Sé rún faisin agus áilleachta lena gcloífear ar ais nó ar éigean in 2021 

Ná déan nós agus ná bris nós – tá nós seanbhunaithe ag ár gcomhfhreagraí rúin athbhliana a liostú i dtús mhí Eanáir  

Sé rún faisin agus áilleachta lena gcloífear ar ais nó ar éigean in 2021 

Is cinnte go bhfuil sé níos fusa rúin faisin agus áilleachta na bliana nua a dhéanamh ná cloí leo. Tagann cathú orainn ar fad na rúin a ligean le sruth tar éis tamaill nó buaileann leisce muid. Bhí an smaoineamh sin a bhí agam anuraidh níos lú éadaigh a cheannach go maith fad is a mhair sé ach amanna is deacair diúltú don sladmhargadh nó do dhearadh álainn i gcónaí.

Ach tosóidh muid bliain nua lán le dea-rúin agus beimid dóchasach go n-éireoidh linn cloí le cuid acu ar a laghad. Rúin atá simplí agus indéanta atá ar intinn agam féin arís i mbliana agus mé meáite gan iad a bhriseadh an uair seo.

RÚN 1. Ó chomhlachtaí dúchasacha a cheannóidh mé oiread agus is féidir liom i mbliana

Is dócha gur chuir srianta na dianghlasála le linn na bliana seo caite ina luí orainn ar fad chomh tábhachtach agus atá sé tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí agus do shiopaí na hÉireann, go háirithe do chinn bheaga neamhspleácha. Tá dearthóirí agus brandaí faisin iontacha againn anseo in Éirinn agus tá a gcuid táirgí ar fáil i siopaí agus ar líne. Deir na bainc go bhfuil níos mó airgid cnuasaithe agus i dtaisce ag cuid mhór daoine anois ná mar a bhí le fada cheal deiseanna é a chaitheamh le bliain anuas. Tá rún daingean agam féin níos mó de mo chuid airgid a chaitheamh sa mbaile in Éirinn le linn 2021.

RÚN 2. Caithfidh mé fachtóir cosanta gréine SPF gach uile lá in 2021

Tá sé de nós agam le tamall maith fachtóir cosanta gréine a chaitheamh aon uair go bhfágaim an teach ach de thoradh a bhfuil foghlamtha agam ó thaighde atá déanta agam le tamall anuas tuigim anois nach leor sin. Creideann na saineolaithe anois gur féidir le beagán gréine trí fhuinneog an tí dochar mór a dhéanamh don chraiceann freisin. Scaoileann fuinneoga isteach gathanna UV agus is gá fachtóir cosanta gréine a chaitheamh le dul i ngleic leis sin. Ní ceart a cheapadh nach fadhb í seo don té a chónaíonn in iarthar na hÉireann mar is leor an beagán gréine le dochar a dhéanamh don chraiceann. Agus ní leor an SPF a chur ort uair amháin sa lá – is gá é a athnuachan go rialta le linn an lae le cosaint cheart a fháil.

RÚN 3. Tá mé chun cóireáil aghaidhe a fháil níos minice ná mar a rinne mé go dtí seo

Is beag duine againn nach dtaitníonn cóireáil aghaidhe nó éadain linn ach is minic gur mar phléisiúr annamh a thugann muid cuairt ar an teiripeoir áilleachta. Tá dhá chúis agam rún a dhéanamh dul ar thóir cóireáil aghaidhe níos minice –  déanann sé maitheas as cuimse don chraiceann agus is ceart tacú le siopaí áilleachta a bhí dúnta ar fad chomh minic sin le linn dianghlasáil na bliana seo caite. Bhí siad ar an dream is túisce a dúnadh agus mall go leor a fuair siad cead athoscailte. Is ceart tacú leo ar maithe leosan agus linn féin.

