Is beag duine nach n-aithneoidh ainm Lisa McGee – ‘Derry Girls!’ a deir gach aon duine as béal a chéile. Bhí iomrá ar an tsraith ghrinn sin a scríobh sí agus a bhí lonnaithe i nDoire. Ghin an t-aitheantas sin neart poiblíochta do McGee agus a sraith nua – How to Get to Heaven from Belfast (Netflix) – á cur ar líne tá cúpla seachtain ó shin. Bunús na sraithe a scríobh McGee agus tháinig na léirmheasanna moltacha in áit na mbonn.
D’aithin mise an t-ainm, bíodh is nár amharc mé riamh ar Derry Girls. Ach ba leor ‘Béal Feirste’ a lua le mise a mhealladh an iarraidh seo. Bíodh sin mar atá, is beag baint atá ag Béal Feirste leis an scéal mar ní luaithe na carachtair cruinn le chéile sa chathair cois cuain go n-imíonn siad leo go Dún na nGall.
“Coiméide dhubh nó scéinséir coireachta” cur síos amháin a rinneadh ar an chlár ach ní dóigh liom go bhfuil sin róbheacht. Níl an greann chomh dubh agus a bheadh agat in Fargo, abair, nó cúrsaí coireachta go díreach chomh glic agus Knives Out, abair. Seans gurb é sin ceann de na dúshláin is mó atá le sárú ag an chlár; titeann sé idir dhá stól, bíodh is gur saothar snasta é ina chur chuige.
Scéal tanaí go maith atá ann; triúr muscaedóirí – Saoirse (Róisín Gallagher), Robyn (Sinéad Keenan) agus Dara (Caoilfhionn Dunne) – a fhaigheann scéala go bhfuil cara ar shlí na fírinne, cara nach bhfaca siad le fada an lá. Ina ainneoin sin, ar an dóigh Éireannach, socraíonn siad gur chóir dóibh freastal ar an tórramh agus siar leo go gleanntáin ghlasa agus Cruacha Gorma.
A luaithe agus atá siad thiar a thosaíonn an scéal mar is ceart. Síltear a gcara a bheith marbh ach ní mar a shíltear… A Thiarna, tig leat an líne sheanchaite sin a chríochnú duit féin.
Aithneoidh tú mórán aisteoirí Éireannacha sa chlár agus, ar bhonn iontach simplí, ábhar gliondair atá ann go bhfuil aisteoirí na hÉireann in ann cúpla euro a shaothrú ó Neamhflix anuas. Obair atá ann agus níl olc ar bith ag duine ar bith againn d’obair.
Mar sin féin, clár thar a bheith éadrom atá ann, fiú i dtéarmaí coiméide de. Beidh le feiceáil an rachaidh líne ar bith sa tseanchas, à la Father Ted: “I hear you’re a racist now, Father.” Nó radharc ar bith a mbeidh caint air go deo, an chic sin san “arse” a thug Ted don Easpag Brennan. Agus ‘arse’ a bíos i gcónaí ann. Arse!
Thairis sin, rith sé liom dá mbeadh an clár scríofa ag Shonda Rhimes agus Melissa McCarthy, Kriisten Wig, Kate McKinnon agus Leslie Jones ag aisteoireacht ann go mbeimis den bharúil go raibh an rud ar fad rud beag áiféiseach.
B’fhéidir go bhfuil sin ró-éagórach. Níl dochar ann, is dócha.

Tá an Aimsir Láithreach ina gné sheasta de sceideal TG4 agus is í an ghné is áille agus is filiúnta den sceideal ar fad í. Is sa chúpla nóiméad fánach seo a fheiceann muid Éire, ainnir an oileáin, saor ó smál, saor ó theorainneacha fear, saor ó thrioblóid dhaonna.
Seo í Éire faoin fhearthainn, faoin ghaoth, faoin tsneachta, faoin ghréin. Seo iad bailte na hÉireann ag éirí aníos ón cheo agus ón teas ina logainmneacha dúchais féin agus an pobal atá iontu, seal beag gairid, beo faoi bhratach na Gaeilge.
Agus a leithéid de Ghaeilge, Gaeilg, Gaoluinn; caint chomh binn beacht saibhir sin go mbraithfeá nár tharla tubaiste teanga dúinn ariamh; gur Gaeltacht atá in Éirinn gan roinnt. Seo an Tuisceart agus an Deisceart agus an tIarthar agus an tOirthear.
Agus seo an síneadh fada agus an séimhiú agus an t-úrú agus an ‘r’ caol agus an bhéim ar an chéad chonsan agus an bhéim ar an dara consan agus seo an sciath teanga le tú a chosaint in aghaidh dhoineann an domhandaithe, más seal beag gairid féin é.
Éiríonn an ghrian agus titeann an oíche agus maireann muid beo.
Fág freagra ar 'Scéal tanaí gan dochar ag ‘How to Get to Heaven from Belfast’, an aimsir fíorálainn ar TG4'