SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018:  Seo iad ainmneacha na marbh, ná ligtear i ndearmad iad…

Má bhain ceacht do lucht an fhoréigin le sladmharú na hÓmaí b’in gur saothar in aisce atá ina leithéid de bharbarthacht

SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018:  Seo iad ainmneacha na marbh, ná ligtear i ndearmad iad…

Fiche bliain agus an lá inniu a mharaigh an Fíor IRA naoi nduine is fiche agus cúpla gan bhreith ar an Ómaigh.

Satharn breá grianmhar a bhí ann d’fhéile an 15 Lúnasa agus carnabhal sráide ar siúl. Bhí an baile plódaithe agus idir óg agus aosta ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht nó ag bualadh le gaolta is cairde.

Bhí siad ann ó chian is ó chóngar ag deich nóiméad tar éis a trí nuair a tharla an phléasc.

Bhí an  gluaisteán ina raibh an pléascán páirceáilte in aice leis na siopaí ba ghnóthaí. Thairis sin bhí daoine tagtha an treo sin mar go raibh foláireamh míchruinn tugtha go raibh an carr-bhuama ag Teach na Cúirte. Cuireadh daoine ar a dteitheadh ó cheantar na cúirte caol díreach i dtreo láthair na pléisce.

D’fhág sin gur sléacht fíoruafásach a bhí ann. Gortaíodh na céadta agus ba ghearr go raibh a fhios go raibh ochtar is fiche marbh. Fuair an 29ú duine bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Ní raibh an duine ab óige a maraíodh ach bliain go leith d’aois; maraíodh ise, agus a máthair Avril Monaghan a bhí ag súil le cúpla agus a seanmháthair. Maraíodh leanbh eile a bhí dhá mhí níos sine; bhí sí le bheith ina cailín bláthanna ag pósadh a huncail agus thug a muintir ag siopadóireacht í le haghaidh bróga nua don bhainis.

Maraíodh mac agus a athair Fred Whyte a bhí ina chisteoir ag an Eaglais Phreispitéireach agus ina bhall den UUP sa cheantar.

Maraíodh gasúr ón Spáinn agus a mhúinteoir. Bhíodar i measc 33 Spáinneach a bhí ar chúrsa malairte agus ar dheichniúr a tháinig as Bun Cranncha ar thuras bus go dtí an Ómaigh. Maraíodh triúr de na páistí as Bun Cranncha. Bhí Caitlicigh, Protastúnaigh, cailíní, buachaillí, fir agus mná i measc na marbh. Daoine de gach aicme agus cúlra.

Ba í an eachtra aonair ba mheasa í le linn na dTrioblóidí, an líon ba mhó daoine a maraíodh in aon ionsaí amháin. Mhaígh an Fíor IRA ina dhiaidh sin nach raibh sé i gceist acu sibhialtaigh a mharú. Mura raibh, b’aisteach go deo a gcur chuige, buama ollmhór i mbaile margaidh ar cheann de na laethanta is gnóthaí sa bhliain.

Ní raibh ann ach seans nach ndearna siad sléacht coicís roimhe sin nuair a d’fhág siad buama mór eile i nDroichead na Banna.

Iarracht ab ea a bhfeachtas chun an tsíocháin a chur de dhroim seoil agus chun Comhaontú Aoine an Chéasta a scrios trí mhí tar éis na reifreann inar glacadh leis thuaidh agus theas. Bhainfeadh slad dá mhéid croitheadh as daoine in am ar bith, ach bhain an léirscrios seo suaitheadh ar leith as gach éinne mar gur síleadh go raibh ré nua an dóchais chugainn.

Go deimhin bhí an t-uafás chomh holc sin gur chuir sé ina luí ar dhaoine cé chomh riachtanach is a bhí an tsíocháin agus dhaingnigh sé a dtiomantas don Chomhaontú. Threisigh sé diongbháilteacht na bpolaiteoirí nár cheart géilleadh don Fíor IRA chomh maith. Chinn na paraimíleataigh a bhí ar sos cogaidh nach ligfeadh siad do na heasaontóirí iad a ghríosú chun díoltais.

Chuir an t-ionsaí alltacht ar údaráis ar fud na cruinne. Gheall maithe agus móruaisle, an Taoiseach, an Príomh-Aire, uachtaráin na hÉireann agus Mheiriceá agus ardfheidhmeannaigh Dlí agus Cirt lántacaíocht do na híospartaigh. Gealladh go ndéanfaí a seacht míle dícheall leis na daoine a bhí freagrach a ghabháil, a chúiseamh agus a chiontú.

