Seachtar eile básaithe, 418 cás nua den víreas deimhnithe

Deir an Tánaiste go bhfuil súil aige go mbeidh formhór na srianta imithe faoi mhí Lúnasa agus go mbeidh an saol ‘réasúnta normálta’ arís an uair sin

Seachtar eile básaithe, 418 cás nua den víreas deimhnithe

Stephen Donnelly agus An Tanaiste Leo Varadkar . Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 418 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Maidir leis na básanna is déanaí a fógraíodh, bhásaigh cúigear an mhí seo, bhásaigh duine mí Feabhra agus bhásaigh duine eile mí Eanáir.

137 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 37 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,174,292 duine agus an dara dáileog faighte ag 447,578 duine.

Bhain 39 de na cásanna nua a fógraíodh inniu le Corcaigh, bhí 32 cás i nDún na nGall, 22 cás a bhí i gcontae na Mí agus deich gcás a bhí i nGaillimh.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i Maigh Eo.

Meánráta 134 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Ráta 308 a bhí i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír. Ráta 147 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 89 a bhí i nGaillimh, 79 a bhí i bPort Láirge agus 76 a bhí i gCorcaigh. Ráta 59 a bhí i Maigh Eo agus 13 a bhí i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Tagann na figiúirí is déanaí sna sála ar chaint a rinne an Tánaiste Leo Varadkar faoi chúrsaí a bheith “réasúnta normálta” arís sa stát mí Lúnasa.

Dúirt Varadkar go raibh dóchas aige go mbeadh formhór na srianta imithe faoin tráth sin.

Bhí sé ag súil, a dúirt sé, go mbeadh cead ithe agus ól taobh istigh i mbialanna agus i dtithe tábhairne mí Iúil. Dhéanfaí cinneadh faoi sin ag deireadh mhí an Mheithimh, ar sé.

“Tá líon na gcásanna seasmhach, ag laghdú atá líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim, tá na deicheanna de mhílte vacsaínithe agus mar sin dá mbeinnse féin san earnáil fáilteachais, bheinnse, agus na gnáthfhainicí san áireamh, ag prapáil i gcomhair seirbhís taobh amuigh mí an Mheithimh agus taobh istigh mí Iúil,” arsa an Tánaiste.

Dúirt Varadkar go raibh a thuar bunaithe ar an dul chun cinn a bhí déanta i dtíortha eile a raibh níos mó vacsaíní tugtha amach acu.

“Is dóigh liom go bhfuil an saol mórán mar a bhí arís in Iosrael. Tá fáilte á cur roimh thurasóirí arís acu. Ní bhíonn tionóil an-mhór ar fad acu go fóill, ach bíonn tionóil mhóra acu. Tá siad anois ag an bpointe ar mhaith linne a bheith aige mí Lúnasa.

“Táim ag súil mar sin gurb in í an mhí a mbeidh cúrsaí réasúnta normálta arís. Ní hionann é sin agus a rá go mbeidh gach rud mar a bhíodh arís. Ach bheifeá ag súil go mbeidh formhór mór na srianta imithe.”

Dúirt Varadkar go mbeadh ceisteanna fós ann faoi shluaite móra a bheith ag bailiú le chéile, faoi ócáidí taobh istigh agus faoin taisteal idirnáisiúnta.

Dúirt sé go raibh sé ag súil leis chomh maith go mbeadh mic léinn ag filleadh ar an gcoláiste mí Mheán Fómhair agus go mbeadh Nollaig “réasúnta normálta” ag daoine.

Ní fhéadfaí faic a gheallúint, áfach, ar sé.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 99 cás nua a deimhníodh ansin.

72 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 950,778 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 446,309.

7,059 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,146 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,915 duine ó dheas di.

371,687 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 251,087 cás ó dheas den teorainn agus 120,600 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Seachtar eile básaithe, 418 cás nua den víreas deimhnithe'