Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas

Freagra cuimsitheach is ea plean Hamas ar mholadh faoi shos cogaidh a rinne lucht idirbheartaíochta as Catar agus an Éigipt, moladh ar thacaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael leis

Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas

Tá sos cogaidh molta ag Hamas a mhairfeadh ceithre mhí go leith agus a mbeadh sé mar aidhm aige deireadh ar fad a chur leis an gcogadh in Gaza.

Freagra cuimsitheach is ea plean Hamas ar mholadh faoi shos cogaidh a rinne lucht idirbheartaíochta as Catar agus an Éigipt, moladh ar thacaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael leis.

De réir na dréachtcháipéise ó Hamas, a bhfuil cóip di faighte ag Reuters, bheadh trí thréimhse 45 lá sa sos cogaidh.

Faoin bplean thabharfaí ar láimh d’Iosrael na gialla a fuadaíodh ar an 7 Deireadh Fómhair agus mar chúiteamh air sin scaoilfí saor 1,500 príosúnach Palaistíneach. Chomh maith leis sin chuirfí tús le hatógáil Gaza, a bhfuil go leor de scriosta ag an gcogadh, agus tharraingeodh Iosrael a chuid saighdiúirí go léir amach as an stráice.

Meastar gur caolseans atá ann go nglacfaidh Iosrael le fritairiscint Hamas, ach údar dóchais do lucht eadrána go bhfuil Hamas sásta dul i mbun idirbheartaíochta.

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden go raibh “an chuma” ar mholadh Hamas go raibh sé “ábhairín thar fóir”, ach go leanfaí ar aghaidh leis an idirbheartaíocht atá ar siúl.

Ag preasócáid in Doha, dúirt Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá, Antony J. Blinken agus príomh-aire Chatar, Sheikh Mohammed bin Abdulrahman bin Jassim al-Thani, gur scéal “dearfach” ar an iomlán a bhí i bhfreagra Hamas.

Dúirt Blinken go raibh sé i gceist aige moladh Hamas a phlé le ceannairí Iosrael amárach.

“Tá go leor oibre le déanamh ach creidimid gur féidir teacht ar chomhaontú, rud, ar ndóigh, atá riachtanach, agus leanfaimid orainn ag obair gan stad chun é sin a bhaint amach,” a dúirt Blinken.

Deir na húdaráis sláinte in Gaza, atá á rialú ag Hamas, gur maraíodh ar a laghad 107 Palaistíneach idir Dé Luain agus Dé Máirt agus gur nach mór 27,600 duine ar fad a maraíodh sa stráice ó cuireadh tús le hionsaithe díoltais Iosrael.

Fág freagra ar 'Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ba cheart leis, ar bhonn práinne, próiseas a bhunú chun Hamas AGUS Iosrael a chur ar a dtriail maidir le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.

  • Criostóir Ó Floinn

    Díol suime é go mbíonn Tuairisc an-ghasta ag tuairisciú drochrudaí faoi Iosrael ach nár thuairiscigh sibh gur ghlac roinnt oibrithe de chuid UNRWA páirt i sléachtanna 7 Deireadh Fómhair, go raibh lámh acu i bhfuadach na nIosraelach agus gur chuidigh siad le Hamas cúnamh daonnachtúil a ghoid ar bhonn leanúnach. B’shin scéal a bhí i gceannlínte na meán go léir go bhfios ach ní raibh ann ach tost ó Tuairisc.ie ar an gceist. Shíl mé go bhfuil sé de dhualgas ar shuíomh nuachta a fhaigheann maoiniú ón stát cothrom na Féinne a thabhairt do chách agus gan neamhaird a thabhairt ar scéalta nach dtaitníonn leis na heagarthóirí?

  • Anna

    Ceapaim nach bhfuil faic tábhachtach seachas sos cogaidh a bheith againn in Gaza. Tá an T-uimhir 27,600 i bhfad ró-ard. Go raibh maith agat tuairisc.ie as ucht an tuairisc seo.

  • jpmorley0@gmail.com

    13000 fostaí atá ag UNRWA agus 12 acu sin atá cúisithe ag Iosrael san ionsaí danartha a rinneadh orthu, ionsaí a chuir lasair an uafáis sa bharrach. Ní miste a mheabhrú gur bhris Tom White an dáréag sin as a bpoist láithreach bonn. Is díol suime é freisin go dtugadh UNRWA liosta dá gcuid fostaithe do na hIosraelaigh go féichiúnta gach 12 mhí roimhe seo ach nár ardaíodh aon cheist ná aon chúis imní faoi aon duine acu go dtí le fíordhéanaí. Tá formhór mhuintir Gaza ag siollagar leis an ocras anois agus 350,000 teaghlach acu sin ag brath go huile is go hiomlán ar UNRWA chun greim bídh a chur ina mbéal. Chun an t-anam a choimeád iontu féin. Is náire shaolta é comhphionós comhchoiteann dá shórt a ghearradh ar thruáin mar sin, gan trácht ar an sceimhle a dhéantar ón aer, ón bhfarraige agus ar an talamh orthu gach lá. Agus is seacht measa fós é trucail bídh de chuid UNRWA a bhuamáil, dála mar rinne an IDF. Tugtar na coirpigh agus na Sátain atá i gceann an áir seo – ón DÁ thaobh, adeirim – chun cúirte.