras ar nós Pivotal, ar dual dó a bheith tomhaiste, chomh dian sin air. Gáir rabhaidh don chomhaireacht go léir é ach don Chéad agus LeasChéad-Aire go háirithe. Ba cheart gur oscailt súl í an tuarascáil sa mhullach ar dhíomá an phobail fré chéile do Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly agus dá bpáirtithe.

Tá beagán le cois bliain go leith eile fágtha i saolré an Tionóil seo, bliain sula gcuirfidh siad go léir gothaí toghcháin orthu. Luíonn sé le réasún nach féidir gach dúshlán a shárú agus ní mór a bheith oscailte faoi sin in áit a bheith ag caint ar aidhmeanna nach bhfuil siad in acmhainn a bhaint amach. Má théann siad i ngleic le beagán de na mórfhadhbanna gan mhoill beidh seans acu polaitíocht bhisiúil a sholáthar; cuid den éigeandáil sláinte agus gné den ghéarchéim aeráide, abair. Thiocfadh leo, mar shampla, tabhairt faoi liostaí feithimh ar bhonn uile-Fheidhmeannais agus thiocfadh leo an laincis a chuir Sinn Féin agus an DUP ar chuid den phlean tarrthála do Loch nEathach a scaoileadh. Tá dánaíocht agus misneach nár léiríodh go fóill de dhíth.

Fág freagra ar 'Dánaíocht agus misneach ag teastáil go géar i dTionól Stormont'