Scuab leat!

3 cinn difriúla de scuabanna an íosmhéid a theastódh le smideadh a chur ort agus cuma ealaíonta, ghairmiúil a bheith ag baint leis

brushes

Is trua go gcaitheann daoine airgead mór ar smideadh costasach ach go mbíonn siad spárálach ansin nuair a roghnaíonn siad scuaba smididh saora. Tá rogha an-mhór stíleanna scuab ar fáil agus tá cúram ar leith do gach ceann acu – dá mhéad is acmhainn do dhuine a cheannacht is ea is fearr é ach measaim go bhfuil 3 cinn difriúla ar an íosmhéid a theastódh le smideadh a chur ort agus cuma ealaíonta, ghairmiúil a bheith ag baint leis – ceann don bhonnsmideadh, an dara ceann do phúdar agus ceann ar deireadh do smideadh súl.

Mholfainn féin infheistíocht a dhéanamh i 3 cinn de scuaba maithe agus aire cheart a thabhairt dóibh; mairfidh siad ar feadh blianta fada. Beidh sé níos saoire agus níos sásúla i ndeireadh an lae.

Seo an trí rogha agamsa:

Bobbi Brown Full Coverage Face Brush

Bobbi Brown Full Coverage Face Brush ar chostas €40

Seo an scuab is fearr a d’úsáid mé riamh do bhonnsmideadh. Agus tá sé thar cionn freisin le folaitheoir (concealer) a mheascadh isteach go néata, dofheicthe.  Scuab tiubh go maith atá inti agus fágann sí cuma chothrom ar do chraiceann. D’fhéadfá an scuab céanna a úsáid do mhaoitheoir daite nó uachtar BB. Ní fhágann sí marc nó líne ina diaidh agus ciallaíonn sin nach dtógfaidh sé achar ama ar bith ort an bonnsmideadh a mheascadh isteach go hálainn, gairmiúil. Ní scuab romhór í agus rachaidh sí isteach go néata i do mhála smididh.

Charlotte Tilbury Powder & Sculpt Brush

Charlotte Tilbury Powder & Sculpt ar chostas€45

Seo an scuab púdair is fearr ón ealaíontóir smididh is mó le rá agus ón mbranda is faiseanta faoi láthair. Chas mé ar Charlotte Tilbury i mBaile Átha Cliath anuraidh agus is cinnte go dtuigeann sí gnó an smididh níos fearr ná go leor eile. Níl amhras ar bith faoin ardmheas atá uirthi ag na réalta móra ceoil agus scannáin nach mbainfeadh úsáid ach as an rud is fearr atá ar fáil. Tá an scuab áirithe seo ar an gceann is mó a bhfuil tóir uirthi ina bailiúchán agus í ar fheabhas do chúramaí difriúla. Scuab barrchaolaithe (tapered) atá inti atá iontach le púdar aghaidhe a scaipeadh ar d’éadan go han-éadrom sa gcaoi is nach mbeidh an iomarca ort. Tá an scuab seo ar fheabhas freisin le donnaitheoir, luisneach agus aibhsitheoir a chur ort. Cinnte, níl sí saor mar scuab ach, ó tharla gur féidir oiread úsáide difriúil a bhaint aisti, ní bheidh meascán mór de scuaba éagsúla uait.

Mac 217

Mac 217 ar chostas €25

Seans gur seo an scuab scáthú súl is cáiliúla ar domhain agus is minic go gceannaíonn daoine a bhfuil an-suim acu i gcúrsaí smididh péire nó trí cinn acu. Leis an fhírinne a rá, níor thuig mé féin a thábhachtaí is atá scuab cumaisc nó measctha (blending brush)  go dtí gur cheannaigh mé an ceann seo; ní chuirfinn scáthú súl orm anois gan í. Éiríonn leis an scuab seo an meascadh idir dáthanna a láimhseáil ar bhealach chomh gairmiúil sin go gceapfaí gur saineolaí smididh a bhí i mbun oibre ort! Is féidir í a úsáid le scáthú súl púdar nó uachtar chomh maith le línitheoir súl a mheascadh agus níor cheart go mbeadh aon línte crua nó géar ina dhiaidh.

An rud is tábhachtaí ar fad má chaitheann tú an cineál sin airgid ar scuaba, caithfidh tú aire a thabhairt dóibh – ní féidir iad a níochán sách minic. Tá Mac Brush Cleanser ar €15 go maith ach tá seampú páistí agus uisce te chomh maith céanna; ná dearmad gan ach cloigeann na scuaibe a chur san uisce – seachain an ligfeá don uisce damáiste a dhéanamh don lámh ná don ghliú. Lig don scuab triomú ar dhromchla cothrom agus mairfidh sí ar feadh na mblianta.

Mar fhocal scoir, mura mian leat infheistíocht mhór a dhéanamh i scuaba smididh, tá rogha leathan scuaba le fáil faoin mbranda Real Techniques i siopaí Boots agus cé nach mbeidís chomh maith leis na cinn seo, níl aon chaill orthu ach an oiread.