Sos comhraic fógartha ag an ngrúpa easaontóirí poblachtánacha Óglaigh an hÉireann

Bhí iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar dhuine de na daoine a bhí i mbun na preasócáide ag ar fógraíodh inniu go raibh Óglaigh na hÉireann ag éirí as a bhfeachtas míleata in aghaidh stát na Breataine láithreach

Sos comhraic fógartha ag an ngrúpa easaontóirí poblachtánacha Óglaigh an hÉireann

Tá sos comhraic fógartha ag an ngrúpa easaontóirí poblachtánacha Óglaigh an hÉireann.

Bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar dhuine de na daoine a bhí i mbun na preasócáide ag ar fógraíodh inniu go raibh Óglaigh na hÉireann ag éirí as a bhfeachtas míleata in aghaidh stát na Breataine láithreach.

Ag deireadh na bliana seo caite, cuireadh príosún 11 bliain go leith ar bhall d’Óglaigh na hÉireann, Séamus McGrane, as stiúradh a dhéanamh ar sceimhlitheoireacht.

Rinne Éamon Ó Cuív cosaint an uair sin ar a chinneadh ráiteas a chur ar fáil d’abhcóide an easaontóra phoblachtánaigh. Ba é McGrane, a raibh baint aige le plean chun pléascán a shéideadh le linn cuairt stáit Phrionsa Charles Shasana in 2015,  an dara duine riamh sa stát seo a ciontaíodh as stiúradh a dhéanamh ar sceimhlitheoireacht.

Dúirt Éamon Ó Cuív gur chuir sé “dréachtráiteas” ar fáil d’abhcóide McGrane mar chuid den obair a bhí ar siúl le fada aige ar mhaithe le “grúpa áirithe easaontóirí poblachtánacha a bhogadh ar bhealach nua agus ar bhealach na síochána”.

Dúirt sé gur chuir sé in iúl sa ráiteas gur thacaigh Séamus McGrane leis an bpróiseas sin agus gur eisigh an grúpa atá i gceist ráiteas le déanaí ag dearbhú go raibh “bealach nua agus bealach síochána” á bheartú acu.

Dúirt Ó Cuív gur toradh a bhí i bhfógra an lae inniu ar phróiseas fada agus gur fógra “suntasach” a bhí ann. Dúirt sé nach bhféadfadh sé a bheith “níos soiléire”.

Tá Ó Cuív ar dhuine de ghrúpa beag Teachtaí Dála a mbíonn teagmháil acu le grúpaí príosúnach.

Dúirt an ceardchumannaí Peter Bunting, a bhí i láthair ag an bpreasócáid inniu chomh maith, gur chreid sé gur fógra macánta a bhí ann.

Chuir an Tánaiste Simon Coveney agus Gerry Adams ó Shinn Féin fáilte roimh an bhfógra chomh maith.

Fág freagra ar 'Sos comhraic fógartha ag an ngrúpa easaontóirí poblachtánacha Óglaigh an hÉireann'