‘Seafóid’ atá i gcaint an Rialtais faoi phacáistiú dátheangach a thabhairt isteach

Tá Roinn na Gaeltachta ag brath ar thaighde a dhéanamh faoi mholadh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go dtabharfaí cód nua isteach maidir le pacáistiú dátheangach

‘Seafóid’ atá i gcaint an Rialtais faoi phacáistiú dátheangach a thabhairt isteach

Tá Roinn na Gaeltachta ag féachaint le taighde a dhéanamh faoi chód nua a thabhairt isteach maidir le pacáistiú dátheangach a bheith ar gach earra a dhíoltar in Éirinn.

Ach deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nach raibh sa mhéid a bhí le rá ag Aire Stáit na Gaeltachta faoin ábhar ach “seafóid” agus léiriú ar “mhoilleadóireacht” an Rialtais i leith na teanga.

‘Cód deonach’ a bheadh i gceist do chomhlachtaí agus gnóthaí in Éirinn agus bheadh a leithéid ag teacht le geallúint sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Gealladh sa Straitéis sin, a foilsíodh in 2010, go bhféachfadh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus pacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn.

Deirtear go bhféadfaí an gníomh sin a úsáid “chun forbairt a dhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoine Gaeilge a roghnú mar theanga tráchtála”.

Is mar thoradh ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios go rabhthas i mbun machnaimh faoi thaighde a thosú faoi conas a d’fhéadfaí sprioc na straitéise i leith earraí na hearnála príobháidí a bhaint amach.

Mhol Sinn Féin go gcuirfí foráil isteach in Acht na dTeangacha Oifigiúla a leagfadh dualgas ar Aire na Gaeltachta tuarascáil a ullmhú ina leagfaí amach scála ama agus moltaí praiticiúla chun a chinntiú go mbeadh lipéadú agus pacáistiú i nGaeilge amháin nó go dátheangach ar tháirgí atá ar díol sa stát.

Rialaíodh le linn an phlé ar an mBille Teanga i dTithe an Oireachtais go raibh an moladh as ord, áfach, mar gur thit an t-ábhar taobh amuigh de scóip an Bhille.

Deir Ó Snodaigh go bhfuil obair déanta i gCeanada chun pacáistiú dátheangach a chinntiú agus gur cheart an sampla sin a leanúint agus d’iarr sé ar Aire na Gaeltachta smaoineamh ar thuarascáil ar an ábhar a réiteach.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh teagmháil déanta leis an Roinn ag lucht feachtais faoin ábhar céanna agus go rabhthas “ag breathnú, dá bharr, ar an bhféidearthacht tabhairt faoi thaighde [leis an sprioc atá sa Straitéis 20 Bliain] a bhaint amach.”

Níl urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sásta le cur chuige an Rialtais faoin gceist, áfach, agus dúirt sé nach raibh sa mhéid a bhí le rá ag an Aire Stáit Chambers “seafóid” agus gur “moilleadóireacht” a bhí ar bun ag an Rialtas.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh freisin gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar phacáistiú seachas a bheith ag brath ar chód deonach, mar atá luaite sa straitéis.

“Tá an rialtas ag trácht ar chód deonach a thabhairt isteach le fada an lá. Táimid níos mó ná leathbhealach tríd an Straitéis 20 Bliain agus níl an Roinn ach ag smaoineamh anois faoin ‘bhféidearthacht tabhairt faoi taighde le sprioc… go bhfiosrófaí an fhéidearthacht cód deonach a thabhairt isteach’. Ní haon dul chun cinn é sin ach moilleadóireacht agus seafóid,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

“Ní chóir go mbeadh muid sásta glacadh le cód deonach ach oiread. An cheist atá agamsa ná, más féidir le dátheangachas nó fiú trítheangachas a bheith i bhfeidhm go forleathan ar bhonn riachtanais sa Bheilg nó i gCeanada, cén fáth nach féidir linne a leithéid d’uaillmhian a bheith againn?

“Dá mbeadh Aire Gaeltachta tiomanta d’athGhaelú na tíre agus cur chun cinn na Gaeilge, bheadh riachtanas i gceist, agus sin a bhí sna moltaí a bhí curtha chun cinn ag Sinn Féin sa phlé sa Dáil ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Tá bealach leagtha amach chun an sprioc sin a bhaint amach,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt sé gur thréaslaigh sé leo siúd atá i mbun feachtais ar an ábhar i láthair na huaire agus go gcuirfeadh pacáistiú dátheangach “go mór le rochtain agus tuiscint an phobail ar ár dteanga náisiúnta”.

Fág freagra ar '‘Seafóid’ atá i gcaint an Rialtais faoi phacáistiú dátheangach a thabhairt isteach'

  • Breathnach

    Deonach. Níl an tÚdarás in ann a gcuid cliaint a fháil lena seo a dhéanamh agus iad ag íoc na mílte euro leo.

  • Seán ÓM

    Ní drochshmaoineamh é – ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí scéim labhairt na Gaeilge a fháil ar ais sna Gaeltachtaí.

  • Éilís Ní Anluain

    Thar am ach ní leor é bheith deonach.