RÚN 4. Tá sé i gceist agam i bhfad níos mó uisce a ól ná mar a d’óladh mé roimhe seo

Bhíodh neart uisce á ól agam fad is a bhí mé ag obair san oifig ach d’athraigh an nós sin nuair a thosaigh mé ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála anuraidh. Ar chúis éigin lig mé i ndearmad an dea-chleachtas sin fad is a bhí mé imithe ón oifig agus níor mhór dom sin a chur ina cheart anois. Theastódh uaim suas le dhá lítear uisce a ól in aghaidh an lae agus sin an sprioc atá agam an bhliain seo romhainn. Ní gá a rá go bhfuil an t-uisce go hiontach don cholainn agus don tsláinte agus is mór an mhaitheas a dhéanann sé don chraiceann. Leisce éigin, b’fhéidir, a d’fhág nach raibh mo dhóthain uisce á ól agam in 2020 ach ní bheidh aon ghlacadh leis an leisce sin in 2021.

RÚN 5. Tabharfaidh mé faoina thuilleadh aclaíochta agus aiste bia níos sláintiúla

Is dócha nach bhfuil duine ná deoraí inár measc nach ndearna an rún céanna seo go minic ag an tráth seo bliana. An fócas mór atá agamsa i mbliana ná an rún seo a choinneáil níos faide ná an chéad dhá nó trí mhí den bhliain, tráth a dtosaíonn an díograis, an dúthracht agus an misneach ag trá. An dúshlán atá romham ná an aclaíocht agus an aiste bia níos sláintiúla a tharraing mé chugam féin le linn chuibhriú an Covid-19 a choinneáil agus a threisiú. Tá na físeáin aclaíochta ar YouTube thar cionn má bhíonn ionaid aclaíochta dúnta. Ní féidir an aclaíocht agus an bia maith a bhualadh le do spiorad a neartú agus do shástacht phearsanta a mhéadú. Agus cabhróidh cúrsa aireachais agus meabhraithe linn ar fad freisin.

RÚN 6. Tá mé chun caitheamh aimsire nua a aimsiú

Is dócha go bhfuil an caitheamh aimsire céanna á chleachtadh mar nós ag go leor againn le fada. Tá rún agam féin cur le mo liosta i mbliana ach thairis sin níl cinneadh déanta agam faoi mo rogha nua fós. Níor mhiste liom tabhairt faoi ghné éigin de chúrsaí faisin agus áilleachta – b’fhéidir, rang ar athchruthú nó ar nuashonrú faisin, sé sin earraí nua a chruthú as sean-éadach. Nó, b’fhéidir cúrsa a dhéanamh ar chúram ingne? B’fhéidir gurbh fhearr ar fad caitheamh aimsire éigin nua a aimsiú a bheadh iomlán difriúil ó chúrsaí faisin agus áilleachta! Níl mé cinnte faoi mo rogha fós ach go mbeidh caitheamh aimsire éigin nua i gceist in 2021.

Focal Scoir 

Tá mé ag scríobh faoi chúrsaí faisin agus áilleachta do Tuairisc.ie gach seachtain anois le sé bliana anuas. Tá rún agam briseadh a thógáil ón scríbhneoireacht anois ach níor mhaith liom sin a dhéanamh gan buíochas ó chroí a ghlacadh leis an eagarthóir agus le foireann Tuairisc.ie as ucht a dtacaíochta agus a gcuid cúnaimh ar fad ón mbliain 2014 i leith. Glacaim buíochas ar leith libhse freisin, léitheoirí dílse Tuairisc.ie agus gúim athbhliain faoi shéan is faoi mhaise oraibh ar fad.

Fág freagra ar 'Sé rún faisin agus áilleachta lena gcloífear ar ais nó ar éigean in 2021 '

  • Bridget

    Míle buíochas as an dea-chomhairle ar fad! Bain sásamh as an scíth. Súil agam go mbeidh tú ar ais go luath!

  • Bríd

    Míle buíochas ó chroí agus go n-éirí go geal leat!

  • Ailbhe

    Go n-éirí ádh leat!