Is iomaí conspóid a bhí ann ó shin, ina measc raic faoi fhiosrú easnamhach an RUC, agus an PSNI ina ndiaidh, agus líomhaintí go bhféadfadh stop a bheith curtha ag na húdaráis leis an ionsaí roimh ré ach gur deineadh faillí san obair. Fiche bliain i ndiaidh an uafáis níl oiread is duine amháin ciontaithe as agus theip ar roinnt cásanna cúirte coiriúla a glacadh. D’ordaigh cúirt shibhialta do bheirt cúiteamh a íoc ach níor íocadh aon phingin. Dhiúltaigh an dá rialtas d’éilimh ar fhiosrú poiblí agus le déanaí cuireadh siar go dtí an bhliain seo chugainn dúshlán cúirte faoi chinneadh Státrúnaí Thuaisceart Éireann nach gceadófaí fiosrú.

Dé Domhnaigh seo caite ag seirbhís chuimhneacháin ar an Ómaigh, dúradh gur léir nár chuidigh an sléacht leis an Fíor IRA a aidhmeanna a bhaint amach. Ba é an ceacht gur ghníomhartha gan éifeacht iad buamáil agus marú. Treiseofar ar an teachtaireacht sin ag bigil síochána ar an Ómaigh inniu Dé Céadaoin cothrom an ama a rinneadh an t-ionsaí. Buailfear clog 32 uair – 31 buille i gcuimhne ar an 29 duine a maraíodh agus dhá bhuille don chúpla a bhí á n-iompar ag Avril Monaghan. In ómós do gach duine a maraíodh in uafáis éagsúla, a bhuailfear an clog don 32ú uair ag deich nóiméad i ndiaidh a trí, ar phointe an ama a phléasc an carrbhuama.

Seo iad ainmneacha na marbh. Ná ligtear i ndearmad iad. Ná ligtear i ndearmad ach oiread cad ba chúis lena mbás – gníomh barbartha, díchéillí.

James Barker, 12 bliain, Bun Cranncha, Co Dhún na nGall
Fernando Blasco Baselga, 12 bliain, Madrid, An Spáinn
Geraldine Breslin, 43 bliain, An Ómaigh. Co Thír Eoghain
Deborah-Ann Cartwright, 20 bliain, An Ómaigh
Gareth Conway, 18 bliain, An Charraig Mhór, Co Thír Eoghain
Breda Devine, 20 mí, Dún na Manach, Co Thír Eoghain
Oran Doherty, 8 mbliana, Bun Cranncha, Co Dhún na nGall
Aiden Gallagher, 21 bliain, An Ómaigh
Esther Gibson, 36 bliain, Bearach, Co Thír Eoghain
Mary Grimes, 66 bliain, Bearach(máthair Avril Monaghan agus seanmháthair Maura Monaghan)
Olive Hawkes, 60 bliain, An Ómaigh
Julia Hughes, 21 bliain, An Ómaigh
Brenda Logue, 17 bliain, An Ómaigh
Ann McCombe, 45 bliain, An Ómaigh
Brian McCrory, 54 bliain, An Ómaigh
Samantha McFarland, 17 bliain, An Ómaigh
Sean McGrath, 61 bliain, An Ómaigh
Sean McLoughlin, 12 bliain, Bun Cranncha
Jolene Marlow, 17 bliain, An Ómaigh
Avril Monaghan, 30 bliain, Eochair, Co Thír Eoghain, a bhí ag súil le cúpla.
Maura Monaghan, 18 mí, Eochair
Alan Radford, 16 bliain, An Ómaigh
Rocio Abad Ramos, 23 bliain, Madrid, An Spáinn
Elizabeth Rush, 57 bliain, An Ómaigh
Veda Short, 46 bliain, An Ómaigh
Philomena Skelton, 39 bliain, Droim Caoin, Co Thír Eoghain
Fred White, 60 bliain, An Ómaigh
Bryan White, 27 bliain, An Ómaigh
Lorraine Wilson, 15 bliain, An Ómaigh

Fág freagra ar 'SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018:  Seo iad ainmneacha na marbh, ná ligtear i ndearmad iad…'