‘Socrú’ aontaithe faoi chonspóid teanga Chomórtas Gearrscéalaíochta Writing.ie

Cuireadh coinníoll leis an gcomórtas go gcaithfí leagan Béarla de ghearrscéalta Gaeilge a chur ar fáil do mholtóirí an chomórtais

Poirtéir

Tá socrú moltóireachta nua curtha i bhfeidhm ag lucht an tsuímh Writing.ie mar réiteach ar chonspóid a bhain leis an gcomórtas gearrscéalaíochta atá á reáchtáil ag an suíomh i gcomhar le Bord Gáis.

Cuireadh coinníoll leis an gcomórtas go gcaithfí leagan Béarla de ghearrscéalta Gaeilge a chur ar fáil do mholtóirí an chomórtais, rud a chuir olc ar scríbhneoirí agus léitheoirí Gaeilge. Bhí caint ar an gcoinníoll ar na meáin shóisialta ó fógraíodh an comórtas ar an suíomh inné.

Dúirt Cathal Póirtéir, eagarthóir Gaeilge an tsuímh, le Tuairisc.ie go bhfuil Writing.ie le moltóirí le Gaeilge a fháil do na réamhbhabhtaí ach go lorgófar leagan aistrithe ón scríbhneoir sa chás go n-éireodh lena shaothar áit a fháil ar an ngearrliosta.

“Bhí mé ag caint leis an té atá i gceannas an chomórtais agus chuir mé ina luí uirthi go raibh an chuma air go raibh go leor daoine míshásta faoi. Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag moltóirí atá le duais a thabhairt i gcomórtas a bhfuil saothar Gaeilge ann. Ní féidir duais a thabhairt do shaothar nach dtuigeann siad.

“Bhí moltóirí roghnaithe cheana féin do chomórtas na bliana seo agus níl aon Ghaeilge acu ach tá moltóirí eile á bhfáil anois agus beidh Gaeilge acusan. Beidh aistriúchán ag teastáil fós má éiríonn le saothar áit a fháil ar an ngearrliosta,” a dúirt Póirtéir le Tuairisc.ie

Dúirt sé nár ‘socrú idéalach’ é ach gurbh é an socrú is fearr don bhliain seo agus go mbeadh sé ag súil go mbeadh moltóirí le Gaeilge ag gach leibhéal den chomórtas an bhliain seo chugainn.

Luaigh sé comórtais eile a raibh fadhbanna mar sin acu i gcaitheamh na mblianta agus dúirt gur gá an “dearcadh reatha” i leith scríbhneoirí Gaeilge a athrú.

“Ní ritheann sé le lucht eagraithe na gcomórtas go mbainfí ón scéal nó ó chumhacht an scríbhneora dá mbeadh orthu an saothar a aistriú taobh istigh d’achar gairid,” a dúirt sé.

Glacfar le hiarratais ar an gcomórtas go dtí 14 Meán Fómhair tríd an bhfoirm dhigiteach ar an suíomh Writing.ie.

Fág freagra ar '‘Socrú’ aontaithe faoi chonspóid teanga Chomórtas Gearrscéalaíochta Writing.ie'

  • Deasún ÓSeanáin

    Go dona amach is amach!
    Cén fath nach bhfuil roinn gaeilge sa gcomórtas?
    Rud eile, tá leabhrán ‘Féile Ealaoin na Gaillimhe’ lefáila anois agus níl focal gaeilge inti!!!