Saothar allabhrach, meidhreach ón saoiste Paul Thomas Anderson

Saothar maoithneach, greannmhar é Licorice Pizza faoi thréimhse agus áit ar leith le taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna

Saothar allabhrach, meidhreach ón saoiste Paul Thomas Anderson

Licorice Pizza
Stiúrthóir: Paul Thomas Anderson
Cliar: Alana Haim, Cooper Hoffman, Sean Penn, Tom Waits, Bradley Cooper, Benny Safdie

Saoiste ar leith é Paul Thomas Anderson a bhfuil saothair shuaithinseacha amhail Boogie Nights (1997), Magnolia (1999) agus There Will Be Blood (2007) tugtha ar an bport aige i gcaitheamh na mblianta. Tá ocht n-ainmniúchán Oscar gnóthaithe aige as feabhas a chuid saothar; trí cinn scríbhneoireachta agus dhá cheann don stiúradh agus don scannán is fearr araon. Gaisce nach beag an méid sin óir nach bhfuil ach naoi bhfadscannán tagtha uaidh san iomlán, an saothar seo Licorice Pizza san áireamh.

Bhí an t-aisteoir cumasach Philip Seymour Hoffman, nach maireann, i dtrí cinn de na saothair sin agus sé a mhac siúd, Cooper, atá sa phríomhról sa scannán seo a thugann siar sinn go Gleann San Fernando i 1973. Sé an Gleann céanna fód dúchais Anderson agus an suíomh a bhí ag Boogie Nights.

Dá bharr tá an saothar lán le maoithneachas ach tá craiceann an réalachais air ag an am céanna. Tá Anderson ar a chroí díchill ag iarraidh atmaisféar agus cuma na tréimhse sin a thabhairt leis idir éadaí, stíleanna gruaige, ábhar cainte is ábhar nuachta. Go deimhin tharraing sé fearas scannánaíochta faoi leith chuige féin le cuma scannánaíochta na tréimhse a chur ar an saothar.

Aisteoir é Gary Valentine (Hoffman) ó bhí airde glúin fir ann rud a fhágann go bhfuil sé seanchríonna, coráistiúil.

Tá na cúig bliana déag slánaithe aige, é tite chun feola agus chun aicne. Tuigeann sé go bhfuil a shaol aisteoireachta ag teacht chun deiridh. Buachaill é a chreideann sa seanrá go bhfuil na seifteanna ann ach cuimhneamh orthu agus i dtosach báire tosnaíonn sé ag díol leapacha uisce.

Fan na slí buaileann sé leis an gcúntóir grianghrafadóireachta Alana Kane (Haim) atá cúig bliana ar fhichid agus cuirtear gaol ceanúil ait sa tsiúl eatarthu in ainneoin deich mbliana a bheith eatarthu.

 

Dar liom go raibh blas míchuí ar an gcuid seo. Ní thuigim canathaobh ná féadfadh sé féin a bheith ábhairín níos óige agus í siúd ábhairín níos sine mar aon le cúpla bliain de thréimhse a chur isteach le cuma na maitheasa a chur ar chúrsaí ach gan an scéal a chur ó mhaith.

Bíodh sin mar atá leanaimid an bheirt agus cad é scréipeanna greannmhara ag breith orthu. Ní hé go bhfuil scéal faoi leith anseo nó eachtraí móra cinniúnacha ach an bheirt ag fálróid leo agus iad ag iarraidh a n-áit d’aimsiú sa saol corraitheach a bhí timpeall orthu. Sinne ag sodar ina ndiaidh. Géarchéim fuinnimh na tréimhse sa chúlra agus trácht á dhéanamh go caolchúiseach ar homafóibe agus gnéasachas na tréimhse.

I radharc amháin tugann grianghrafadóir bos sa tóin do Alana, rud a chuireann as di ach ní dheineann sí, mar nach féidir léi, faic faoi.

Tugann Hoffman agus Haim taispeántais iontacha uathu; iad daonna, réalaíoch agus caithiseach. Cad é carúil dheisbhéalacha á gcaitheamh acu. Seo an chéad fhadscannán ó Hoffman nach bhfuil ach naoi mbliana déag d’aois agus is cinnte go gcífimid arís é.

Tá caimeonna breátha againn ó Sean Penn, atá bunaithe ar aisteoir ficseanúil cnagaosta, agus Bradley Cooper, a dhéanann seó bóthair ceart den léiritheoir Jon Peters. D’fhéadfaí a shaothar féin a bhronnadh ar Cooper/Peters.

Saothar maoithneach, greannmhar faoi thréimhse agus áit ar leith le taispeántais bhreátha ón mbeirt cheann feadhna.

Fág freagra ar 'Saothar allabhrach, meidhreach ón saoiste Paul Thomas Anderson'