Sárú dlí é gan síneadh fada a bheith ar ainm os cionn suíochán Iarnród Éireann

De bharr imscrúdú de chuid an Choimisinéara teanga, tá geallta go mbeifear ábalta áit a chur in áirithe don síneadh fada ar thraenacha feasta

Sárú dlí é gan síneadh fada a bheith ar ainm os cionn suíochán Iarnród Éireann

An chéad uair eile nach mbeidh d’ainm litrithe cruinn ceart os cionn do shuíochán traenach, féadfaidh tú sárú reachtaíochta a chur i leith Iarnród Éireann.

Chinn an Coimisinéir Teanga, ar foilsíodh a thuarascáil bhliantúil do 2018 inniu, gur sárú ar an dlí é ag an gcomhlacht iompair poiblí gan ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu a léiriú go cruinn ar na comharthaí digiteacha ar thraenacha a thaispeánann go bhfuil suíochán curtha in áirithe ag duine.

Is fada suntas á thabhairt ag daoine do na comharthaí seo nach gceadaíonn síneadh fada agus a chuireann ainmneacha Gaeilge go leor as a riocht ar fad dá réir.

I ndiaidh don Choimisinéir Teanga an scéal a fhiosrú mar chuid d’imscrúdú dá chuid, gheall Iarnród Éireann go gcuirfí córas nua i bhfeidhm a ghlacfadh leis an síneadh fada. Fadhb theicneolaíochta ba chúis leis an neamart, a dúradh, ach bhíothas ag obair ar réiteach na faidhbe.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nár cheart go mbeadh córas nach n-aithníonn an síneadh fada curtha isteach an chéad lá ag an gcomhlacht.

“B’ait liom go gcuirfeadh comhlacht poiblí in Éirinn córas comharthaíochta isteach nach bhféadfadh ainmneacha paisinéirí atá sa teanga náisiúnta a léiriú go cruinn ná an dínit agus an chúirtéis a thabhairt dá phaisinéirí a n-ainmneacha Gaeilge a litriú mar a tugadh d’Iarnród Éireann iad,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Léirigh an t-imscrúdú nach raibh córas oiriúnach ná sásúil i bhfeidhm ag Iarnród Éireann trí chéile chun a chinntiú go mbítear ag cloí leis na dualgais reachtúla teanga atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus faoin Acht Iompair, 1950.

Faoi dheireadh na bliana 2017 bhí fiosrúchán déanta ag oifig an Choimisinéara Teanga le hIarnród Éireann faoi 22 gearán a bhain le comharthaí agus gan freagra sásúil faighte ón gcomhlacht poiblí faoi aon cheann acu.  Bhí an scéal amhlaidh in ainneoin go ndearna Oifig an Choimisinéara deich gcinn de na fiosrúcháin sin os cionn bliain roimhe sin.

Bhain 21 de na gearáin a bhí faoi chaibidil in imscrúdú an Choimisinéara le comharthaí buana i stáisiúin traenach.

De réir thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara ba chosúil nár thuig Iarnród Éireann gur chóir fiosrúcháin a fhreagairt go pras agus go críochnúil. Dúradh chomh maith ago raibh an chuma ar an scéal gur cheap Iarnród Éireann go bhféadfaidís comharthaí a bhí ag sárú an dlí a chur ina gceart de réir mar a d’oir sé dóibh féin agus ag brath ar acmhainní a bheith ar fáil.

Is de bharr shiléig an chomhlachta ina gcuid freagraí agus an easpa comhoibrithe uathu a chinn an Coimisinéir, a dúirt sé, an t-imscrúdú a reáchtáil.

Tá an dualgas atá ar Iarnród Éireann maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí buana i bhfeidhm ó 1950. Dá bharr sin, agus i bhfianaise líon ard na gcomharthaí lochtacha, chonacthas don Choimisinéir gurbh fhéidir nach raibh aon chóras ag an gcomhlacht iompair lena chinntiú go raibh a gcuid comharthaí ag cloí leis an reachtaíocht ná le comharthaí a cheartú nuair ba ghá.

“Tá comharthaíocht ina gné thábhachtach dá chuid oibre féin agus d’fheiceálacht bheartas dátheangachais an Stáit araon.

“Níor mhiste, dá bhrí sin, beartais láidre, shoiléire a bheith i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí agus straitéisí éifeachtachta a bheith ann chun na beartais sin a neadú agus a normalú i gcultúr oibre na heagraíochta ionas go gcomhlíonfaí iad gan cheist agus go laghdófaí an oiread agus is féidir na hócáidí ina ndéantar neamart,” a deirtear i dtuarascáil an Choimisinéara.

Le linn don imscrúdú a bheith faoi lán seoil, ceapadh Oifigeach Gaeilge in Iarnród Éireann agus aithníodh gur tháinig fheabhas ar an gcomhoibriú le hoifig an Choimisinéara ina dhiaidh sin.

Mhol an Coimisinéir go gceartófaí na comharthaí ab ábhar don imscrúdú laistigh de thrí mhí agus go gcuirfí córas ar bun le déileáil le dualgais reachtúla teanga.

Fág freagra ar 'Sárú dlí é gan síneadh fada a bheith ar ainm os cionn suíochán Iarnród Éireann'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Na rialacha seo i bhfeidhm ó 1950 agus fós gan cloí leo? An rud a deirtear ó bhéal agus nach gcomhlíontar…

  • Fearn

    Scaoil amach an Síneadh Fada!!