Scoileanna an stáit dúnta arís amárach

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton go mbeidh scoileanna uile an stáit á ndúnadh arís amárach 'ar mhaithe le sábháilteacht na bpáistí' ach ní dhearnadh aon fhógra maidir le hinstitiúidí tríú leibhéal

Scoileanna an stáit dúnta arís amárach

St Brigid's i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Pic: RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais go mbeidh scoileanna an stáit ar fad dúnta arís amárach mar gheall ar an stoirm Ophelia. D’fhógair an tAire Bruton ar Twitter tráthnóna go ndearnadh an cinneadh na scoileanna a choinneáil dúnta don dara lá i ndiaidh a chéile i ndiaidh cruinniú de chuid an Ionaid Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála.

Dúnadh na scoileanna agus na hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud an stáit inniu mar gheall ar an stoirm mhór a tháinig i dtír ar maidin. Tá ríomhphost scaipthe ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus institiúidí tríú leibhéal eile ar mhic léinn tráthnóna, áfach, le cur in iúl dóibh go mbeidh na campais sin oscailte amárach.

Dúirt an tAire Bruton go n-aithníonn an Roinn go bhfuil scoileanna ann nár chuir agus nach gcuirfidh an stoirm isteach orthu ach go bhfuil os cionn 350,000 gnólacht agus teaghlach fágtha gan chumhacht faoi láthair agus go bhféadfadh méadú teacht ar a líon sna huaireanta an chloig amach romhainn.

“Ní bheidh an deis ag údaráis scoile na foirgintí a sheiceáil agus a chinntiú go bhfuil siad sábháilte, go bhfuil cumhacht agus uisce acu agus go bhfuil na bealaí chun na scoile sábháilte [roimh mhaidin].

“Aithnímid go mbeidh tionchar mór ag an gcinneadh scoileanna a dhúnadh ar theaghlaigh agus ar oibrithe. Mar sin féin, tá an cinneadh seo á dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht na bpáistí agus gach duine eile a bhaineann leis an gceist,” a dúirt sé.

Séideadh an díon de Phobalscoil na Dúglaise i gCorcaigh ar maidin agus tá damáiste déanta do scoileanna eile ar fud na tíre á thuairisciú ar na meáin shóisialta i gcaitheamh an lae.

Fág freagra ar 'Scoileanna an stáit dúnta arís amárach'