Roy Keane, Saipan agus cluastuiscint na Gaeilge san Ardteist

Nuair a cuireadh Roy Keane abhaile ó Saipan 20 bliain ó shin, ní hamháin gur chuir sé foireann na hÉireann as a riocht, bhí imní ann go gcuirfeadh an eachtra as dóibh siúd a bhí ag tabhairt faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste freisin

Roy Keane, Saipan agus cluastuiscint na Gaeilge san Ardteist

Fiche bliain ó shin, chuir conspóid Saipan saol na hÉireann trína chéile agus chuir sé scrúdú Gaeilge na hArdteiste as a riocht chomh maith.

Cothrom an ama seo in 2002, bhí oifigigh sa Roinn Oideachais trína chéile faoi mhír sa chluastuiscint a bhí mar chuid de Pháipéar I den scrúdú Gaeilge, mír ina raibh tagairt shonrach do Roy Keane a a bheith ag imirt d’Éirinn i gCorn an Domhain.

Mar chuid den chomhrá ina raibh triúr cairde ag caint ar chluichí na hÉireann sa chomórtas, dúradh gurb é Keane an phríomhchúis go raibh áit bainte amach ag Éirinn ann. Faoin am gur shuigh daltaí Ardteiste na tíre síos chun éisteacht leis an mír, áfach, bhí tús curtha ag foireann na hÉireann le Corn an Domhain agus bhí Roy Keane sa bhaile i Manchain.

Deir Muireann Ní Mhóráin, iarPhríomhfheidhmeannach COGG, a bhí ag obair ar fhoireann cigireachta na Roinne Oideachais ag an am, go raibh sé ina raic faoin mír cluastuisceana nuair a tháinig an scéal go raibh Keane imithe abhaile roimh thús an chomórtais mar gheall ar aighneas idir é féin agus bainisteoir na foirne Mick McCarthy.

Míníonn sí go raibh an triail chluastuisceana taifeadta cúpla mí roimh na scrúduithe agus gur cuireadh isteach an mhír faoi Chorn an Domhain, a bhí le reáchtáil sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas, chun iarracht a dhéanamh í a dhéanamh “suas chun dáta”.

Nuair a tharla sé nach mbeadh captaen na foirne ag imirt ann ar chor ar bith agus é curtha abhaile, deir Ní Mhóráin go raibh imní orthu sa Roinn go gcuirfeadh an tagairt do Keane scoláirí ar strae i ndiaidh na conspóide uile a bhí ann mar gheall ar an scéal.

Socraíodh go raibh bhí sé ródheireanach an mhír a athrú, ach, mar a tharla sé, ní raibh aon ghá d’oifigigh na Roinne an oiread sin imní a bheith orthu. Murab ionann agus eachtraí Saipan, ní raibh an oiread conspóide ag baint le cluastuiscint scrúdú Gaeilge na hArdteiste in 2002.

Tá an eachtra i Saipan ar cheann de na heachtraí ba conspóidí i stair spóirt na tíre. Ghlac foireann na hÉireann páirt i gcampa traenála ar an oileán beag san Aigéan Ciúin agus iad ag réiteach do Chorn an Domhain. Ní raibh Roy Keane, an captaen agus an t-imreoir ab fhearr ar an bhfoireann, sásta leis na hullmhúcháin, áfach, agus tar éis dó racht a scaoileadh leis an mbainisteoir Mick McCarthy, cuireadh Keane abhaile seachtain roimh an chéad chluiche.

Rinneadh iarrachtaí an scéal a réiteach agus bhí Bertie Ahern féin, a bhí ina Thaoiseach ag an am, páirteach san idirbheartaíocht ach níor thángthas ar réiteach agus d’imir Éire i gCorn an Domhain d’uireasa Roy Keane.

Fág freagra ar 'Roy Keane, Saipan agus cluastuiscint na Gaeilge san Ardteist'