Scéalta á lorg ag foireann Mhúsaem Reilig Ghlas Naíon

Maraíodh 485 duine le linn Éirí Amach na Cásca. Tá scéalta a mbeatha agus a mbás á lorg anois ag an Músaem don Taispeántas 1916-2016

Round Tower In Glasnevin

Tá eolas á lorg ag Músaem Reilig Ghlas Naíon fúthu sin a maraíodh le linn Éirí Amach na Cásca dá thaispeántas agus dá chuid imeachtaí an bhliain seo chugainn.

De réir an taighde atá déanta ag an músaem, maraíodh 485 duine, idir fhir, mhná agus ghasúir, le linn an Éirí Amach nó mar thoradh air. Déanfar an liosta sin a iniúchadh mar chuid de Thaipeántas Chomóradh an Chéid 1916 sa músaem. Tá cúnamh á lorg ón bpobal ag an músaem le haghaidh an taispeántas sin a chur le chéile.

Is mór an cháil ar chuid de na mairbh; Seachtar na Cásca, an Seachtar Dearmadta, an Raghallach agus tuilleadh nach iad. I gcás an tromlaigh, tá ainmneacha na marbh imithe le gaoth agus a gcuid scéalta leo.

Tá an músaem ag iarraidh ar ghaolta na marbh aon eolas atá acu faoina muintir ghaoil a roinnt leo i dtreo is go mbeifear in ann léargas níos fearr a thabhairt ar shaol na ndaoine sin agus ar a gcúinsí báis.

De réir an ghrinnithe atá déanta ar liosta na marbh go dtí seo, ba ghnáthdhaoine iad 54% acu sin a maraíodh, saighdiúirí na Breataine 26% acu agus reibiliúnaithe iad 16% acu. Ba chonstáblaí de chuid an RIC agus an DMP iad an chuid eile de na mairbh. Ba ar lá deiridh na Réabhlóide, 29 Aibreán 1916, a maraíodh an méid is mó daoine – 78 ar an iomlán ar shibhialtaigh iad 45 acu.

Chaill Arm na Breataine agus fórsaí na Poblachta araon an méid is mó saighdiúirí dá gcuid ar 26 Aibreán ag Cath Dhroichead Shráid an Mhóta. Maraíodh 30 Briotanach agus 13 Éireannach an lá sin.

Ba i gCill Dhealgáin i gcontae na Mí a maraíodh an méid is mó póilíní in aon lá amháin – 28 Aibreán.

Cuireadh formhór na marbh i Reilig Ghlas Naíon.

Is féidir leis an bpobal an t-eolas sin a thabhairt don Mhúsaem tríd an bhfoirm ar a shuíomh a líonadh isteach.

1916 rising

Fág freagra ar 'Scéalta á lorg ag foireann Mhúsaem Reilig Ghlas Naíon'