An tseachtain seo d’fhógair foclóir cáiliúil Collins go raibh an giorrúchán AI roghnaithe acu mar fhocal na bliana. Thuigfeá dóibh, ní féidir casadh timpeall na laethanta seo gan an focal sin a chloisint ná a léamh. Impleachtaí na teicneolaíochta ceannródaí seo á bplé le fonn agus le faitíos. Gan amhras beidh impleachtaí ann do gach earnáil, iomaire na cruthaitheachta san áireamh. I gcás The Beatles, áfach, tá scéal againn a bhfuil ardú meanma ag baint leis. Déanann an saothar gearr Now and Then: The Last Beatles Song (You Tube) an scéal seo a reic go maoithneach. Go deimhin an chéad rud a rith liom ná b’fhéidir go bhfuil saothair níos faide dlite don ábhar seo a thugann siar bóithrín na smaointe sinn mar aon le héachtaint a thabhairt ar thodhchaí na hintleachta saorga.
I 1994 bhí Paul McCartney, Ringo Starr agus George Harrison ag caint faoi thionscnamh díolaime ach bhraitheadar uathu John Lennon, a dúnmharaíodh breis agus deich mbliana roimhe sin. Lá de na laethanta bhí Paul ag caint le Yoko agus dúirt sí go raibh cúpla seantéip aici de John ag amhrán. Dúirt mac John, Sean, linn go mbíodh a athair á thaifeadadh féin sna téipeanna seo go minic. Bhí dorn amhrán ag an triúr agus chuadar i mbun oibre i 1995. Bhí bráca ag baint leis an amhrán ‘Now and Then’, áfach. Bhí guth John múchta go minic i gceol an phianó agus rug an t-am orthu. Ní fhéadfaí na deacrachtaí teicneolaíocha seo a shárú. Caitheadh fé thóin cártaí é. D’imigh an ghaoth as na seolta go hiomlán nuair a cailleadh Harrison in 2001.
Bheadh fiche bliain ann sara mbeadh an teicneolaíocht in ann ag an gcúram agus go dtógfaí an téip as an gcupard. Agus Peter Jackson i mbun oibre ar an saothar faisnéise faoi The Beatles, Get Back, úsáideadh an intleacht shaorga le guth John a dhealú ón bpianó. Bhíothas anois in ann an t-amhrán deireanach a chríochnú.
Chuir Ringo agus McCartney ábhar ceoil leis agus baineadh úsáid as ceol Harrison ó 1995. Tar éis tarrac ar chaoga bliain bhí an saothar ealaíne seo tugtha chun críche. Tá Paul go láidir den tuairim go mbeadh John go mór i bhfách leis an tionscnamh.
Ar an taobh eile den scéal, ní hé gach duine a bheidh i bhfách leis an forbairtí seo in iomaire na cruthaitheachta. Ní féidir, agus ní cheart, ligint don mheaisín a bheith ag aithris ar chruthaitheacht ealaíontóirí cumasacha ar leith, a deir siadsan. Tá smut den cheart acu cinnte.
Níl aon dul siar, áfach. Is i neart a rachaidh an intleacht shaorga sna blianta beaga amach romhainn agus ní fios cá bhfuil ár dtriall.
Fág freagra ar 'Scéal amhrán deiridh The Beatles inste go snasta'