Scéal Eastát Ghleann Bheatha le hinsint ar RTÉ tráthnóna anocht

Inseofar scéal na Páirce Náisiúnta, atá lonnaithe i nGaeltacht dheisceart Dhún na nGall i gclár faisnéise a chraolfar ar RTÉ One anocht

Scéal Eastát Ghleann Bheatha le hinsint ar RTÉ tráthnóna anocht

Taispeánfar clár faisnéise faoi Pháirc Naisiúnta Ghleann Bheatha i nGaeltacht Dhún na nGall ar theilifís RTÉ 1 ag 10:15 anocht. Henry McIlhenny: Master of Glenveagh teideal an chláir, a inseoidh scéal an úinéara dheireanaigh a bhí ar Eastát Ghleann Bheatha.

Ba Henry McIlhenny, as Philadelphia i Meiriceá, a bhronn an t-eastát ar an Stát i 1983, i ndiaidh dó na gairdíní agus an caisleán a fhorbairt go mór.

Bunaíodh an tEastát i 1857 nuair a cheannaigh an tiarna talún John George Adair píosaí talún sa cheantar. Rinneadh 244 tionónta a dhíshealbhú i 1861, le linn Díshealbhú Dhoire Bheatha agus baineadh leas an as eastát le bheith ag seilg carrianna agus éanlaith agus ag iascach breac agus bradán.

Ghlac saighdiúirí seilbh ar an Chaisleáin atá ar an eastát le linn Chogadh na gCarad agus i 1937 cheannaigh an fear gnó Henry McIlhenny Eastát Ghleann Bheatha.

Tá clú ar an Pháirc Náisiúnta, atá lonnaithe idir ceantracha Gaeltachta Ghleann Domhain agus an Tearmainn, i lár Sléibhte Dhoire Bheatha.

Tá sí ar an dara Páirc Náisiúnta is mó sa tír agus tagann na mílte turasóir achan bhliain ar cuairt chuig na gairdíní, an caisleán agus le dul i mbun siúil sna sléibhte ann.

Thug Prionsa Séarlas na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine Camilla, cuairt ar Ghleann Bheatha anuraidh.

Fág freagra ar 'Scéal Eastát Ghleann Bheatha le hinsint ar RTÉ tráthnóna anocht'