Seo chugainn arís é an cluiche liom-leat a bhfuil an dearg-ghráin agam air

Cur i gcéill atá sna cluichí idir Éire agus an Astráil, cé go léiríonn siad go paiteanta an meath atá tagtha ar bhunscileanna na caide

Travis Boak agus Brendan Goddard le Aidan O’Shea sa chluiche anuraidh. INPHO/Cathal Noonan
Travis Boak agus Brendan Goddard le Aidan O’Shea sa chluiche anuraidh. INPHO/Cathal Noonan

Nuair nach bhfuil mórán eile chun sinn a chur ag caint seachas cluichí na gclub, casfaidh Éire agus an Astráil ar a chéile i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Sathairn sa chaibidil is déanaí  sa tsraith cluichí faoi rialacha comhréitithe idir an dá thír – an cluiche liom-leat go bhfuil sé fós ag dul dom a dhéanamh amach conas go bhfuil sé ag seasamh chomh fada is atá.

Ar eagla nach bhfuil sé soiléir cheana, b’fhearra dom mo chártaí a nochtadh luath go maith sa chás seo. Tá an dearg-ghráin agam ar an gcluiche, ar an gcoincheap agus ar an gcur i gcéill a leanann an tsraith áirithe seo na haon bhliain.

Ní maith liom é mar chluiche toisc nach léir dom gur cluiche ceart atá ann ach cluiche, as a nádúr, atá de shíor ag titim idir dhá stól.

Ní maith liom é mar choincheap toisc gur dóigh liom go bhfuil mórán slite níos fearr agus níos éifeachtaí chun ár gcluichí dúchasacha féin a fhorbairt agus a fhorleathnú ná tabhairt fé shraith a thugann plúr na n-imreoirí ar thuras (eile) timpeall an domhain chun cluiche coimhthíoch a imirt gach dara bliain.

Ní maith liom, ach an oiread, an cur i gcéill a ghabhann leis an dtuairisciú a deintear ar an tsraith nuair is léir gach aon uair go bhfuil leas ar leith ann do thuairisceoirí gan aon sceanairt ródhian a dhéanamh ar an gcluiche cé gur minic go bhfeictear do chách ná fuil aon substaint ag baint leis.

Cuireann tuairisceoirí aithne ar imreoirí, ar oifigigh agus ar lucht urraíochta. Cothaítear cairdeas, cumann agus comhbhá ar thurasanna thar lear. Cuirtear aon dearcadh diúltach a bheadh ag na meáin i leith an chluiche faoi chois agus leanann an cur i gcéill ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana.

Ní stadann an rince toisc nach stadann an ceol.

Dá bhfágfaimis pé claonadh atá agam féin i leith an chluiche ar leataobh ar fead seal agus dá ndéanfaimis iniúchadh ar a bhfuil ag titim amach le blianta beaga anuas ar pháirc na himeartha, bheadh sé le feiscint go bhfuil cúis imní i bhfad níos tromchúisí ann do gach éinne gur cás leo staid chluichí na nGael féin.

Toisc go bhfuil aicíd na pasála láimhe dulta thar fóir ar fad i gcluichí caide na linne seo agus toisc gurb shin é an ealaíon is coitianta a feictear sa chaid anois, tá éirithe leis an mbreac-chluiche easnaimh ollmhóra inár gcluiche féin a thabhairt chun solais.

Ní inniu ná inné a thosnaigh an chaint faoin meath atá tagtha ar bhunscileanna na caide, greamú agus lascáil, ach treisítear an chaint sin an tráth seo den mbliain nuair a thagann scata Astrálach i dtír ar an liathróid chruinn agus nuair is léir don lucht féachana go bhfuil an ainliú agus láimhseáil na peile acu i bhfad chun cinn ar a gcéilithe comhraic tar éis fíorbheagán prapála.

Cúis náire domhsa é mar fhear caide go bhfuil ag éirí bliain ar bhliain le himreoirí ón iasacht bheith níos Gaelaí ná na Gaeil féin i mbun saintréithe an chluiche.

Is measa ná san é nuair is léir go bhfuil na hAstrálaigh neafaiseach go maith mar gheall ar an tsraith níos minicí ná a mhalairt. Ba dhóigh leat uaireanta go bhfuil an rud ar fad ag teacht sa tslí orthu agus go bhfuilimidne ag sodar ina ndiaidh inár ngaigí ag iarraidh go mbeadh gné éigin idirnáisiúnta lenar gcluichí féin.

Chun a gceart a thabhairt dos na húdaráis i bPáirc a’ Chrócaigh, tá iarrachtaí fónta déanta acu, le leasaithe ar rialacha, ar nósmhaireachtaí, agus ar smachtbhannaí iompair, chun go mbeadh cluiche éigin le dealramh acu mar thoradh ar an gcomhréiteach le blianta beaga anuas.

Tá seans ann go mbeidh slua breá (más slat tomhais é sin ar chaighdeán an chluiche agus spéis an phobail?) i láthair tráthnóna Dé Sathairn agus go mbeidh cluiche taibhseach agus spórtúil idir dhá thír a bhíodh meáite ar an gceann a bhaint dá chéile sara dtosnódh an cluiche in aon chor.

Ach fós féin, braitheann scata go bhfuil rud éigin caillte ag an gcluiche nuair nach ann a thuilleadh don gcrústáil dhiamhair a lean na cluichí tuairim is deich mbliana ó shin.

Is deacair an uile dhuine a shásamh agus b’fhéidir go bhfuil cuid againn nach sásófar go deo chomh fada is a bhaineann sé leis an gcluiche seo.  

Fág freagra ar 'Seo chugainn arís é an cluiche liom-leat a bhfuil an dearg-ghráin agam air'