Tá tairiscintí á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ó shainchomhairleoirí le plean teanga a réiteach do chathair na Gaillimhe, de réir fhorálacha an Achta Gaeltachta 2012.
Bhunaigh an chomhairle cathrach Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh (CSPT Gaillimh) i gcomhar leis an eagraíocht teanga Gaillimh le Gaeilge níos túisce i mbliana leis an bpróiseas pleanála a threorú, agus tacaíocht a thabhairt dó. Tá ionadaithe ar CSPT Gaillimh ón earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach, agus ó earnálacha na hoibre pobail agus na hoibre deonaí.
Tá ‘sainchomhairleoir’ anois á lorg leis an bplean a chur i dtoll a chéile. Is í an aidhm a bheidh ag an bplean ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail i gcathair na Gaillimhe.
Leagfar amach sa phlean “tionscadail phraiticiúla” a bheidh “éifeachtach ó thaobh costais de” a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn mar ghnáth-theanga laethúil sa chathair “ionas go bhfíorófar stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann”.
Fógraíodh ag tús na bliana 2016 go mbronnfadh an chomhairle cathrach ‘stádas dátheangach’ ar an gcathair Lá Fhéile Pádraig na bliana seo caite. Is mar thoradh ar an bhfógra sin a ceapadh CSPT Gaillimh.
Dúirt Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Ailish Bhreathnach, go bhfuil súil ag an gcomhairle plean a bheidh “ceannródaíoch” a chur i bhfeidhm.
“Tá an Chomhairle an-sásta a bheith páirteach sa tionscnamh seo do Chathair na Gaillimhe. Tabharfaidh sé struchtúr éifeachtach agus bonn acmhainní do phleanáil teanga inbhuanaithe i gCathair na Gaillimhe don tréimhse 2019-2026 agus thairis sin.
“Ós rud é nár tharla a leithéid i gceantar na cathrach roimhe seo, táimid an-fheasach ar na féidearthachtaí atá ann agus tá súil againn a bheith ceannródaíoch leis an tionscnamh agus múnla dea-chleachtais do phleanáil teanga in Éirinn a chruthú agus a chur i bhfeidhm,” a dúirt sí.
Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge gur “tréimhse spreagúil” atá amach roimh Ghaillimh ach go bhfuil go leor oibre le déanamh.
“Is tréimhse spreagúil a bheas anseo, ní hamháin don Ghaeilge, ach do Chathair na Gaillimhe chomh maith. San athbhliain, is é ceann de na príomhchuspóirí a bheas againn mar bhaill de Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Gaillimh ná plean teanga a ullmhú do Chathair na Gaillimhe.
“Tá go leor oibre le déanamh, ach le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ár gCairde agus eagraíochtaí ar leith, beimid cinnte de phlean rathúil dár gCathair. Is é an dúshlán is mó a bheas ann ná na hacmhainní cuí atá de dhíth a fháil leis an bplean a chur i bhfeidhm,” a dúirt sí.
Tá maoiniú €20,000 faighte ó Fhoras na Gaeilge do phlean teanga chathair na Gaillimhe agus cuirfidh an chomhairle cathrach an tsuim chéanna ar fáil lena chur i bhfeidhm.
Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, le Tuairisc.ie go mbeidh an plean teanga “dírithe ar na riachtanais atá ag Gaeilgeoirí na cathrach”.
“Beidh muid ag súil le seirbhísí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon. Tá muid ag súil go mbeifeá in ann dul isteach sa chathair agus a fheiceáil gur cathair dhátheangach í, ní hamháin ó chomharthaíocht agus ó na siombailí sa chathair, ach go mbeadh na seirbhísí ar fáil freisin. Beidh ionchur ag gach duine sa phlean, beidh sé bunaithe ar na riachtanais atá ag Gaeilgeoirí na cathrach, ag na custaiméirí,” a dúirt sí.
Idir an dá linn, tá €50,000 ceadaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do Ghaillimh le Gaeilge don bhliain 2018. Dúirt Ní Chonghóile le Tuairisc.ie go bhfuil an maoiniú breise sin fíorthábhachtach chun foireann na heagraíochta a choinneáil go lánaimseartha agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na cathrach.
Fág freagra ar '‘Sainchomhairleoir’ á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le moltaí a dhéanamh do phlean teanga na cathrach'