‘Spéis mhór’ á cur i gcúrsa céime nua do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie 70 duine a chuir síos mar chéad rogha CAO cúrsa nua in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath

‘Spéis mhór’ á cur i gcúrsa céime nua do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge

Ráineodh go líonfar an chéad chúrsa de chéim nua a cuireadh ar bun le leigheas a fháil ar an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie 70 duine a chuir síos mar chéad rogha CAO an cúrsa ‘Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge’ in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí ó Marino go rabhthas sásta leis an “spéis mhór” atá á cur sa chúrsa nua céime ceithre bliana, cúrsa a mbeidh áit air do 35 mac léinn nuair a chuirfear tús leis an fómhar seo chugainn.

Luaigh 200 iarratasóir eile mar cheann dá gcuid roghanna CAO an cúrsa nua.

Caithfidh aon iarratasóir a mbeadh fonn air nó uirthi áit a fháil ar an gcúrsa céime scrúdú Gaeilge TEG a dhéanamh agus os cionn 50% a fháil ann.

Sheol an t-iar-aire oideachais Richard Bruton an Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Marino Meán Fómhair seo caite.

Dúirt Bruton gur “céim thábhachtach chun tosaigh” an cúrsa nua Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile maidir leis an ngá dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí le Gaeilge líofa.

Tá conradh ocht mbliana, ar fiú €5.5 milliún é sínithe ag an Roinn Oideachais le hInstitiúid Oideachais Mharino chun an chéim, atá ag Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a reáchtáil. 

Ag seoladh na céime anuraidh, dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an Dr Teresa O’Doherty, go raibh “géarghá” san earnáil lán-Ghaeilge “le múinteoirí le hardchumas sa Ghaeilge a bhfuil eolas ar leith acu ar an tumoideachas agus a bhfuil an inniúlacht acu ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge”. 

Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino go gcuirfí béim sa chéim ar an Ghaeilge, ar an tumoideachas, ar ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge agus ar mhúineadh i scoileanna éagsúla. 

Is i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge a dhéanfaidh mic léinn na céime nua a dtaithí múinteoireachta go léir.

Fág freagra ar '‘Spéis mhór’ á cur i gcúrsa céime nua do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Cluain Sceach

    Dea-thuar?

  • Tuismitheoir den 23%

    Tá 23% den phobail ag iarraidh oideachas LánGhaeilge dá bpáistí de réir an ESRI. Níl ach 6% de phástí na tíre ag freastal ar Gaelscoil agus chun freastal ar an éileamh ó 23% des na tuismitheoirí ní mór 17% des na scoileanna a thiontú ina nGaelscoileanna.
    Tá thart ar 36,773 múinteoir bunscoile sna 26 condae agus is 6251 múinteoir 17% acu sin. Chun freastal ar an éileamh don Ghaeloideachas bheadh 6251 múinteoir breise atá in ann teagasc tré mheán na Gaeilge ag teastáil!
    Cé gur maith ann é an cúrsa bunmhúinteoireachta LánGhaeilge i Marino níl a dhóthain múinteoirí cáilithe don Ghaeloideachas.
    Tá an scéal níos measa ag an dara leibhéal.Níl,ach cúrsa amháin chun meánmhúinteoirí a réiteach don Ghaeloideachas agus is do múinteoirí na nábhar acadúla amháin an cúrsa sin.

  • Seán Ó Riain

    „Trí mheán na Gaeilge“, sin Béarlachas! Lomaistriú ar „through the medium of Irish”. “Trí Ghaeilge” an leagan dúchasach.