SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016 (CUID 1): Fir Chorca Dhuibhne agus na Rinne i measc na bpiardaí móra arís

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí spóirt i nGaeltacht Chiarraí, i nGaeltacht Chorcaí agus i nGaeltacht Phort Láirge in 2017

Captaen na Gaeltachta, Colm Ó Muircheartaigh, ag ceiliúradh bua na foirne i gCraobh na Mumhan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarraí

Níl aon amhras ach gurb iad gaiscí pheileadóirí Chorca Dhuibhne is mó a tharraing aird ar shaol an spóirt sa Ghaeltacht i mbliana. Tar éis dóibh roinnt cluichí móra a chailleadh in 2016, bhí An Ghaeltacht beagnach dosháraithe in 2017.

Ba iad Comórtas Peile na Gaeltachta agus Craobh Idirmheánach Chiarraí na príomhspriocanna a bhí acu i mbliana agus thug siad leo an dá chomórtas, agus tuilleadh leis. Bhí na Ciarraígh ar fheabhas deireadh seachtaine na Cincíse i dTuar Mhic Éadaigh, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill na Martra sa chluiche ceannais chun Corn an Aire a thabhairt leo.

Bhain siad cluiche ceannais na craoibhe amach níos déanaí sa bhliain agus ba é PJ Mac Láimh laoch na Gaeltachta agus an scór cinniúnach faighte aige chun an Teampall Nua a chloí agus chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeltacht sa chraobh shinsir den chéad uair ó 2009. Níor tháinig deireadh le feachtas na Gaeltachta an lá sin i dTrá Lí agus d’fhill siad ar Pháirc Aibhistín de Staic ceithre seachtaine ina dhiaidh sin chun Craobh Idirmheánach na Mumhan a bhuachan in aghaidh Naomh Seanán. Thugadar leo Craobh Chiarraí Thiar chomh maith go luath ina dhiaidh sin nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an Daingean i gcath crua cealgánta.

Theip ar Phiarsaigh an Dromoda i gcluiche ceannais shóisir na Mumhan ach fós bhí ábhar ceiliúrtha acu agus Craobh Chiarraí buaite acu in 2017.

Ba bheag nár éirigh le Lios Póil dhá chluiche ceannais a bhaint amach ach theip ar éigean orthu sna babhtaí leathcheannais i gCraobh Shóisir Chiarraí agus ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Ar a laghad, thugadar leo Sraith Chiarraí Thiar.

Níos luaithe sa bhliain, bhí scata mór d’imreoirí na Gaeltachta mar chuid d’fhoireann Chiarraí Thiar a bhain an cluiche leathcheannais amach i gCraobh Shinsir Chiarraí. Bhí Tomás Ó Sé, Tomás Mac an tSaoir, Roibeard Ó Sé, Éanna Ó Conchúir agus PJ Mac Láimh uile ar an bhfoireann sin agus ar fhoireann shóisir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann don tríú bliain as a chéile.

Ní hiad fir agus buachaillí na Gaeltachta amháin a raibh sárbhliain acu, áfach, mar bronnadh gradam ‘Cumann na Bliana’ LGFA Chiarraí ar Chumann Caide Ban Chorca Dhuibhne as ucht na hoibre a rinne siad i mbliana.

Bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh arís in 2017 chomh maith. Tar éis dóibh an greim daingean a bhí acu ar Chorn Uí Mhuirí a scaoileadh in 2016, tá glúin nua imreoirí ag teacht chun cinn agus thug siad leo Corn Paul McGirr, craobh Faoi-16.5 na hÉireann, san earrach.

Shane Ó Duinnín (Cill na Martra)
Shane Ó Duinnín Chill na Martra. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Corcaigh

Bhí bliain mhaith ag foireann peile Chill na Martra ach fós beidh aiféala orthu nach raibh sí beagáinín níos fearr fós. Chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar dhaoine ag Comórtas Peile na Gaeltachta tar éis dóibh Naomh Conaill, seaimpíní 2015 agus 2016, a chloí sa chluiche leathcheannais, ach bhí an Ghaeltacht róláidir dóibh sa chluiche ceannais.

Choinnigh siad ag treabhadh leo i gCraobh idirmheánach Chorcaí ach chaill siad amach ar ardú céime nuair a chlis orthu sa chluiche leathcheannais. Bhí briseadh croí i ndán don fhoireann Faoi-21 chomh maith nuair a chaill siad cluiche ceannais Chraobh A i gcoinne Dhúglais.

Ar a laghad, níor chríochnaigh Cill na Martra an bhliain gan corn. Bhí siad dochloíte i Roinn 2 na sraithe agus thug siad leo an corn i mí Dheireadh Fómhair.

Ní ar an bpáirc pheile amháin a bhí mí-ádh ar lucht spóirt Chill na Martra agus mar chaill an dornálaí Christina Desmond amach ar dheis bonn a bhuachan ag Craobh Dornálaíochta an Aontais Eorpaigh san Iodáil, nuair a chaill sí sa bhabhta ceathrú ceannais.

Bronann Paddy Joe Ryan, Cathaoirleach Bhord CLG an Chontae, an corn ar na comhchaptaein, Ray Ó Ceallaigh agus Donnie Breathnach. Pictiúr: Sean Byrne//Deise Sport

Port Láirge

Beidh foirne peile agus iomána na Rinne san iomaíocht i gCraobhacha Sinsir Phort Láirge in 2018 tar éis d’iománaithe an chumainn ardú céime a bhaint amach i mbliana. Bua cúig phointe a bhí ag an Rinn ar Chluain Fhia, 0-18 in aghaidh 0-13, nuair a bhuaigh siad an Chraobh Idirmheánach den tríú huair mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ba é an comhchaptaen agus imreoir lár na páirce Donie Breathnach, a d’aimsigh 14 pointe, laoch na himeartha.

Bhí Breathnach, agus nach mór gach duine de na hiománaithe eile, ag imirt d’fhoireann peile an chumainn a shroich an babhta leathcheannais sa chraobh shinsir ach chlis ar an Rinn sa chluiche sin in aghaidh Ghleann na hUidhre nuair a ghéill siad cúl agus an t-am beagnach caite. Mar bharr ar an mí-ádh, ba é an scéal céanna a bhí ann i gcluiche leathcheannais Chomórtas Peile na Gaeltachta i mí an Mheithimh nuair a bhuail an Ghaeltacht iad a bhuíochas de phointe in am cúitimh.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016 (CUID 1): Fir Chorca Dhuibhne agus na Rinne i measc na bpiardaí móra arís'