Spéis léirithe anois ag gach iarbhunscoil sa Ghaeltacht i stádas mar scoil Ghaeltachta

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta

Spéis léirithe anois ag gach iarbhunscoil sa Ghaeltacht i stádas mar scoil Ghaeltachta

Tá spéis léirithe anois ag gach iarbhunscoil sa Ghaeltacht i stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta agus 28 iarbhunscoil den 29 iarbhunscoil Ghaeltachta a rinne amhlaidh.

Dheimhnigh Aonad Um Oideachas Gaeltachta Roinn na Gaeltachta tráthnóna inné go bhfuil an 29ú scoil, Coláiste Pobail Acla, anois ag iarraidh stádas mar scoil Ghaeltachta.

Idir an dá linn, tá bunscoil amháin imithe den liosta bunscoileanna Gaeltachta atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltacha a bhaint amach.

Tá Scoil Náisiúnta Béal an Bhuláin Acla, a bhí ar cheann den 106 bunscoil a léirigh suim i stádas Gaeltachta, bainte den liosta toisc í a bheith dúnta.

Níor léirigh 27 bunscoil agus iarbhunscoil amháin sa Ghaeltacht – Coláiste Pobail Acla – suim i scéim aitheantais Gaeltachta na Roinne Oideachais nuair a fógraíodh í. Cé gur tugadh roinnt deiseanna breise agus cúpla síneadh ama do na scoileanna go léir nár léirigh spéis i stádas Gaeltachta ní raibh athrú poirt go n-uige seo ach ar mhuintir Choláiste Pobail Acla.

I nGaeltacht Mhaigh Eo atá formhór na scoileanna nár léirigh spéis a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta agus 11 bunscoil sa chontae sin a chinn gan tabhairt faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

Naoi gcinn de bhunscoileanna i nGaeltacht na Gaillimhe agus sé bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall a shocraigh gan stádas Gaeltachta a lorg ná múnla tumoideachais an pholasaí nua a chur i bhfeidhm. 

Thoiligh gach scoil i nGaeltacht na Mumhan a bheith páirteach sa scéim aitheantais.

Fág freagra ar 'Spéis léirithe anois ag gach iarbhunscoil sa Ghaeltacht i stádas mar scoil Ghaeltachta'

  • Sibéal

    Ba chóir na ceantracha sin a chur amach as an Ghaeltacht Oifigiúil toosc nach bhfuil na scoileanna ag teagasc as Gaeilge.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá an Ghaeilge imithe as na ceantair sin cheana, murach na scoileanna, céard atá eatarthu féin agus Contae Laoise?