Na ceithre chúige ag cur chun páirce san URC 

Dhá chluiche a bheas á n-imirt anocht, ceann idir Ulaidh agus Caerdydd i mBéal Feirste agus Dún Éideann i gcoinne Chonnacht in Albain

Na ceithre chúige ag cur chun páirce san URC 

Cúige Chonnacht. Pictiúr: James Crombie

De barr scíth a bheith sa gcomórtas Sé Náisiún tá deis clár iomlán na gcluichí URC a imirt an deireadh seachtaine seo. Dhá chluiche a bheas á n-imirt anocht idir Ulaidh agus Caerdydd i mBéal Feirste agus Dún Éideann i gcoinne Chonnacht in Albain.

Maidir leis an gcluiche i mBéal Feirste, is deacair teacht ar aon tráchtaire, mé féin san áireamh, atá ag tabhairt seans ar bith do na cuairteoirí, foireann atá deich n-áit agus dhá phointe agus fiche taobh thiar de na hUltaigh faoi láthair.  Seans go mbeidh na hUltaigh ag iarraidh cur leis an gcáil atá cruthaithe acu agus iad ag imirt sa mbaile, go háirithe agus iad i gcoinne foireann nár éirigh leo a rithim chuí a aimsiú fós an séasúr seo agus trí chluiche as seacht n-iarracht caillte acu.

Port eile ar fad a bheas i nDún Éideann sa gcoimhlint idir Cúige Chonnacht agus foireann an bhaile sin. Níl ach spás amháin idir na foirne seo, Dún Éideann chun cinn sa gcúigiú háit ach sé phointe níos fearr ná Connachta cé go bhfuil cluiche breise imeartha ag fir an iarthair. Mar sin féin, is cinnte gur spreagadh iontach a bheidh sa mbua a fuair foireann na Gaillimhe ar Stormers na hAfraice Theas agus iad d’uireasa Jack Carty an deireadh seachtaine seo caite. Tabharfaidh filleadh Jack tuilleadh misnigh dóibh sa gcoimhlint anocht, go háirithe agus na hOspreys ag drannadh leo sa seachtú háit.

Beidh Cúige Laighean, foireann a bhí caithréimeach sa mbaile an deireadh seachtaine seo caite agus atá ar bharr an tábla faoi láthair san Iodáil ag imirt i gcoinne Treviso amárach. Sa deichiú háit atá foireann na hIodáile ach beidh siad d’uireasa go leor dá gcuid imreoirí chéad rogha de bharr chomórtas na Sé Náisiún.

Cé go bhfuil Laighin sa mbád céanna tá doimhneacht imreoirí acusan nach bhfuil ag mórán foirne eile. Fós féin, caithfidh foireann Leo Cullen a bheith an-chúramach ar fad, ní raibh a gcuid imeartha thar mholadh beirte ag an deireadh seachtaine agus iad sa mbaile i gcoinne Lions na hAfraice Theas.

Amárach freisin, cuirfidh na Muimhnigh, dream atá sa gceathrú háit ar an tábla, fáilte roimh Dragons na Breataine Bige, foireann atá i bhfad siar sa gcúigiú háit déag agus gan ach an t-aon bhua amháin cláraithe acu sa gcomórtas go dtí seo. Is leor a rá gur ábhar ollmhór iontais a bheas ann mura n-éireoidh le Cúige Mumhan bua le pointe bónais a chinntiú.

Fág freagra ar 'Na ceithre chúige ag cur chun páirce san URC '