Oidhre ‘Aifric’ á lorg ag TG4 agus sraith nua drámaíochta do dhaoine óga le forbairt

Tá súil ag TG4, ciste WRAP, Fís Éireann agus an BAI go léireofar Sraith Drámaíochta do Dhaoine Óga faoi Scéim Forbartha nua a seoladh inniu 

Oidhre ‘Aifric’ á lorg ag TG4 agus sraith nua drámaíochta do dhaoine óga le forbairt

Tá scéim mhaoinithe nua fógartha ag TG4 do shraith drámaíochta don aos óg.

Faoin scéim nua, cuirfear suas le €1.2 milliún de bhuiséad ar fáil chun sraith drámaíochta do dhaoine óga a léiriú, agus tacaíocht ag TG$ ó chiste WRAP, Fís Éireann agus an BAI. Mar thús, cuirfear ciste suas le €25,000 ar fáil le  forbairt a dhéanamh ar thrí thogra agus roghnófar ceann amháin acu sin le léiriú.

Ag deireadh na tréimhse forbartha, roghnófar ceann de na tionscnaimh agus cuirfear iarratas ar thacaíocht dó sin chuig an chéad bhabhta cuí eile den chiste Fuaim agus Fís de chuid an BAI.

De réir an chur síos atá déanta ag TG4 ar an tionscnamh seo, is sraith a bheidh ‘mealltach don óige’ a bheidh inti ‘mar a bhí Aifric agus Malcolm in the Middle roimhe seo’.

Agus an scéim á seoladh, dúirt Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, Mary Ellen Ní Chualáin, go bhfuil “géarghá” le tuilleadh drámaíochta don aos óg.

“Tá géarghá le drámaíocht do dhaoine óga agus táimid ar bís i TG4 go dtiocfaidh sraith shiamsúil, cliar láidir agus cláir den chéad scoth as an scéim nua seo. Tá muid go mór faoi chomaoin ag na maoinitheoirí eile atá ag tacú leis an bplean,” arsa Ní Chualáin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) Michael O’Keefe go gcuirfeadh an scéim nua ‘borradh’ faoi léiriúcháin nua do dhaoine óga.

“Tionscadal iontach atá anseo chun borradh a chur faoi léiriúcháin nua do dhaoine óga. Tá sceitimíní ar Údarás Craolacháin na hÉireann a bheith mar chuid den chomhpháirtíocht seo chun cláir nua i nGaeilge, ar ardchaighdeán, a fhorbairt, mar chuid den tiomantas atá againn ábhar ilghnéitheach, oiriúnach dár gcultúr a sholáthar do lucht féachana na hÉireann. Tá muid ag tnúth go mór leis an iarratas deiridh a chuirfear os ár gcomhair don scéim Fuaim & Fís,” a dúirt Príomhfheidhmeannach  an BAI.

Dúirt Sarah Dillon, Bainisteoir Forbartha WRAP go mbeadh deis ag daoine cumasacha a gcuid scéalta a insint do dhaoine óga i nGaeilge agus gur “sampla den scoth” an scéim den chomhoibriú a bhíonn idir TG4, WRAP, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Dúirt James Hickey, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann go raibh sé  tábhachtach go mbeadh deis ag páistí drámaíocht i nGaeilge a fheiceáil.

“Cuidíonn sin leo dul i ngleic leis an teanga ar bhealach a léiríonn a gcuid scéalta féin agus an ghlúin dár díobh iad, ar an scáileán,” a dúirt Príomhfheidhmeannach, Fís Éireann, James Hickey.

Táthar ag glacadh le hiarratais faoin scéim nua go dtí an 16 Lúnasa. 

Fág freagra ar 'Oidhre ‘Aifric’ á lorg ag TG4 agus sraith nua drámaíochta do dhaoine óga le forbairt'