Scailp cheo anuas ar an mBlascaod d’aifreann speisialta

Thug Easpag Chiarraí, an tUrramach Ray de Brún, turas ar an mBlascaod Mór le hAifreann a cheiliúradh ann le déanaí

Scailp cheo anuas ar an mBlascaod d’aifreann speisialta

Scaip an ceo agus d’éalaigh an ghrian amach ach a dtug Easpag Chiarraí, an tUrramach Ray de Brún, turas ar an mBlascaod Mór le hAifreann a cheiliúradh ann ar an nDomhnach seo caite.

Bhí triúr sagart eile i bhfochair an Easpaig: a rúnaí, an tAthair Eoin Ó Cadhla, Sagart Paróiste an Fhirtéaraigh agus an tAthair Séamus Mac Síthigh ó pharóiste an Daingin.

Ócáid |an- nádúrtha taitneamhach” ab ea an tAifreann, arsa Eibhlín Bean Uí Chíobháin ón nGráig.

“Gaolainn ar fad a labhair an tEaspag, an tSeanmóin san áireamh agus luaigh sé mar a choimeád muintir an Bhlascaoid Mhóir agus an cheantair an Creideamh Caitliceach. ‘Tá,’ ar sé, ’an tAifreann agus an Creideamh Caitliceach tábhachtach dúinn inár saol agus don saol eile mar a mbeam ag bualadh le chéile arís,” a dúirt Eibhlín Bean Uí Chíobháin.

Ar a dó a chlog tráthnóna a ceiliúradh an tAifreann agus “bheadh i bhfad Éireann níos mó daoine ann “murach an ceo”, a dúirt Máirín Uí Shé ó Chathair an Treantaigh.

“Bhí scailp cheo anuas ar an mBlascaod agus an mórthír go tar éis lóin, rud a chuir fanacht calaidh ar scata,” a dúirt Máirín Uí Shé.

Orthu siúd a bhí i láthair bhí Eibhlín Uí Chatháin, a hiníon Neilí agus garchlann, Séamus Ó Cíobháin, an fiaclóir, Marcas Ó Domhnaill, Doncha Ó Conchúir ó Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, Bridie Mhic Gearailt ón nDaingean agus na treoraithe Máire Ní Dhálaigh agus Cormac Ó Bruic.

Fág freagra ar 'Scailp cheo anuas ar an mBlascaod d’aifreann speisialta'