Spreagadh mór do Chúige Mumhan a bheadh i mbua ar an mbóthar

Má éiríonn le Cúige Mumhan an lá a thabhairt leo anocht cuirfidh siad drochthús an tséasúir as cuimhne a lucht leanta

Spreagadh mór do Chúige Mumhan a bheadh i mbua ar an mbóthar

Peter O’Mahony. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Níl ag na cúigí ar fad ach cluichí an deireadh seachtaine seo i mBabhta 9 den URC le réiteach a dhéanamh roimh thabhairt faoi mhórchlubanna na hEorpa i gCorn na gCuradh, agus Corn an Dúshláin i gcás Chúige Chonnacht, faoi cheann seachtaine.

Bhí an oiread brú ar fhoirne bainistíochta na Mumhan agus Chonnacht agus iad ar thóir pointí san URC gur chuir siad go leor dá gcuid imreoirí a d’imir sna cluichí fómhair chun páirce an deireadh seachtaine seo caite. Fuair Cúige Mumhan brabach maith as an gcinneadh contúirteach sin nuair a d’aimsigh siad cúig phointe i gcoinne Chonnacht, toradh a d’ardaigh chuig an t-ochtú háit ar an tábla iad. Go deimhin, cé go raibh díomá ar na Connachtaigh gur chaill siad, bhí sólás áirid ag roinnt leis an bpointe bónais cailliúna a shlánaigh siad.

De bhrí go raibh Ulaidh agus Laighin ag imirt i gcoinne foirne réasúnta lag an tseachtain seo caite ní raibh orthu imreoirí chéad rogha a chur i mbaol a ngortaithe. Ní hionann an cás ag aon chúige an deireadh seachtaine seo.

Beidh na Muimhnigh ar an mbóthar anocht agus iad i nDún Éideann ag tabhairt faoi fhoireann an bhaile sin. Tá ceithre áit idir na foirne seo, Dún Éideann atá sa gcúigiú háit ar an tábla, iad sé phointe chun cinn ar Chúige Mumhan. Chaill Dún Éideann an deireadh seachtaine seo caite agus iad as baile i gcoinne Benetton na hIodáile, toradh a fhágann go mbeidh siad ar thóir maithiúnais óna lucht leanta. Ach an oiread le Mumhain níl ach cluiche amháin baile caillte ag Dún Éideann an séasúr seo, rud a chuirfeas go mór leis an teannas a bheas ag baint leis an gcoimhlint seo. Má éiríonn le Cúige Mumhan an lá a thabhairt leo anocht cuirfidh siad drochthús an tséasúir as cuimhne a lucht leanta.

Anois, sin spreagadh ann fhéin.

Tá dúshlán mór roimh na Connachtaigh agus iad ag imirt ar an mBóthar Beag i gcoinne Benetton, foireann atá san ochtú háit ar an tábla i gcomórtas leis an tríú háit déag ina bhfuil foireann na Gaillimhe suite faoi láthair. Fós féin níl ach cúig phointe idir na foirne seo. Má thugann foireann Andy Friend an lá leo ardóidh siad go tapa ó íochtar an tábla. Caithfidh Connachta chuile leas a bhaint as an mbuntáiste baile atá acu amárach.

San oíche amárach tabharfaidh an dá fhoireann atá sa gcéad agus sa dara háit ar bharr an tábla faoina chéile san RDS. Cúige Laighean atá ar bharr an tábla, rogha na coitiantachta don choimhlint idirchúige i gcoinne na nUltach. Cé gur chuir Laighin imreoirí dara agus tríú rogha chun páirce sna hocht gcluiche a d’imir siad go dtí seo, níl cluiche amháin féin caillte acu. Fiú le sár-imirt na nUltach sna seacht gcluiche atá imeartha acusan go dtí seo ach fiú agus iad ag cur a gcéad rogha imreoirí aclaí chun páirce amárach, is deacair aon toradh seachas bua eile sa mbaile a thuar do na Laighnigh.

Fág freagra ar 'Spreagadh mór do Chúige Mumhan a bheadh i mbua ar an mbóthar'