SCANNÁN: Tumtar sinn i gcruatan na dtrinsí i ‘1917’

Cé go bhfuil rian den bhuaileam sciath anseo is ansiúd, is iad daonnacht agus calmacht an duine aonair agus é sáinnithe in amaidí agus uafás na cogaíochta príomhthéama ‘1917’

SCANNÁN: Tumtar sinn i gcruatan na dtrinsí i ‘1917’

1917
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Sam Mendes
Cliar: Dean-Charles Chapman, George McKay, Colin Firth, Andrew Scott, Richard Madden, Benedict Cumberbatch

Cé nach bhfuil ach naoi gcinn d’fhadscannáin stiúrtha ag Sam Mendes is saothair bhreátha a bhformhór mór leithéidí American Beauty (1999), Road to Perdition (2002) agus Revolutionary Road (2008), go háirithe. Go deimhin d’éirigh leis an gcéad cheann acu sin duais Oscar a ghnóthú dó.

Seo an chéad uair ag Mendes tabhairt faoi script agus is iad scéalta a shin-seanathar, an Leascheannaire Alfred H. Mendes, a spreag é le dul i mbun pinn. Níl na heachtraí faoi leith a tharlaíonn sa scannán seo fíor ach baineann siad macalla as codanna de scéalta eile atá. Lena chois sin tá an scéal neadaithe i bhfíricí an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Ón gcéad luí súl is fuirist a thuiscint canathaobh a bhfuil deich n-ainmniúchán faighte ag an saothar seo. Címid na leascheannairí Blake (Chapman) agus Schofield (McKay) ag ligint a scíthe faoi scáth crainn i bpáirc sa Fhrainc ar an 6 Aibreán 1917. Fógraítear dóibh go bhfuil ginearál (Colin Firth) ag iarraidh labhairt leo.

Tá an bheirt chomrádaithe ag cur díobh fad is atá siad ag siúl i dtreo an chruinnithe. I ngan fhios dúinn nach mór tá gach coiscéim de chuid na saighdiúirí á dtabhairt níos faide isteach in ainnise agus gruaim na dtrinsí. Cruthaítear atmaisféar tuarúil atá lán teannais, atmaisféar a fhanann linn go ceann scríbe.

Is cumhachtach agus is ealaíonta an radharc é. Samhlaíodh dom nach raibh aon ghá le caint, go deimhin measaim gur bhain sí ó chumhacht na cineamatagrafaíochta. Is amhlaidh an cás níos faide anonn sa scannán nuair a bhíonn ár mbeirt laochra ag déanamh a slí tríd na trinsí.

Seanscéal is meirg air is ea ábhar an chruinnithe úd leis an nginearál, áfach: an misean dainséarach atá geall le bheith dodhéanta. Tá na Gearmánaigh tar éis cúlú óna dtrinsí ach ní ag teitheadh atá siad ach ag iarraidh líne chosanta níos láidre a thógaint. Ní thuigeann buíon 1,600 saighdiúir Sasanach é sin agus déanfar luíochán orthu mura dtabharfaidh Blake agus Schofield scéala chucu anonn trí láthair an áir. Le cur leis an scéal insítear dúinn go bhfuil deartháir le Blake i measc na bhfear atá i mbaol.

Vae leo ansin. Sa chéad chuid den scannán déantar sinn a thumadh i gcruatan na dtrinsí. An mhídhaonnacht, an chrógacht agus an éigiall cniotáilte le chéile. Tá radharc iontach againn agus an bheirt ag trasnú láthair an áir. Cuirtear sceirdiúlacht agus uafás na háite os ár gcomhair an-phaiteanta ar fad. Pluda, francaigh agus coirp atá ag lobhadh.

Cé go bhfuil an cliar breac le piardaí móra aisteoireachta (Firth, Madden, Cumberbatch agus Scott na hÉireann) níl ach rólanna beaga tánaisteacha acu ar geall le caimeonna iad. Ní hin le rá nach n-éiríonn leo téagar a chur sna carachtair atá idir lámha acu.

Is iad Chapman agus McKay, go háirithe, a dhéanann an scannán a iompar. Cé gur chuir an truflais chainte a bhí eatarthu pip orm ar uairibh éiríonn leo carachtair thathagacha dhaonna gheanúla a chur os ár gcomhair. Ábhar iontais dom nach bhfuair McKay ainmniúchán Oscar.

Cé go bhfuil rian den bhuaileam sciath anseo is ansiúd, is iad daonnacht agus calmacht an duine aonair agus é sáinnithe in amaidí agus uafás na cogaíochta príomhthéama an tsaothair ar leith seo.

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Tumtar sinn i gcruatan na dtrinsí i ‘1917’'